George Orwell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eric Arthur Blair
George Orwell press photo.jpg
Dáta breithe 25 Meitheamh, 1903
  Motihari, Bihar, India
Dáta báis 21 Eanáir, 1950
  Londain, Sasana
Ainm cleite George Orwell
Gairm Úrscéalaí, iriseoir
Seánra Ficsean, poileimic, iriseoireacht, cuimhní cinn, srl
Síniú
130px

Is é George Orwell ainm cleite Eric Arthur Blair, úrscéalaí Sasanach, 25 Meitheamh 1903 - 21 Eanáir 1950.[1] Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. Ba iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó. Aoir faoin Aontas Sóivéadach is ea an chéad cheann acu, agus é scríofa as peirspictíocht an tSóisialaí mheasartha nár thaobhaigh riamh leis an leagan Sóivéadach den chumannachas. An dara ceann acu, is úrscéal diostóipeach é, agus é ag trácht ar dhomhan na todhchaí atá roinnte idir trí mhórchumhacht ollsmachtúla. hAistríodh an dá leabhar go lear maith teangacha. Mar sin féin, bhí Orwell i ndiaidh seal maith a chaitheamh ina scríbhneoir roimhe sin féin, agus é ag scríobh iriseoireacht, aistí, úrscéalta agus, fiú, beagáinín filíochta.

Fear meánaicmeach ab ea Orwell a chuaigh leis an sóisialachas i ndiaidh an tseala a chaith sé ina phóilín impiriúil i mBurma. Chuaigh sé go dtí an Spáinn le páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha ansin, cosúil le cuid mhaith d'intleachtóirí clé a linne. Cé go raibh luí áirithe aige leis an Sóisialachas réabhlóideach, dhruid sé riamh siar ón gCumannachas, agus é, fiú, den tuairim gur "fórsa frithréabhlóideach" é an Páirtí Cumannach. Chuir sé go fíochmhar in aghaidh idé-eolaíochtaí ollsmachtúla na fichiú haoise, idir Naitsíochas agus Stailíneachas. Bhí tuiscint ghéarchúiseach aige d'éirim na hollsmachtúlachta, agus na coincheapa is na focail a chum sé le tagairt a dhéanamh do mheon na tíorántachta, ar nós an Deartháir Mór (Big Brother), an nuachaint (newspeak) agus araile, úsáidtear i gcónaí iad le cur síos a thabhairt ar an dóigh a gcoinníonn na deachtóirí intinn na saoránach faoi smacht.

A Shaol[athraigh | edit source]

Tús a shaoil agus a thuismitheoirí[athraigh | edit source]

Rugadh é i Motihari, Bengal san India, in aice le teorainn Neipeal. Ba iad a thuismitheoirí Richard Walmesley Blair agus Ida Mabel Blair née Limouzin. Bhí Richard Blair ag trádáil le codlaidín (óipiam), tráchtearra a bhí dleathach ag an am in Impireacht na Breataine. Cailín óg ab ea Ida Mabel nuair a casadh Richard uirthi, agus é ocht mbliana déag níos sine ná ise. Ba de mhuintir Limouzin í. Teaghlach seanbhunaithe i Moulmein, Burma, ab ea muintir Limouzin, agus iad ag tógáil long ansin. Mar sin féin, ní raibh ag éirí go rómhaith sa saol le hIda Mabel ach oiread le Richard, agus dealraíonn sé gur cleamhnas siosmaideach a bhí ann nach raibh na páisiúin mhóra ag baint leis.

Bliain i ndiaidh a bhreithe, 1904, thug a mháthair é féin is a dheirfiúr Marjorie ar ais go Sasana. D'fhan an t-athair thiar i Motihari, agus ní bhfuair an buachaill an chéad aithne air sula raibh sé naoi mbliana d'aois.

Na blianta scoile[athraigh | edit source]

Is deacair a rá, an raibh a chéad óige sona nó mí-ádhúil. Is follasach go ndeachaigh tíorántacht an tsaoil i scoil chónaitheach St. Cyprian's in Eastbourne go dona i bhfeidhm ar mo dhuine. Go gairid roimh a bhás, thug sé cur síos dúisitheach ar an am a chaith sé ag freastal ar St. Cyprian's ina aiste Such, Such Were the Joys.[2] (Bhaist sé Crossgates ar scoil St. Cyprian's san aiste le nach bhféadfaí clúmhilleadh a chur ina leith.) Ón taobh eile de, tháinig a bhua scríbhneoireachta chun solais go moch, agus thuill a chuid scríbhinní, go háirithe na dánta, moladh dó ó phríomhoide na scoile. D'fhreastail sé ar St. Cyprian's san am céanna le Cyril Connolly, scríbhneoir tábhachtach comhaimseartha eile, ach ní bhfuair an bheirt acu aithne cheart ar a chéile ach i bhfad i ndiaidh bhlianta na scoile.

Nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, d'imigh sé ó St. Cyprian's. Chaith sé leathbhliain i gColáiste Wellington i mBerkshire, go dtí go bhfuarthas áit dó i gcoláiste cáiliúil Eton, scoil na scothaicme. Níor éirigh go rómhaith leis in Eton, áfach, agus níor bhain sé amach aon scoláireacht ollscoile. Mar sin, chuaigh sé go Burma le seirbhís a dhéanamh sna Póilíní Impiriúla (Indian Imperial Police). Bhain sé amach Burma i ndeireadh na bliana 1922, nuair a bhí sé naoi mbliana déag d'aois.

