Nineteen Eighty-Four

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nineteen Eighty-Four  
1984first.jpg
Clúdach an chéad éagran
Údar George Orwell
Tír An Ríocht Aontaithe
Teanga Béarla
Foilsitheoir Secker and Warburg (Londain)
Dáta fhoilsiú 8 Meitheamh 1949
Cineál meáin Cló, r-leabhar, dlúthdhiosca
Uimhir OCLC 52187275
Dewey Decimal 823/.912 22
LC Classification PR6029.R8 N647 2003
1984.png

Úrscéal diostóipeach Béarla leis an scríbhneoir Sasanach George Orwell is ea é Nineteen Eighty-Four a foilsíodh an chéad uair sa bhliain 1949. Baineann an scéal le fear darb ainm Winston Smith agus ar an uirísliú a fhaigheann sé ón stát ollsmachtach ina gcónaíonn sé. Mar aon le Brave New World le Aldous Huxley agus Fahrenheit 451 le Ray Bradbury, tá sé ar ceann de na saothair dhiostóipeacha is iomráití ar domhan.

Tá an leabhar aistrithe go 62 theanga, agus chuaigh sí i bhfeidhm go mór ar an mBéarla; tá dlúthbhaint anois ag téarmaíocht an leabhair (an "Nuachaint", Newspeak as Béarla) agus ag ainm a húdair le cúrsaí príobháideachta agus slándála i gcoinne an stáit. Measadh ó am go chéile gur ábhar réabhlóideach agus contúirt fholaithe a bhí ann agus mar sin, cuireadh cosc ar an leabhar ina lán leabharlann i dtíortha éagsúla. San Aontas Sóivéadach, bhí an leabhar toirmeasctha go dtí gur bhain peireastráice agus gleasnast Míchail Gorbaitsov an chuid ba mhó de na srianta den chead cainte agus de shaoirse na foilsitheoireachta.[1]

Cúlra agus Cnámha an Scéil[athraigh | edit source]

Sa leabhar, léiríonn Orwell sochaí dhiostóipeach agus í suite i Sasana sa bhliain 1984, tír atá á rialú ag páirtí ollsmachtach cosúil le Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh. Baineann an tsochaí seo leas as teicneolaíocht nua-aimseartha cumarsáide, go háirithe an teileascáileán (telescreen as Béarla, gléas a fhéadann a bheith ina cheamara agus ina theilifíseán san am céanna), le treisiú le greim an lucht rialtais - scothaicme an "Pháirtí", nó an Páirtí Inmheánach (Inner Party as Béarla) - ar an gcumhacht agus le baill íochtaracha an pháirtí (cosúil le Winston Smith féin) a choinneáil umhal don scothaicme. Maidir leis na prólatáirigh, na Próil, níl siad ina mbaill den "Pháirtí", agus is féidir a rá go bhfuil saoirse áirithe acu, ach ní fhaigheann siad oideachas ná soilsiú ar bith: go bunúsach, tá siad ag teacht i dtír ar an tsiamsaíocht agus ar an lón léitheoireachta a tháirgeann Roinn na Fírinne dóibh. Tá trí ollchumhacht an domhain seo, An Aigéine (an domhan Angla-Mheiriceánach), an Eoráise (an Eoraip agus an Rúis) agus an Áise Thoir (an tSín agus a mbaineann léi) ag cur síorchogaidh ar a chéile, ach bíonn na comhghuaillíochtaí ag athrú ó am go ham, rud nach n-admhaítear leis an saol mór, áfach: má thagann an Eoráise in áit na hÁise Thoir mar chomhghuaillí ag an Aigéine, beidh bolscaireacht an Aigéine ag áitiú, ón tsoicind sin ar aghaidh, go raibh an Aigéine riamh ag cur cogaidh ar an Áise Thoir, agus má dúirt aon duine a mhalairt, nach raibh ann ach gnáthfhealltóir a bhí breabtha ag an Áise Thoir. Cé go bhfuil leibhéal forbartha na teicneolaíochta sách ard, ní úsáidtear í chun feabhas a chur ar bheatha na ngnáthdhaoine - a mhalairt ar fad baintear úsáid as straitéisí ilchasta leis an gcosmhuintir a choinneáil i gcruachás agus le haicme cheannais an Pháirtí a choinneáil i ndearbhchumhacht go síoraí.

