Speictreascópacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar na leibhéil fuinnimh in adaimh is móilíní, ag baint feidhm de ghnáth as radaíocht leictreamaighnéadach asúite nó astaithe. Táirgeann leictreoin ó sceallaí inmheánacha an adaimh speictrim sa réigiún X-ghathach. Táirgeann na leictreoin sheachtracha speictrim solais infheicthe. Táirgeann rothlú is crith móilíní speictrim infridhearga. Tugann luainíocht móimintí maighnéadacha núicléacha speictrim tonn raidió. Baintear feidhm as an-chuid saghsanna speictreascópachta, go minic chun struchtúr ábhair anaithnid a dhéanamh amach nó láithreacht ábhair aithnid a bhrath.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Speictreascópacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 617.