Dara Phoblacht na Spáinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba é Dara Phoblacht na Spáinne an rialtas a bhí ann sa Spáinn idir 14 Aibreán, 1931, nuair a theith Rí Alfonso XIII as an dtír, agus 1 Aibreán, 1939, nuair a ghéill fórsaí deireanacha na bpoblachtánach agus dílseoirí go fórsaí Franco (nó fórsaí Náisiúnacha) ag deireadh Chogadh Cathartha na Spáinne.

Bunreacht 1931[athraigh | edit source]

Bratach - Dara Phoblacht na Spáinne

An chéad gníomh a rinne an rialtas sealadach, ná toghcháin a bheith acu. Bhí na hionadaithe a thoghfaí le bunreacht nua Poblachtánach a scríobh. Glacadh le seo ar an 9 Nollaig, 1931. Thug an Bhunreacht seo saoirse liobrálach do na Spáinnigh. Freisin d'athraigh an Bhunreacht siombail na tíre. Bhí an t-amhrán Himno de Riego le bheith mar an t-Amhrán Náisiúnta. Don chéad uair tugadh féinrialú do réigiúin na Spáinne. I ndeireadh na dála níor aontaigh a lán daoine ón taobh dheis leis na hathruithe seo.

An Rialtas go dtí 1936[athraigh | edit source]

Fuair an PSOE an vóta is mó sa toghchán, chomh maith le páirtithe eile ón taobh clé. Bhí Manuel Azaña, ceannaire an pháirtí clé Acción Republicana, mar cheannaire ar an rialtas go dtí 1933, i gcomhrialtas leis an PSOE agus na páirtí eile ar an taobh clé. Rinne siad iarracht leasú difriúil a thógáil isteach ach theip orthu.

Bhí a lán daoine mí-shásta leis an rialtas agus bhí agóidí ar fud na tíre. Ar an 19 Samhain sa bhliain 1933 d'fhógair an rialtas toghcháin eile.

Bhí stailceanna ar fud na tíre toisc gur bhuaigh an taobh dheis na suíocháin is mó. Bhí Éirí Amach mór i measc na mianadóirí in Asturias, ach chuir Franco iad faoi chois tar éis tamaill.

Toghcháin 1936[athraigh | edit source]

Bhí toghcháin eile sa bhliain 1936, agus bhuaigh na sóisialaigh (Fronta an Phobail) le 263 i gcoinne 156 den Fronta Náisiúnta (ar an taobh dheis). Bhí Azaña arís mar uachtarán. Bhí foréigin idir an taobh clé agus an taobh dheis ag eirí níos measa. Le maruithe ar gach taobh, bhí an tír ag titim as a chéile. Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach in aghaidh an rialtais. Thosaigh an t-éirí amach sna coilíneachtaí Spáinneacha san Afraic ach go luath scaip sé ar fud na tíre. Ar dtús báire bhí fórsaí Franco ag iarraidh cumhacht a thógáil (coup d'êtat) ach níor thóg sé Maidrid in am, agus thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne.

Deireadh na Poblachta agus tús chogaidh[athraigh | edit source]

Bhí fadhbanna móra ag Dara Phoblacht na Spáinne. Chuir an spealadh domhanda, agus dí-fhostaíocht, isteach ar na oibreoirí agus dá bharr bhí siad ag éirí feargach don rialtas, agus d'éiligh siad i gcomhair níos mó leasú, chuaigh siad ar stailc agus chuir seo go mór le fadhbanna na tíre.

Freisin bhí an Faisisteachas tar éis fás sa Ghearmáin ags san Iodáil, chomh maith le fás an Chumannachais sa Rúis. Chuir seo go mór le smaointe na bpáirtithe éagsúil, ní dhearna siad iarracht réiteach a fháil chuaigh siad i dtreo an radacachais agus d'úsáid siad foréigean. Bhuaigh an taobh dheis na toghcháin sa bhliain 1933 agus ba bheag nár éirigh an taobh clé ina aghaidh. Nuair a maraíodh an t-oifigeach airm sóisialach José del Castillo bhris níos mó foréigin amach idir eatarthu agus maraíodh an polaiteoir José Calvo Sotelo ag lámha míleataigh den eite chlé.

Tá díospóireacht faoi chéard a tharla go cinnte. Deir an taobh dheis go raibh orthu éirí amach le stop a chuir le réabhlóidithe, cumannachas, foréigean, agus anord. Ach deir daoine eile go raibh plean ollmhór coup d'êtat á phleanáil ag an taobh dheis ar feadh tamaill fada agus gur thosaigh fás an Chumannachais dá bharr. Sin mar a bhfuil tar éis Cogadh Cathartha níl sé cinnte go díreach céard a tharla.