Próiméitiam
| Próiméitiam | |
| Siombail Cheimiceach | Pm |
| Uimhir Adamhach | 61 |
| Meáchan Adamhach | [145] g·mol-1 |
| Grúpa, Peiriad | -, 6, f |
| Dlús | 7.26 g·cm−3 |
| Sraith Cheimiceach | Lantanóidigh |
Ceann de na lantanóidigh is ea an próiméitiam (Pm an tsiombail cheimiceach) agus é ar an t-aonú dúil is trí scór sa tábla peiriadach. Dúil radaighníomhach atá ann, cé go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na miotail thrasúránacha - níl oiread is aon iseatóp amháin aige nach mbeadh radaighníomhach. Is é 145Pm an t-iseatóp is cobhsaí atá aige, ach níl sé féin fadsaolach - tá sé beagnach ocht mbliana déag ar leathré.
Bíonn iarsmaí beaga próiméitiam le fáil sa dúlra, de thoradh eamhnú spontáineach an úráiniam. I lár na seascaidí tháinig an tOllamh Fionlannach Olavi Erämetsä ar phróiméitiam in eiseamal apaitíte ó Leithinis Kola in iarthuaisceart na Rúise.
Is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta ag an bpróiméitiam ina chuid comhdhúl, agus mar sin, is féidir a rá gur lantanóideach tipiciúil é. Miotal lonrach é go bunúsach, ach nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer, gheobhaidh sé brat ocsaíde de réir a chéile - is í an trí-ocsaíd dé-phróiméitiam atá ann, nó Pm2O3. Nuair a théifear próiméitiam suas go 150 °C, rachaidh sé trí thine, ionas go bhfaighfear an ocsaíd chéanna. Tá an próiméitiam sách leictridheimhneach - is é sin, tá sé de chlaonadh ann na fiúsleictreoin a thabhairt ar iasacht do dhúile níos leictridhiúltaí agus lucht deimhneach leictreachais a ghlacadh chuige sna comhdhúile. Mar sin, nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an uisce, imoibreoidh sé leis, ionas go gcruthófar hiodrocsaíd, Pm(OH)3. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual dó sna comhdhúile seo go léir ná +III: trífhluairíd PmF3, tríchlóiríd PmCl3, tríbhróimíd PmBr3, trí-iaidíd PmI3.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Próiméitiam |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.