Ixion

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is réad de chuid Chrios Kuiper é Ixion. Cuireadh an chéad sonrú in Ixion i Mí na Bealtaine den bhliain 2001. Cosúil le Plútón, tugann Ixion dhá thuras timpeall na Gréine san am céanna a thógann sé ar Neiptiún trí thuras den chineál chéadna a chur de. Mar sin, is plúitíonó é, cosúil le ceann as gach ceathrar de na réadanna i gcrios Kuiper atá tugtha faoi deara ag na saineolaithe go nuige seo.

Níl mórán eolais ann faoin gcosúlacht atá ar Ixion. Tá sé míle cúig chiliméadar déag agus dhá scór (1055 km) ar trastomhas, is é sin, ar aon mhéid le Tethys, ceann de ghealacha Shatarn. Is é an t-aon rud spéisiúil é faoi Ixion, b'fhéidir, ná gur thaispeáin an speictreascópacht gurb é an carbón an dúil is suntasaí ar a dhromchla.

Tagairtí[athraigh | edit source]

athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris