Homage to Catalonia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharHomage to Catalonia

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarGeorge Orwell Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ríocht Aontaithe, 1938 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirHarvill Secker
Tréith
PríomhábharCogadh Cathartha na Spáinne sa Chatalóin Cuir in eagar ar Wikidata
Seánradírbheathaisnéis Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaan Chatalóin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Archive.org: homagetocataloni00orwe_0

Is é Homage to Catalonia ("In ómós don Chatalóin") an cuntas a thug George Orwell ar Chogadh Cathartha na Spáinne mar a chonaic sé lena shúile cinn féin é. Tháinig an chéad eagrán den leabhar seo i gcló sa bhliain 1938. Chaith Orwell seal ina ghnáthshaighdiúir agus seal ina oifigeach sa Chatalóin agus san Aragóin ó Mhí na Nollag 1936 go dtí Mí an Mheithimh 1937. Sa deireadh thiar, áfach, b'éigean dó an tír a thréigean faoi dheifir, nó chuir an rialtas cosc leis an bpáirtí POUM, agus na daoine a raibh baint acu leis an bpáirtí á gcaitheamh i dtóin an phríosúin. Páirtí Cumannach a bhí ann nach raibh ag aontú le lucht leanúna Stailín, agus nuair a d'éirigh na Cumannaigh Stailíneacha láidir i rialtas na Spáinne, thosaigh siad ag déanamh géarleanúna ar lucht na heite clé den chineál "mhícheart". Bhí Orwell ag troid i dtrúpaí an pháirtí POUM, agus mar sin, bheadh sé in an-dainséar dá bhfanfadh sé sa Spáinn, ansin.

Fuair Orwell deacair an leabhar a fhoilsiú ar dtús. Na saothair a tháinig óna pheann go dtí sin, b'é an Left Book Club ("Club Leabhar na hEite Clé"), fiontar foilsitheoireachta Victor Gollancz, a d'fhoilsigh iad. Ní raibh Gollancz sásta Homage to Catalonia a chur i gcló, áfach, ós rud é go raibh sé chomh mór sin bun os cionn leis an gcur síos a thug na hintleachtóirí Cumannacha ar an gcogadh. Mar sin, b'éigean dó dul i dtuilleamaí Secker & Warburg, teach foilsitheoireachta a bhí sásta leabhair a fhoilsiú a bheadh ag lochtú ceachtar de dhá dheachtóireacht mhóra na linne. B'é an gnólacht seo a d'fhoilsigh an chuid eile de shaothar Orwell freisin, agus d'éirigh Orwell mór leis an bhfoilsitheoir, Fredric Warburg.