Murcia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réigiún Murcia
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunitat Autònoma de la Región de Murcia
Bratach Murcia Armas Murcia
Bratach Armas
Suíomh Murcia
Tír An Spáinn
Príomhchathair Murcia
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Aintiún
Rialtas
 • Uachtarán

Ramón Luis Valcárcel Siso (PP)
Achar
 • San iomlán
 
11,313 (9ú) km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
1,470,069 (10ú)
130/km2/km²
3% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
10 (as 350)
4 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Tá an comhphobail féinrialaithe de Murcia (Spáinnis: Comunidad Autónoma de la Región de Murcia) in iardeisceart na Spáinne idir Andalucía agus Comhphobal Valencia ar cósta an Méanmhuir.

Níl ach cúige amhain sa réigiún rud as an ghnáth do réigiúin na Spáinne. De bharr seo oibríonn rialras na réigiúine agus na comhphobaile mar aonad amhain. Is í cathair Murica príomhchathair na cúige.

Ta teorainn aici le Andalucía (na cúigí Almería agus Granada); Castilla-La Mancha (an cúige Albacete), a bhí ceangaillte go stáiriúl le Murcia go dtí an bhliain 1833; Comhphobal Valencia (an cúige Alicante); agus an Mhéanmhuir. Is é Revolcadores (2015 m) an sliabh is mó san ait.

Tá achar 11,313 km² ag an réigiún agus daonra 1.2 million, trian acu ina gconaí sa phríomhchathair. Tá 48 contae sa réigiún ina measc Los Alcázares, Caravaca de la Cruz, Cartagena, San Pedro del Pinatar agus ar ndóigh Murcia.

Solathraíonn an réigiún torthaí, glasráí, agus blathanna don tír agus chuid eile na hEorpa. Ta fíon iontach le fáil in aice na mbailte Bullas, Yecla, agus Jumilla, comh maith le na hola olóige in aice Moratalla. Go ginirealta, ait teo is ea Murcia agus dá bharr is ait oiriúnach í don talmhaíocht. Is beagán frasaíocht atá ann áfach, agus bíonn solathar uisce mar fhadhb mór san ait, go háirithe ó thaobh na tuarasóireachta de. Gan an dara rogha a bheith acu, tógtar uisce ón Río Segura (an abhainn is thruaillithe san Eoraip).

Stair[athraigh | edit source]

Thosaigh na Cartaigh póirt trádála ar an gcósta ag Cartagena, glaodh na Rómhánaigh Carthago Nova uirthi. Cheap na Chartaigh go raibh an Spáinn mar chuid den Impireacht a bhí acu. Bhí Murcia na Rómhánaigh mar chuid den cúige Hispania Carthaginensis. Faoi na Múraigh (a thóg isteach Eolaíocht an uiscithe rud a bhfuil talamhaíocht ag brath ar) glaotar Moors Todmir ar an réigiún, i measc na cathracha a bhí ann bhí Orihuela, Lorca, Mula agus Chinchilla de réir Idrisi sa 11ú aois.

Tháinig an Ríocht neamhsplachas de Murcia i bhfeidhm mar taifa lena lár sa cathair Múrach Murcia tar eis titm Omayyad Caliphate ó Córdoba (11ú aois). Bhí Albacete agus chuid de Almería san áireamh sa Taifa Múrach seo. I ndiadh Cath Sagrajas sa bhliain 1086 thóg an ríshliocht Almoravid nó taifas go léir nuair a athaontaíodh an Spáinn Muslamach. Ghéill an rí Múrach de Murcia sa bhliain 1243 chuig Ferdinand III Ó Castile. Mar ba gnáth díshealbhaíú na Muslamaigh óna cathair.

Roinn Alfonso X Ó Castilla, an ríocht i trí chuid chun riaracháín na réigiúna a dhéanamh níos easca. Tugahd riail na trí réigiúin go dtí concejos de realengo, uasile eile a bhí pairteach sa Reconquista agus na Grupaí Míleata a bhúnaíodh sa 11ú aois. Gabh Alfonso an réigiún iomláín sa bhliain 1266, agus d'fhán sé mar ríocht vasáilleach go dtí na leasúcháin leis an mbunracht liobrálach sa bhliain 1812. Leis an córas nua féinrialaithe sa bhliain 1982, rinneadh comhphobal de Murcia.

Teanga[athraigh | edit source]

Ta an Spáinnis a labhraítear sa réigiún beagáinín difriúl ó aiteanna eile. Faigheann Muircis (nó Panochó) réidh le focail a críochnaíonn le consain agus chuireann sé béim ar foclóireacht áitiúl, tagann alán den foclóireacht ó sean fhocail Araibis agus Aragóinis. Tá cósúlachtaí idir an canúint i Murcia agus na canúintí eile sa cúige Almería, Andalucía.

Tagairtí[athraigh | edit source]



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla