Tíotán (gealach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochTíotán 
Cineálgealach de chuid Satairn agus gnáthghealach
FionnachtaíChristiaan Huygens[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana25 Márta 1655
EapainmTíotán
Réad tuismitheoraSatarn
Sonraí fithiseacha
Apaipsis1,257,060 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis1,186,680 km Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a1,221,870 km
Éalárnacht e0.0288
Tréimhse fhithiseach P15.945421 d
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga2,574 km Cuir in eagar ar Wikidata
Mais134.518 Yg[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús1.8798 g/cm³[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.22 Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag Satarn, agus é ar an dara gealach is mó sa ghrianchóras ar fad. Is é Tíotán an t-aon ghealach amháin a bhfuil atmaisféar substaintiúil aici, rud a choinnigh a dhromchla ceilte ar na réalteolaithe ar feadh i bhfad. Nítrigin, N2, is mó atá san atmaisféar (98.4%). Tá an fuíoll comhdhéanta as an meatán CH3 agus as hiodracarbóin eile, chomh maith le comhdhúile simplí hidrigine, nítrigine agus carbóin (cianaigin C2N2, abair, nó ciainíd hidrigine, HCN). Mar gheall ar dhlúithe an atmaisféir, is é an t-aon rinn néimhe sa ghrianchóras seachas an domhan ar a bhfuil aibhneacha, lochanna agus mara gníomhacha ar a dhromchla. Tá na gnéithe seo déanta as na hiodracarbóin céanna is atá an atmaisféar.

Tá Tíotán 50% níos mó ná ár nGealach féin ar trastomhas, agus 80% níos troime ná í. Is é Ganymede an t-aon satailít nádúrtha amháin sa ghrianchóras a sháraíonn méid Tíotán, agus tá Mearcair níos lú ná Tíotán, cé go bhfuil sé níos troime. Ba é an réalteolaí Ollannach Christiaan Huygens a chuir an chéad sonrú riamh i dTíotán, thiar sa bhliain 1655.

Taiscéalaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pioneer agus Voyager[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Pioneer 11 an chéad spástaiscéalaí a thug cuairt ar Shatarn sa bhliain 1979. Ghlac an tóireadóir grianghraif den gheallach, ach ní raibh siad d'ardchaighdeán. I dtús na hochtóidí, bhain na tóireadóirí Voyager 1 agus 2 an Satarn amach, agus bhí siad in ann tuilleadh sonraí a fháil faoin gheallach is mó, agus faoin atmaisféar go háirthe. Bhí scamaill na gealaí ró-thiubh ag an am sin le feacáil cad é a bhí fúthu, agus ní dheachaigh aon de na tóireadóirí luatha seo i bhfithis an phláinéid nó Tíotáin féin le bheith in ann fáil amach níos mó.

Cassini-Huygens[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thimpeallaigh an taiscéalaí úd Cassini an phláinéid ón 1 Iúil 2004 go deireadh a mhisin sa mhí Mheáin Fómhair 2017. Mar chuid den mhisean, scaoileadh an miontóireadóir Huygens ó Cassini, agus seoladh go scamaill Tíotáin é. Ghlac Huygens grianghraif dá thitim agus den áit ar a thuirling sé, agus rinne sé taifead fuaime ó ghaotha an atmaisféir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
  2. 2.0 2.1 DOI: 10.1086/508812.