Salvador Dalí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíontóir clúiteach Spáinneach ba ea Salvador Domingo Felipe Jacinto Dalí i Domènech, (11 Bealtaine, 1904 – 23 Eanáir 1989). Rugadh an péintéir osréalach i Figueres na Catalóine. Línitheoir oilte a bhí ann agus cáil air mar gheall ar na híomhánna aisteacha taibhseacha a bhí ina shaothar osréalach. Mhaígh sé féin go raibh tionchar ag a shinsir Arabacha ar a dhúil san aistíl agus sa gháifeachas, ach luaitear tionchar mháistrí an Renaissance leis chomh maith. Bhí baint aige le scannáin a léiriú chomh maith agus spéis aige i ngrianghrafadóireacht agus i ndealbhadóireacht chomh maith le scríbhneoireacht. ba mhinic a tharraing sé níos mó airde ar an saol neamhghnách a chaith sé ná ar a shaothar. Ba chara mór dá chuid an file Federico García Lorca.
[athraigh] Leabhair
- Carré d'Art (Salvador Dali), Jean-Pierre Thiollet, Anagramme, 2008. ISBN 2 35035 189 6
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.