Santiago de Compostela

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Is é Santiago de Compostela príomhchathair Chomhphobal fhéinrialaitheach na Gailíse. Tá sé suite in iarthuaisceart na Spáinne i gcúige A Coruña. Is í an ardeaglais ceann sprice na hoilithreachta a dtugtar Camino de Santiago uirthi. Ba Cathair San Séam an t-ainm a bhi ag na Gaeil ar an áit sa Mheánaois. [1]

Deirtear go dtagann an t-ainm compostela ó campus stellae na Laidine, i.e. "faiche réalta", rud a fhágann go gciallaíonn Santiago de Compostela "Naomh Séamus na faiche réalta". Tá baint ag an ainm leis an scéal gur tugadh cnámha Naomh Séamas anall ón Meánoirthear go dtí an Spáinn, áit ar cuireadh iad agus a bhfaca aoire réalt os a gcionn. Tógadh eaglais san áit agus ardeaglais ina dhiaidh sin.

Ardeaglais Santiago de Compostela

Tá an ardeaglais in aice chearnóg mhór na seanchathrach. Ar an taobh eile den chearnóg tá Pazo de Raxoi (Pálás Raxoi), halla na cathrach agus áit chruinnithe Xunta (rialtas) na Gáilíse. Ar thaobh na láimhe deise de staighre na hardeaglaise tá Hostal dos Reis Católicos, óstán a thóg na Monarcaí Caitliceacha Isabella I agus Ferdinand II do na hoilithrigh (anois is parador é).

Tá clú ar Ollscoil Santiago freisin.

Baisteadh ceann d'oird mhíleata na Spáinne, Ord Santiago, as an gcathair (ar nós Calatrava, Alcantara agus Montesa).

Tá sí ar an gcathair is mó báisteach san Eoraip de bhárr na gaoithe láidre aniar ón Aigéan Atlantach agus na sléibhte a bheith timpeall air.

Inniu féin tugann oilithrigh as gach cearn a n-aghaidh ar an gcathair ar son thaisí an Naoimh.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Seán de Fréine, Ciste Cúrsaí Reatha, lch. 186