Sna Póilíní i mBurma[athraigh | edit source]

Murab ionann agus an chuid ba mhó de thailte na hImpireachta, bhí Burma á rialú le lámh láidir mhíleata. Nuair a d'fhorghabh na Sasanaigh an tír sa dara leath den naoú haois déag, níor fhág siad aon rí dúchasach ná uasalaicme áitiúil in ainm is a bheith ag rialú na tíre, mar ba nós leo a dhéanamh san India. Bhí Burma á dúshaothrú ar dhóigh i bhfad ní ba bhrúidiúla ná an India, rud a chothaigh míshástacht agus meon ceannairce i measc mhuintir dhúchasach na tíre. Tá sé sábháilte a rá, mar sin, go bhfaca Orwell an taobh ba mheasa den Impiriúlachas i mBurma. Mar sin, is beag an t-ábhar iontais é gur ghlac sé snomh leis an gcóras impiriúil.

Ón taobh eile de, thug sé taithneamh do chultúr dúchasach Bhurma, agus é ag cur beospéise ann. Fuair sé tuiscint mhaith do theanga is do nósanna na tíre, rud is furasta a aithint ar an gcéad úrscéal leis, Burmese Days. Chuir sé an chuid ba mheasa d'obair an státseirbhísigh choilínigh i míotar in aistí cosúil le Shooting an Elephant[3] agus A Hanging.[4]

Ar an mBlár Fholamh i bPáras agus i Londain[athraigh | edit source]

D'éirigh Orwell as an obair sna póilíní coilíneacha i Mí Iúil den bhliain 1927. Chuaigh sé ar ais chuig a mhuintir i Suffolk. An bhliain a bhí chugainn, thug sé a aghaidh ar Pháras, áit a ndeachaigh sé le hiriseoireacht. D'éiríodh leis ó am go ham altanna a fhoilsiú ar pháipéir Shasanacha agus Fhrancacha, agus é ag tabhairt cur síos ar shaintréithre chultúr Shasana do na Francaigh nó ag tuairisciú faoi shaol na Fraince do na Sasanaigh. San am seo a bhailigh sé an t-eispéireas as ar fháisc sé an leath Fhrancach dá chéad mhórshaothar neamhfhicseanúil, Down and Out in Paris and London.[5] Tá an leabhar seo curtha i láthair an léitheora mar nach mbeadh ann ach lomlán na fírinne, ach is dealraitheach go bhfuil cuid mhaith seanchais agus scéalta faoi mhadraí na n-ocht gcos measctha trí fhíor-thaithí an scríbhneora. Rinne Orwell a dhicheall le craiceann na fírinne a chur ar an saol ar an mblár fholamh a ndeachaigh sé tríd, ach is é an tátal a bhain fear scríofa a bheathaisnéise ná nach raibh Orwell leath chomh bocht san am agus a thugann sé fios ina leabhar.

I ndiaidh dó conablach dhá bhliain a chaitheamh san Fhrainc, d'fhill Orwell go Sasana. Chaith sé seal ina theagascóir príobháideach, ach nuair a chaill sé an jab sin, chuaigh sé ag freastal ar na tearmainn do dhíthreabhaigh le mianach na scéalta a thiomsú le haghaidh na leithe Sasanaí de Down and Out in Paris and London.

Ba é Down and Out... an chéad leabhar leis a tháinig i gcló, ar an naoú lá de Mhí Eanáir 1933. Cheap sé an t-ainm cleite le haghaidh an leabhair seo. Fuair sé "Orwell" ó abhainn Orwell a ritheann trí Ipswich, agus thaitin "George" leis mar ainm fíor-Shasanach.

Tús na hÚrscéalaíochta[athraigh | edit source]

Ina dhiaidh sin, chrom sé ar a chéad úrscéal a scríobh, mar atá, Burmese Days. Le linn é a bheith i mbun na hoibre seo, bhí sé ag iarraidh suirí a dhéanamh le bean óg arbh ainm di Eleanor. Bhí sise i ngrá le fear eile, áfach, agus thug sí droim láimhe le hOrwell sa deireadh. Ba é an triantán grá seo a thug spreagadh don dara húrscéal a chum sé, mar atá, A Clergyman's Daughter.[6] Maidir leis an leabhar faoi Bhurma, chríochnaigh sé í sa bhliain 1933. Ós rud é gur thug sé cur síos thar a bheith criticiúil ar na státseirbhísigh Shasanacha i mBurma, áfach, ní raibh a fhoilsitheoir, Victor Gollancz, sásta an leabhar a chur i gcló, agus an eagla a bhí air go gcuirfí an dlí air faoi chlúmhilleadh agus an teach foilsitheoireachta ar fad a léirscrios air.

D'éirigh le hOrwell, áfach, an leabhar a fhoilsiú sna Stáit Aontaithe. Bhí an foilsitheoir Meiriceánach, Harper's, ar aon fhocal le Victor Gollancz go raibh an t-ábhar sách goilliúnach, agus leis an ionchúiseamh faoi chlúmhilleadh a chur ó dhoras roimh ré, b'éigean d'Orwell athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm ar an leabhar.