Tá a hidé-eolaíocht ag gach ceann de na hollchumhachtaí. Is í an idé-eolaíocht atá ag an bPáirtí san Aigéine ná Sasóis (nó Ingsoc as Béarla- nascadh de na focail "English" agus "Socialism"), is é sin, an Sóisialachas Sasanach; san Eoráise, táthar ag urramú an Nua-Bhoilséiveachais, agus maidir leis an Áise Thoir, tagraítear do Chultas an Bháis mar ghnáthaistriúchán ar an téarma Sínise, ach cuirtear an míniúchán leis gur fearr Múchadh na Pearsantachta a thabhairt air. Cibé scéal é, is follasach nach bhfuil mórán difríochta idir an trí stát ó thaobh an ghnáthshaoil de.

Ceann de na siombailí lárnacha sa leabhar is ea é an Deartháir Mór, deachtóir atá ag breathnú cosúil le Stailín agus le Hitler araon. Ní fhaigheann na léitheoirí, ná Winston Smith, amach riamh, an fíordhuine é an Deartháir Mór ar aon nós, nó an amhlaidh nach bhfuil ann ach samhailchomhartha a sheasann do lucht stiúrtha an Pháirtí. Tá naimhde de dhíobháil chomh maith: is é Goldstein an príomhnamhaid. Ball den Pháirtí Inmheánach a bhí ann a d'iompaigh ina fhealltóir.

Tá Winston Smith féin ag obair do Roinn na Fírinne, nó Minitruth (Fíroinn), mar a thugtar uirthi sa Nua-Chaint. Is é is Nua-Chaint ann ná leagan saorga den Bhéarla a bhfuil na neamhrialtachtaí agus na débhríochtaí uile bainte de, ionas nach féidir smaoineamh eiriciúil ar bith a chur i bhfoclaibh ann: mar shampla, níl coincheap na "saoirse" ann a thuilleadh, ach amháin sa chiall nithiúil ("tá an madra seo saor ó dhreancaidí", cuir i gcás). D'fhéadfá a rá gur cineál iriseoir é Winston, agus é ag cumadh scéalta faoi laochra a fuair bás ar son na hAigéine (laochra nach raibh ann riamh dháiríre) nó ag cur Nua-Chainte ar chlasaicigh Shean-Chainte.

Tá stát na hAigéine meáite ar an tSean-Chaint (is é sin, Béarla den chineál thraidisiúnta) a chur de dhroim an domhain go léir agus an litríocht a scríobhadh inti a dhíothú chomh maith, ach san am céanna, teastaíonn ó lucht rialtais na tíre leaganacha de chineál éigin de litríocht an Bhéarla a choimeád do na glúnta atá le teacht, le bheith in ann a áitiú go raibh na clasaicigh agus rogha na scríbhneoirí sna laethanta a bhí riamh ag cur ar son na bprionsabal céanna atá á leanúint ag an bPáirtí. Ós rud é nach féidir saoirse, daonlathas ná smaointí den chineál sin a chur i bhfoclaibh sa Nua-Chaint - níl d'fhocal ar a leithéid inti ach crimethink (coirsmaoin) - smaoineamh coiriúil, nó eiriciúil - caithfidh Winston agus a chuid comhoibrithe cuma an cheartchreidmheachais a chur ar an leagan Nua-Chainte.

Domhain an Úrscéil[athraigh | edit source]

Sasóis (Sóisialachas Sasanach)[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1984, is é an Sasóis (Sóisialachas Sasanach) an phríomh idéolaíocht agus bréagfhealsúnacht na hAigéine, agus 'sé an Nua-Chaint a theanga oifigiúil, do dhoiciméidí oifigiúla.

Ranna na hAigéine[athraigh | edit source]

I Londan, príomhchathair Aersteáice a hAon, tá ceithre ranna rialtais na hAigéinne suite i gceithre phirimis (300m d'airde), le trí sluán an Pháirtí scríofa ar a naghaidheanna- "IS SÍOCHÁN Í COGAÍOCHT", "IS SAOIRSE Í DAOIRSE", "IS NEART É AINEOLAS". Is désmaoin ("doublethink" as Béarla) frithchiallach dá bpríomh-aidhmeanna iad ainmneacha na Ranna: Baineann Roinn na Síochána le cogaíoght, Roinn na Fírinne le bréag, Roinn an Ghrá le céasadh agus Roinn na Flúirse le gorta.

