Lluís Companys

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh cuimhneacháin (Companys agus a bhean céile) Barcelona

Ba pholaiteoir Catalónach é Lluís Companys i Jover (El Tarròs (An Chatalóin), 21 Meitheamh 1882 - Barcelona, 15 Deireadh Fómhair 1940) a bhí ina Uachtarán ar rialtas féinstiúrtha na Catalóine nó Generalitat de Catalunya, le linn Dara Poblacht na Spáinne. Polaiteoir Sóisialach a bhí ann agus é i gceannas ar Pháirtí Clé Poblachtánach na Catalóine, nó Esquerra Republicana de Catalunya. Chuir Franco deireadh le féinrialtas na Catalóine sa bhliain 1939, tar éis Cogadh Cathartha na Spáinne a bhuachan dó. Theith rialtas na Catalóine go dtí an Fhrainc, ach nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh an Fhrainc i dtús an Dara Cogadh Domhanda, tháinig an Gestapo ar lorg Companys, agus ruaig siad as an bhFrainc go dtí an Spáinn é i Mí Mheán Fómhair sa bhliain 1940. Lámhachadh é i gCaisleán Montjuïc ar 15 Deireadh Fómhair 1940. Tugadh a ainm ar an staid Oilimpeach i Montjuïc mar onóir iarbháis.