Go gairid ina dhiaidh sin, chrom Orwell ar an gcéad úrscéal eile, A Clergyman's Daughter. Níorbh é sin an leabhar ab fhearr a tháinig óna pheann, agus bhí Orwell chomh míshásta leis an úrscéal is nach gceadódh sé é a chur i gcló in athuair a fhad is a mhairfeadh sé féin beo. Níor hathfhoilsíodh an leabhar ar aon nós ach aon bhliain déag i ndiaidh bhás an údair. Go prionsabalta, tarraingíonn Orwell ar a shaol féin agus ar na daoine ina thimpeall agus é ag insint an scéil seo. Leabhar an-phríobháideach atá ann nach samhlófá le scríbhneoir poiblí polaitiúil cosúil le hOrwell. Más díol spéise é le haon duine, is é an príomhábhar suime atá ann ná an dóigh a gcaitheann an t-úrscéal seo súil ar mheon Orwell mar dhuine ar leith, mar phearsa indibhidiúil.

Ag Díol Leabhar - agus ag Pósadh[athraigh | edit source]

Plaic cuimhneacháin - Hampstead

Faoin am céanna, d'imigh Orwell go Hampstead. Roimhe sin, bhí sé ina chónaí i dteach a Aintín Nellie i Southwold. Réitigh an Aintín jab dó ag díol leabhar athláimhe i Hampstead, agus é breá sásta leis go raibh idir obair íoctha aige, agus buanchónaí air i Londain féin. Spreagadh don úrscéal Keep the Aspidistra Flying[7] ab ea an t-athrú seo, freisin. Is é an cineál leabhar atá ann ná cur síos ar shaol an scríbhneora atá ag iarraidh fódú éigin a dhéanamh sa saol liteartha. Bhí Orwell ag fáil tuiscint cheart ar an bhficsean faoin am seo. Mar sin, tá an t-úrscéal níos fearr ná A Clergyman's Daughter, agus é in ann stíl scigiúil, áiféiseach, íorónta a láimhseáil agus casadh greannmhar a bhaint as imeachtaí a shaoil fosta.

Mar ba dual dó, chuir Orwell cuimhní cinn a thréimhse ina shiopadóir leabhar i míotar in aiste bheag, Bookshop Memories.[8]

San am seo, bhí sé ag déanamh mórtachais lena sheanchara scoile Cyril Connolly arís. Bhí i bhfad níos mó glacadh le Connolly ná le hOrwell i gciorcail liteartha na heite clé san am seo, agus ba mhór an cuidiú le hOrwell an t-aitheantas áirithe seo. Bhí an pholaitíocht ag teacht isteach sa saol liteartha go tiubh téirimeach, agus an tAontas Sóivéadach ag cealgadh scríbhneoirí chuige le leabhair thaistil a chur ar pár. Ní dheachaigh Orwell leis an gCumannachas, áfach. Bhí cineál luí aige leis an ILP, nó Páirtí Neamhspleách an Lucht Oibre. Páirtí Marxach, réabhlóideach a bhí ann a raibh sé de chlaonadh ann intleachtóirí radacacha a mhealladh, nó má bhí an tILP drochamhrasach i dtaobh urraim neamhchriticiúil na gCumannach don Aontas Sóivéadach, ní raibh an páirtí sásta le Páirtí an Lucht Oibre ach an oiread, ó bhí aisling na réabhlóide tréigthe aige. Go bunúsach, ba é seo an seasamh polaitiúil a ghlac Orwell.

In Earrach na bliana 1935, tháinig athrú mór eile ar shaol Orwell, nó b'ansin a casadh Eibhlín Ní Sheachnasaigh (Eileen O'Shaughnessy) air. Múinteoir scoile de phór Ghaelach ab ea í a rugadh i South Shields i Tyneside, agus céim ollscoile aici sa Bhéarla ó Oxford. Bean fhuinniúil, ghreannmhar ab ea í a raibh idir theacht i láthair agus acmhainn oibre inti. Ní raibh Orwell i bhfad ag titim i ngrá léi, nuair a thosaigh sé ag caint ar chleamhnas agus ar phósadh. Sa bhliain 1936, dhá sheachtain roimh an lá ar shlánaigh sé trí bliana déag is fiche d'aois, phós Orwell Eibhlín.

Ag Cur Aithne ar an Lucht Oibre[athraigh | edit source]

Siúd is nach gcuimhnítear mórán ar úrscéalta luatha an scríbhneora inniu, thabhaigh an Aspidistra an oiread sin clú d'Orwell agus gur fostaíodh é le leabhar tuairisceoireachta eile cosúil le Down and Out... a scríobh faoi shaol an lucht oibre sa Bhreatain. Mar sin, i dtús na bliana 1936, thaistil sé "tír dhubh" Shasana ar lorg an lucht oibre, agus é ag stopadh i dtithe prólatáireacha lóistín le peirspictíocht ón taobh istigh a fháil ar shaol na n-oibrithe agus ar an mbail a d'fhág géarchéim mhór eacnamaíochta na dtríochaidí orthu. Ar an taithí seo a bhunaigh Orwell an leabhar The Road to Wigan Pier.

De thoradh na hoibre seo, chuir Orwell níos mó spéis i gcúrsaí na polaitíochta agus sa Sóisialachas. Mar sin féin, ní raibh sé compordach faoin dóigh a raibh na gluaiseachtaí polaitiúla ag iarraidh an scríbhneoir cruthaitheach a thiontú ina reacaire agus ina bholscaire, ina ionadaí don tsainleas aicme nach scinnfeadh ó pholasaí oifigiúil an pháirtí. An cineál Sóisialachais a dtugadh seisean urraim dó, ba Sóisialachas dá dhéantús féin é. Nuair a chuaigh sé ag troid i gcogadh cathartha na Spáinne, ní raibh sé meáite ar aon chineál Sóisialachas dogmatach ceartchreidmheach a chur chun cinn, ach an ghnáthshiosmaid agus an gnáthchuibheas daonna - common decency, mar a dúirt sé féin - a chosaint ar dhíormaí Franco.

