Animal Farm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nóibhille Bhéarla de chuid an scríbhneora Shasanaigh George Orwell is ea Animal Farm (Gaeilge: Feirm na n-Ainmhithe ) a foilsíodh sa bhliain 1945. Is aor agus cáineadh ar an gCumannachas atá ann. Tá sé bunaithe ar réimse leathan ainmhithe feirme a chuireann i gcoinne an fheirmeora bhrúidiúil ar leis an fheirm agus faigheann siad smacht uirthi iad féin. Cuireann an chumhacht ar bhóthar a n-aimhleasa iad agus ag deireadh an leabhair athraíonn na muca ina bhfir bhrúidiúla. Athraítear mana a scríobhadh ag tús réabhlóid na n-ainmhithe ó Tá gach ainmhí cothrom go Tá gach ainmhí cothrom ach tá roinnt ainmhithe níos coithroime ná a chéile.