Roinn na Síochána (Nua-Chaint: an Síoroinn) Cuireann Roinn na Síochána le cogadh buan na hAigéine. "Is é príomh-aidhm na cogaíochta nua-aimseartha (de réir prionsabail Désmaoin, aithnítear agus ní aithnítear go chomhuaineach an aidhm seo ag inchinn treorúcháin an Pháirtí Inmheánach) ná chun táirgí na hinnealra a úsáid suas gan an caighdeán ginearálta chónaithe a fheabhsú. Ó deireadh na naoú haois déag, folairhw a bhíodh an fadhbfaoi cad le déanamh leis an mbarrachas earraí tomhaltais sa sochaí tionsclaíoch. Faoi láthair, nuair nach mbíonn dóthain bia ag morán daoine daonna, ní práinneach é an fadhb, agus b'fhéidir nach bhfuil gá dó a bheith, fiú gan aon phróiséas mhilleadh i bhfeidhm."

Roinn na Flúirse (Nua-Chaint: an Flúroinn) Ciondáileann agus rialaíonn Roinn na Flúirse bia, earraí agus táirgeacht baile; gach ceathrú fioscach, foilsíonn an Flúroinn bréagéilimh de bheith tar éis an caighdeán marachtála a ardú, nuair i ndáiríre, íslíonn sé ciondáil, infhaighteacht agus táirge. Cuidíonn an Fíoroinn an Flúroinn trí taifid stairiúla a athcheartú chun tacú le bréag an Flúroinn faoi "ardú ciondála".

Roinn na Fírinne (Nua-Chaint: Fíoroinn) Rialíonn Roinn na Fírinne eolas: nuacht, siamsaíocht, oideachas agus na dána. Oibríonn Winston Smith i Taifrann (Rannóg Taifid) an Fíoroinn, ag "ceartú" taifid stairiúla chun aontú le oráidí úrnua an Dearthár Mhóir, sa chaoi go bhfuil gach rud a deireann an Páirtí fíor.

Roinn an Ghrá (Nua-Chaint: Grároinn) Sainaithníonn, monatóiríonn, gabhann agus tiontaíonn Roinn an Ghrá fíor- agus bréag-easaontóirí. I dtaithí Winston, buailtear agus céastar an easaontóir, ansin, nuair a bhíonn siad beagnach briste, seoltsr é/í do Sheomra 101 chun aghaid a thabhairt ar "an rud is measa ar domhan"- 'sé sin ná an rud a bhfuil an eagla is mó ag an easaontóir roimhe- go dtí go nathsholátair easaontas le grá don Dreatháir Mór agus an Pháirtí. De gnáth, tar éis an iar-easaontach a scaloileadh ó Roinn an Ghrá, maraítear é/í i gceann bliana nó dhó.

Tíreolaíocht Polaitiúil[athraigh | edit source]

Cogadh Buan: Tuairiscíonn an nuacht gur ghabh an Aigéine an Afraic, 1984.

Rialaíonn trí fhorstáit ollsmachtacha a bhíonn i gconaí ag troid lena gcéile an Domhan:

  • An Aigéine (idéolaíocht: Sasóis, .i. Sóisialachas Sasanach); s'iad a phríomh-chríocha ná an Leathsféar Iartharach, an Bhreatain Mór, Éire, an Astráil agus an Afraic Theas (síos ón Abhainn Congó).
  • An Eoráise (idéolaíocht: Nua-Bhoilséiveachais); cuimsíonn an Eoráise an Eoraip Ilchríochach agus an Rúis- an tSibéir san áireamh..
  • An Oiráise (idéolaíocht: Múchadh na Pearsantachta, .i., "Cultas an Bháis"); áirítear an tSín, an tSeapán, an Chóiré agus an Indsín san Oiráise.

Troidtear sa chogadh buan chun smacht a fháil thar an "ceantar díospóidithe" lonnaithe idir teorainneacha na forstáit, foirmíonn sé comhthreomharán garbh lena coirneáil ag Tingis, Brasaivíl, Dáirbhín agus Hong Cong, ag cur an Afraic Thuaidh, an Meánoirthear, an Ind agus an Indinéis mar na háiteanna a ghabhann na forstáit agus a núsáidtear daoirse don obair. Tarlaíonn troid freisin san áit idir an Eoráise agus an Iaráise sa Mhanchúir, sa Mhongóil agus san Áise Láir, agus troideann an trí stát lena chéile d'oileáin na hAigéin Atlantaigh agus Ciúin.

Stair an Úrscéil[athraigh | edit source]

D'fhoilsigh Secker and Warburg an t-úrscéal ar an 8 Meitheamh 1949. Scríobhadh an chuid is mó de ar oileán Diùra in Albain sa bhliain 1948, cé gur thosaigh Orwell á scríobh chomh luath leis an mbliain 1945. Tosaíonn an saothar ar an 4 Aibreán 1984 ag a 13.00 (1.00. i.n.).

Tagairtí[athraigh | edit source]