Orwell sa Spáinn[athraigh | edit source]

Bhain sé amach an Spáinn i ndeireadh na bliana 1936, agus é ag ligean air féin go raibh sé ag brath ar altanna iriseoireachta a scríobh ón Spáinn. Nuair a fuair sé aithne ar shaol Bharcelona, is é an tátal a bhain sé as an iomlán gurbh fhiú buille a bhualadh ar son na cúise seo, agus chuaigh sé san arm - is é sin, sna mílísteoirí réabhlóideacha. Roghnaigh sé mílíste an pháirtí ba chóngaraí don ILP, ó bhí dintiúirí ón ILP aige, - is é sin, Páirtí na nOibrithe ar son Aontú na Marxach, nó an POUM (Spáinnis: Partido Obrero de Unificación Marxista, Catalóinis: Partit Obrer d'Unificació Marxista). D'fhéadfá páirtí Trotscaíoch a thabhairt air, a mhínigh Orwell ní ba deireanaí, ach amháin an scoilt idir Trotscaí féin agus cathaoirleach an pháirtí. Bhí mílíste ag an bpáirtí seo chomh maith leis na páirtithe polaitiúla eile sa Spáinn, agus i ndiaidh gearrchúrsa oiliúna agus druileála, bhain Orwell amach an cathéadan. An chuid is mó de na hóglaigh eile ón gcoigríoch, throid siad sa Bhriogáid Idirnáisiúnta a bhí go mór mór faoi thionchar na gCumannach. Fuair Orwell súil eile ar fad ar imeachtaí an chogaidh seachas lucht na mBriogáidí Idirnáisiúnta, agus é ag cur cogaidh i measc na Spáinneach. Is fíor, áfach, nach raibh mórán dá dteanga siúd ina phluc i dtús báire, go háirithe ó ba rud é gur Catalóinigh iad an chuid ba mhó de na comhchogaithe a bhí aige.

Ní raibh mórán troda ar siúl an áit a raibh Orwell, áfach. I ndiaidh tamaill fhada sa chuid chiúin de chathéadan na hAragóine, áfach, bogadh cathlán Orwell go dtí Huesca, cathair a bhí sealbhaithe ag fórsaí Franco agus í faoi léigear ag díormaí an Rialtais.

In Earrach na bliana 1937, tháinig Eibhlín go dtí an Spáinn le bheith níos cóngaraí dá fear céile. Fuair sí fostú i mbiúró an pháirtí POUM. Bhí an scoilt pholaitiúil idir na Cumannaigh agus an POUM ag dul chun doimhneachta faoin am seo, áfach, agus purgú polaitiúil in aghaidh an POUM ar na bacáin. I Mí na Bealtaine 1937, d'éirigh ina chogadh dearg idir an POUM agus na Cumannaigh i mBarcelona. Bhí Orwell ar ais ón gcathéadan ar chúiseanna drochshláinte, agus fuair sé é féin agus Eibhlín i lár na gcathanna seo. Chuir an t-achrann polaitiúil samhnas ar Orwell, agus d'fhill sé ar an gcathéadan san Aragóin le rud fónta éigin a chur i gcrích. Ar an 22ú lá de Mhí na Bealaine, ghoin urchar é sa mhuineál, agus tugadh go dtí an t-ospidéal é.

Nuair a bhisigh Orwell an oiread is go raibh sé in ann dealú a lorg is a fháil ón mílíste, agus drochshláinte fágtha air go buan, fuair sé amach go raibh cosc curtha leis an bPOUM. Bhí daoine a raibh baint acu leis an bpáirtí á gcaitheamh i dtóin an phríosúin, mura rabhthas á marú scun scan. B'éigean d'Orwell agus d'Eibhlín bailiú as an Spáinn chomh luath in Éirinn agus ab fhéidir, rud a rinne siad.

Ar ais ón Spáinn[athraigh | edit source]

Nuair a lámhachadh Orwell sa mhuineál, ba é an tairngreacht a fuair sé ó na dochtúirí nach dtiocfadh leis a ghuth a ardú thar chogar lag choíche feasta. Bhí an mícheart acu, áfach, nó tháinig an chaint ar ais aige de réir a chéile. Mar sin féin, chuaigh an Spáinn go mór mór i bhfeidhm air. An cúpla bliain i ndiaidh a thaithí cogaidh, chaith sé an chuid ba mhó den am ag iarraidh a leagan féin de Chogadh na Spáinne a chur chun cinn. Bhí an chuid ba mhó d'aos léinn na heite clé ag áitiú ar a chéile gurb é an leagan Cumannach den scéal a bhí fíor, agus lucht leanúna an PhOUM ag spiaireacht agus ag fealltóireacht agus ag obair do Franco faoi choim, an t-am ar fad. Bhí a fhios ag Orwell, a throid i measc mhílísteánaigh an PhOUM, nach raibh ann ach aithiseoireacht agus clúmhilleadh a tháinig as ceárta na gCumannach. Lena chás féin a chur os comhair an tsaoil mhóir, scríobh sé an leabhar cáiliúil úd Homage to Catalonia.[9]

Cé go raibh bua na cainte agus deis a labhartha ag Orwell arís, bhí a shláinte curtha ó mhaith ag cogadh na Spáinne. Bheadh a scamhóga ag luí air a raibh fágtha de shaol aige. Fuair sé deacair a chuid altanna a fhoilsiú, nó, an chuid ba mhó de na nuachtáin Shasanacha nach raibh ag fabhrú do Franco, bhí siad ag fabhrú do na Cumannaigh. Ós rud é go raibh Victor Gollancz, gnáthfhoilsitheoir Orwell, umhal go leor do Pháirtí Chumannach na Breataine Móire, bhí Orwell buartha faoina raibh i ndán do Homage do Catalonia. Ar ámharaí an tsaoil, fuair sé tairiscint ó fhoilsitheoir eile, Secker & Warburg, agus tháinig an leabhar i gcló. Ní raibh suim ag na léitheoirí ann, áfach.

