Réaltnéal an Phortáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarmhar réalta a chonaic réalteolaithe Síneacha ag pléascadh go mórthaibhseach i 1054, rud nár breathnaíodh san iarthar. D'ainmnigh William Parsons an réaltnéal i 1848. Léiríonn na grianghrafanna de gréasán achrannach filiméad mórthimpeall ar an néal lonrach. Ollnóva a bhí sa phléascadh seo: chaith sé amach a chisil sheachtracha agus d'fhág neodrónréalta dhlúth ag a lár, a fheictear anois mar phulsár a rothlaíonn 30 uair gach soicind.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Réaltnéal an Phortáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 534.