Mar sin féin, d'fhéad Orwell agus Eibhlín teacht slán ó gheimhreadh na Breataine Móire go Marrakech, Maracó, nó tháinig urraí saibhir chun tarrthála don scríbhneoir. Chaith siad roinnt ama i ndeireadh na bliana 1938 agus i dtús na bliana 1939 ansin, agus chrom Orwell ar an chéad úrscéal eile a chumadh, mar atá, Coming up for Air.

An Cogadh[athraigh | edit source]

Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a tuigeadh dó nach raibh an cogadh le seachaint, rinne sé scrúdú coinsiasa, agus is é an tátal a bhain sé as go raibh sé ina thírghráthóir dhílis go smior, nuair a tháinig an scéal go cnámh na huilinne. Mar sin, dhéanfadh sé a dhicheall le Sasana a chosaint ar Hitler.

Ní raibh lámh chúnta an scríbhneora chlé ag teastáil ón rialtas, áfach, rud a d'fhág buanfhrustrachas ar Orwell. Níor glacadh leis san Arm, agus an drochshláinte a bhí air, ach nuair a bunaíodh an fórsa cosanta áitiúil - an Home Guard - liostáil Orwell ansin gan mhoill. Bhí an chomhairle seo ag cur lena dhearcadh Sóisialach, nó bhí sé den tuairim go bhféadfadh an Home Guard teacht isteach áisiúil nuair a ghealfadh lá na réabhlóide i Sasana. Bhí sé in ann an Home Guard a chur i gcomparáid le mílístí na bpáirtithe polaitiúla sa Spáinn, cosúil le mílíste an PhOUM.

Nuair a thosaigh feachtas buamála na Breataine - an Bhliste, nó Cath na Breataine Móire - rug Orwell ar an bpeann le haiste fhada a bhreacadh síos ina gceanglódh sé le chéile a Shóisialachas agus an tírghrá Sasanach a d'aithin sé ag borradh ina chroí le teacht an chogaidh. An téacs a tháinig ar pár ansin, mar atá, The Lion and the Unicorn: Socialism and the English Genius ("An Leon agus an tAonbheannach - An Sóisialachas agus Dúchas Shasana"), is eochair é d'aigne an scríbhneora. Is é an téis a leag Orwell amach san aiste seo ná go gcaithfí córas Sóisialach a chur ar bun leis an gcogadh a ghnóthú don Bhreatain Mhór, agus nach mbeadh bua an chogaidh inaitheanta thar bhua an tSóisialachais. San am céanna, chuir sé béim ar leith ar thábhacht an leanúnachais chultúrtha don lucht oibre féin. Níorbh fhéidir agus níor cheadmhach, dar leis, forais, fothuithe agus institiúidí seanbhunaithe an tsaoil Shasanaigh a chur ar ceal sa teagmháil, fiú dá gcuirfí an uasalaicme chun báis i réabhlóid fhoréigneach. Tá an aiste ag cur thar maoil le dóchas as an todhchaí, agus ardmhuinín ag Orwell as na gnáthdhaoine agus as a gcumas cur le chéile le feabhas a saoil a bhaint amach.

I Mí Iúil 1941, fuair Orwell tairiscint oibre ón mBBC. Rinneadh léiritheoir de, agus é i mbun na gcláracha a bhí dírithe ar an India. Ar dtús, bhí sé ag coipeadh le díbhirce agus le díograis i dtaobh an jab nua. De réir a chéile, áfach, thosaigh an atuirse agus an díomá ag teacht air. Bhí sé míshásta, ach go háirithe, le heaspa tuisceana an BhBC do pholaitíocht na hIndia agus don dóigh cheart leis na hIndiaigh a ghiúmaráil. Bhí trioblóidí polaitiúla san India san am seo, agus cuid de na náisiúnaithe áitiúla ag dréim le cuidiú a lorg ón tSeapáin leis na geimhle Sasanacha a chroitheadh díobh. Bhí ciall ghéar de dhíth le cás na Breataine Móire a chur abhaile ar na hIndiaigh agus an bholscaireacht náisiúnaíoch a bhí ar siúl ina dtimpeall, a shíl Orwell, - ach ní raibh an chiall sin ag cách sa BhBC. Go bunúsach, níor glacadh na hIndiaigh ná polaitíocht a dtíre dáiríre, ar aon leibhéal le polaitíocht na Breataine Móire. Le teann míshástachta leis an gcorparáid, d'éirigh Orwell as a phost i ndeireadh na bliana 1943.

Ina dhiaidh sin, chuaigh Orwell ag iriseoireacht ar an Tribune. Bhí sé ina eagarthóir liteartha, ach ní raibh an obair sin ag teacht leis go rómhaith, nó ní ligfeadh a chroí dó diúltú do na drochaltanna a thagadh isteach ó ábhair scríbhneoirí. Ón taobh eile de, má tháinig ábhar maith isteach ó scríbhneoirí aineoil, rinne Orwell a dhicheall len é a fhoilsiú agus a íoc mar ba chóir. Amach ón eagarthóireacht, bhí colún rialta aige ar an bpáipéar gach seachtain faoin gceannlíne "Mar is Rogha liom" (As I Please). Thuill dearcadh neamhspleách an cholúin sin clú dó, nó ag druidim le deireadh an chogaidh, ní bhíodh mórán colúnaithe eile sásta, abair, an tAontas Sóivéadach a lochtú. San am seo, bhí iriseoirí na heite deise féin ródhoirte don "Uncail Joe" Stailín le criticeoireacht cheart a dhéanamh air. Bhí Orwell an-bhisiúil ag scríobh píosaí gairide iriseoireachta san am seo. Thairis sin, bhí sé ag obair ar an Animal Farm cheana féin.

Animal Farm agus an chinsireacht[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1944, chuaigh Orwell ar lorg foilsitheora don Animal Farm. Is é an cineál leabhar atá ann ná fabhalscéal faoi réabhlóid na Rúise ina gcaitheann ainmhithe na feirme an feirmeoir amach le cothrom na Féinne a chur ar bun ar an bhfeirm idir cineálacha éagsúla d'ainmhithe. De réir a chéile, áfach, téann na muca i gceannas ar an réabhlóid seo, agus iad ag fáil "cuid níos mó de chothrom na Féinne" ná na beithígh eile. Sa deireadh thiar, ní féidir na muca a aithint thar na feirmeoirí eile, ar daoine iad.

Fuair Orwell deacair an leabhar a fhoilsiú. Bhí na tithe foilsitheoireachta an-doicheallach roimh leabhar frith-Shóivéadach, agus chuir a sheanfhoilsitheoir Victor Gollancz ó dhoras é. Bhí an fháilte chomh fuar céanna roimhe ag Nicholson & Watson, ach sa deireadh, ghlac Jonathan Cape leis an úrscéal. Faoin am seo, bhain eachtra barrúil d'Orwell. Bhí sé tar éis aiste - Benefit of Clergy[10] - a scríobh faoi shaothar an ealaíontóra osréalaígh ón Spáinn, Salvador Dalí. San aiste, chosain sé an chinsireacht ar bhealach nach samhlófá leis an bhfear a scríobh Nineteen Eighty-Four. Agus é ag déanamh a staidéir ar ealaíontóireacht Dalí, a d'admhaigh sé, bhí sé in ann a thuiscint go bhféadfadh saothar maith ealaíne dul an oiread sin chun dochair agus go gcaithfí an saothar sin a scrios nó a choinneáil ar shiúl ón saol mór:

...ní dóigh liom nár thug mé a ceart don leabhar - dírbheathaisnéis Dalí atá i gceist aige - nó is leabhar í a bhfuil drochbholadh aisti. Dá bhféadfadh aon leabhar drochbholadh a chur aisti i gciall cheart an fhocail, bheadh an leabhar sin againn anseo [...]. Ón taobh eile de, is follasach gur ealaíontóir éirimiúil is ea é Dalí agus bua as an ngnáth aige. Chomh mionchruinn agus atá a chuid pictiúirí agus chomh siúráilte agus a tharraingíonn a lámh iad, is léir nach leisceoir ar aon nós é. Is maith leis a shaol príobháideach a chur os comhair an tsaoil mhóir, agus is sárachán é amach is amach, ach ina dhiaidh sin féin, ní feallaire é. Tá sé i bhfad níos éirimiúla ná a bhformhór mór siúd a chaithfeadh anuas air de dheasca a dhrochmhoráltachta agus a chuid saothar. [...]
Is é oighear an scéil gur ionsaí soiléir díreach é a shaothar ar an ngnáthshiosmaid agus ar an ngnáthchuibheas, agus, ós rud é gur dual do phictiúirí Dalí an fhantaisíocht a chur ar bhealach a míleasa cosúil le cárta pornagrafaíoch poist, ar an mbeatha féin. Níl mé cinnte cad atá déanta ag Dalí dháiríre agus cad a tháinig as a intinn - tá Orwell anseo ag tagairt do na heachtraí uafásacha a ndeachaigh Dalí tríothu ina shaol, ar nós páiste eile a mharú nuair a bhí sé féin ina thachrán, de réir mar a d'inis sé sa dírbheathaisnéis - ach níl oiread agus bunchuibheas an duine ag roinnt lena dhearcadh ná lena anam. Tá sé chomh frithshóisialta leis an dreancaid. Is follasach nach bhfuil daoine den chineál sin ag teastáil ó aon chineál sochaí, agus má tá sochaí ann ina mbláthaíonn siad, caithfidh sé go bhfuil an tsochaí sin ó mhaith ar bhealach éigin. [...]
Ba chóir don duine bheith in ann an dá rud seo a admháil san am céanna: gur línitheoir maith é Dalí, agus gur duine déistineach é. Ní bhréagnaíonn an dá fhíric seo a chéile. Má theastaíonn balla uainn, is é an chéad rud a theastóidh uainn go mairfidh an balla sin ina sheasamh. Má mhaireann, is maith an balla é, agus is féidir an dá cheist a dhealú ó chéile, an balla maith é, agus cén úsáid a bhaintear as mar bhalla. Mar sin féin, ní mór an balla is fearr ar an domhan a leagan, má tá sé ina sheasamh timpeall ar champa géibhinn. Ar an mbealach céanna, ba chóir dúinn bheith in ann a rá: 'Is maith an leabhar í seo' nó 'is maith an pictiúr é seo' - 'agus ba chóir don chrochadóir phoiblí an leabhar nó an pictiúr céanna a chur trí thine'. An té nach bhfuil in ann an méid sin a rá, nó a shamhlú dó ar a laghad, tá sé ag seachaint na fírice gur saoránach agus duine daonna é an t-ealaíontóir chomh maith, agus go bhfuil a impleachtaí féin ag dul leis sin. [...]

An cur síos a thug Orwell ar shaothair áirithe Dalí san aiste, áfach, bhí sé chomh lom is gur chinn an foilsitheoir í a ghearradh amach as na leabhair nuair a bhí siad clóbhuailte cheana féin. Mar sin, rinneadh cinsireacht ar aiste a bhí ag cosaint na cinsireachta mar rud!

Faoin am seo, rith le hOrwell páiste a uchtú. Shíl sé go raibh sé seasc, mar fhear, ach mar sin féin, theastaigh uaidh go géar clann a bheith aige. An páiste a ghabh sé ar altramacht, ba bhuachaill é a saolaíodh ar an 14ú lá de Mhí na Bealtaine sa bhliain 1944. Leanbh tabhartha a bhí ann, agus d'uchtaigh Orwell é go gairid tar éis a bhreithe. Baisteadh Richard Horatio Blair air, agus thug Orwell taithneamh dó ón tús. Cé go raibh a chuid oibre liteartha agus dualgaisí an athara ag iompairc le chéile, is é tuairim fhormhór mór na bhfinnéithe go raibh sé ina cheann maith don pháiste, agus é an-dáiríre faoi ról an athara mar a thuig sé é. Cé nach ndearna sé riamh aon seó bóthair don ghrá a bhí aige do na páistí, is léir óna chuid scríbhinní nár dhearmaid sé riamh a chéad óige féin, rud a chuir ar a chumas cás agus peirspictíocht an pháiste a thuiscint.

Thosaigh Orwell ag obair ar a mhórshaothar, Nineteen Eighty-Four, i mblianta deireanacha an chogaidh. Níor tháinig bunsmaoineamh an úrscéil dhiostóipigh seo chuige mar a bheadh splanc ann. A mhalairt ar fad, bhí réamhshampla aige i litríocht na Rúise a chuaigh go mór i bhfeidhm air, mar atá, an t-úrscéal úd Мы/My ("Muidne") le Yevgeni Zamyatin, a scríobhadh chomh luath le tús na bhfichidí. Bhí an-mheas aige fosta ar Rossem's Universal Robots le Karel Čapek, an scríbhneoir Seiceach a chéadcheap an focal "róbat".

Bás a Mhná Céile[athraigh | edit source]

San am seo, fuair Eibhlín bás. Bhí drochshláinte ag luí uirthi le tamall anuas, agus tháinig sé chun solais go raibh sceachaillí ag fás ina hútaras. Ní raibh teacht timpeall air go gcaithfeadh sí obráid a fháil chomh luath in Éirinn agus ab fhéidir. Ar an 29ú lá de Mhí na Márta, 1945, chuaigh sí faoi scian an mháinlia, ach níor tháinig sí slán as an obrádlann. Shíothlaigh sí le linn na lansóireachta.

Bhí Orwell go mór mór faoi mhéala i ndiaidh bhás a mhná céile. Le héalú ón méala sin, chuaigh sé go dtí an Ghearmáin, a bhí díreach á forghabháil ag díormaí na gcomhghuaillithe, agus é ag brath ar altanna a scríobh faoin tír agus faoin gcuma a bhí uirthi faoi láthair. Níor éirigh an tuairisceoireacht leis chomh maith agus a bhí pleanáilte aige, ach mar sin féin, is fiú súil a chaitheamh ar The Future of a Ruined Germany[11] agus Revenge is Sour.[12]

Bhí rath ar an Animal Farm, ar a laghad. Tháinig an Cogadh Fuar i leaba an Dara Cogadh Domhanda, agus d'éirigh na léitheoirí ní b'fháiltiúla i leith teachtaireacht pholaitiúil fhrith-Chumannach an fhabhalscéil. Thuill an t-úrscéal crág mhaith airgid d'Orwell, ach ní mó ná sásta a bhí sé leis an gciall a bhain lucht na heite deise as. Bhí na coimeádaigh den tuairim go raibh Sóisialachas - is é sin, gach sórt Sóisealachais - bréagnaithe ag an leabhar. Níorbh é seo barúil Orwell.

Faoin am seo, tháinig sé chun solais go deifnideach go raibh Orwell tar éis eitinn a tholgadh sa Spáinn. Níor admhaigh sé leis féin gur mar sin a bhí, áfach. Bhí sé meáite ar an úrscéal Nineteen Eighty Four a chríochnú, sula rachadh sé ag éileamh in aon ospidéal. Le fuadar agus fústar na cathrach móire a thréigean, d'fhág sé a árasán in Islington agus chuaigh sé a chónaí i gceann de na hoileáin Ghaelacha in Albain, Diùra (Jura). Shocraigh sé síos i nDiùra in Aibreán na bliana 1945, ach bhí sé ag brath ar an aistriú seo le píosa maith anuas, agus an taithneamh a thug sé don áit ó chonaic sé an chéad uair í. I nDiùra a scríobh sé an chuid ba mhó den úrscéal Nineteen Eighty-Four. Bhí ceisteanna na hollsmachtúlachta agus na "nua-chainte" ag dul trína intinn san am seo, rud is féidir a léamh ar a chuid aistí ón tréimhse seo, go háirithe Politics and the English Language agus The Prevention of Literature.

1984 agus deireadh a shaoil[athraigh | edit source]

I rith na gcúig mblian deireanach dá shaol, bhí sé ag scríobh Nineteen Eighty-Four agus ag breacadh síos nótaí iriseoireachta san am céanna. Bhí a chuid saothair le léamh ar an Tribune, ar an Observer agus ar an Manchester Evening News, ach, thairis sin, thagadh aistí leis i gcló in irisí beaga liteartha freisin. Maidir leis an Nineteen Eighty-Four, foilsíodh sa bhliain 1949 é, ach bhí sé críochnaithe sa bhliain roimhe sin. Is é an gnáthscéal a bhíonn ag dul timpeall ná go raibh an teideal sin "1984" bunaithe ar bhliain chríochnaithe na scríbhneoireachta, agus nach ndearna Orwell ach an dá dhigit dheireanacha a mhalartú ar a chéile. Le fírinne, is é an teideal a cheap sé ar dtús ná The Last Man in Europe - "An Duine Deireanach san Eoraip", agus dealraíonn sé gurbh é Fredric Warburg, foilsitheoir an leabhair, a sholáthair an teideal deifnideach.

Sa bhliain 1948, bhunaigh rialtas Pháirtí an Lucht Oibre rannóg faisnéise i Roinn na nGnóthaí Eachtracha (Foreign Office) le troid a chur ar na Cumannaigh agus le bolscaireacht fhrith-Chumannach a scaipeadh. Chuidigh Orwell leis an obair seo, nó thug sé do Celia Kirwan, cara leis a bhí fostaithe ag an rannóg, liosta de scríbhneoirí a bhí, dar leis féin, róbháúil leis na Cumannaigh, ionas nár chóir don rannóg úsáid a bhaint as a gcuid saothair. Bhí naoi n-ainm déag is fiche ar an liosta, ina measc Kingsley Martin (príomheagarthóir an New Statesman san am) chomh maith le Charles Chaplin agus Michael Redgrave. Tá sé ina ábhar conspóide cén fáth a ndéanfadh Orwell a leithéid, ach le fírinne, níl sé ródheacair an scéal a mhíniú: bhí Orwell riamh ag cur in aghaidh an Stailíneachais ar mhaithe leis an Sóisialachas Daonlathach ba rogha leis féin, agus mar sin, bhí sé breá sásta comhoibriú le rialtas Pháirtí an Lucht Oibre in aghaidh an chomhnamhad. Ní raibh sé ag milleánú aon duine go héagórach, ach an oiread: na daoine a bhí ar an liosta, bhí siad go léir tar éis luiteamas leis an Aontas Sóivéadach a léiriú in am éigin.

I nDeireadh Fómhair sa bhliain 1949, phós Orwell Sonia Brownell. Fuair sé bás ón eitinn i Londain ar an 20 Eanáir, 1950, i ndiaidh fhoilsiú an úrscéil Nineteen Eighty-Four. Na trí bliana deireanacha dá shaol, bhí sé go minic ag éileamh leis an gcréachta san ospidéal. hAdhlacadh é de réir nósanna na hEaglaise Anglacánaí i Sutton Courtenay i Sír Oxford, agus a cheartainm - Eric Arthur Blair - le léamh ar an leacht.

Uaigh - "Eric Arthur Blair" le léamh ar an leacht

Saothair[athraigh | edit source]

  • Down and Out in Paris and London, 1933
  • Burmese Days, 1934
  • Clergyman's Daughter, 1935
  • Keep the Aspidistra Flying, 1936 - scannán A Merry War (1997), stiúrthóir Robert Bierman, le Helena Bonham Carter, Richard E. Grant, Jim Carter, Harriet Walter
  • The Road to Wigan Pier, 1937
  • Homage to Catalonia, 1938
  • Coming up for Air, 1939
  • Inside the Whale and other Essays, 1940
  • The Lion and the Unicorn, 1941
  • eagarthóir ar Talking to India, 1943
  • Animal Farm, 1945 - scannán beoite 1955, stiúrthóirí Joy Batchelor, John Halas; scannán 1999, stiúrthóir John Stephensen, le Kelsey Grammer agus Julia Ormond
  • Critical Essays, 1946
  • James Burnham and the Managerial Evolution, 1946
  • The English People, 1947
  • eagarthóir ar British Pamphleteers 1, 1948
  • Nineteen Eighty-four, 1949 - scannáin: 1955, stiúrthóir Michael Anderson, le Edmund O'Brien, Michael Redgrave, Jan Sterling, David Kossoff; scannán 1984, stiúrthóir Michael Radford, le John Hurt, Richard Burton, Suzanna Hamilton, Cyril Cusack. Sa bhliain 1985, scannánaíodh an pictiúr úd Brazil, nach raibh ach breacbhunaithe ar úrscéal Orwell: stiúrthóir Terry Gillam, le Jonathan Pryce, Kim Greist, Robert De Niro, Katherine Helmond, Bob Hoskins
  • Shooting an Elephant, 1950

Tagairtí[athraigh | edit source]