POUM

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPOUM
(es) Partido Obrero de Unificación Marxista Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrPOUM agus ПОУМ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta sa Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtacumannachas
sóisialachas daonlathach
Marxachas-Leiníneachas
Leninism (en) Aistrigh
Marxachas
Trotscaíochas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaan eite fhíorchlé Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitWorkers and Peasants' Bloc (en) Aistrigh
Communist Left of Spain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh29 Meán Fómhair 1935
Bunaitheoir(í)Joaquín Maurín agus Andreu Nin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1980 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitSocialist Party of Catalonia-Congress (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh a chartlainne
Gníomhaíocht
Ball dePopular Front (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht30,000 (1936) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
ArdrúnaíJoaquín Maurín (1935–1936)
Andreu Nin (1936–1937)
Julián Gorkin (1937–1939)
Wilebaldo Solano (1947–1980) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deInternational Revolutionary Marxist Centre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí Marxach réabhlóideach sa Spáinn ab ea an POUM le linn Chogadh Cathartha na Spáinne. Seasann na litreacha sin POUM do "Pháirtí an Lucht Oibre ar son Aontú na Marxach" (Spáinnis: Partido Obrero de Unificación Marxista, Catalóinis: Partit Obrer d'Unificació Marxista). Tháinig an páirtí ar an bhfód nuair a chuaigh "Eite Chlé Chumannach na Spáinne" (Izquierda Comunista de España, ICE), ar pháirtí Trotscaíoch í, agus "Bloc an Lucht Oibre agus na Scológ" (Spáinnis: Bloque Obrero y Campesino, Catalóinis: Bloc Obrer i Camporel) le chéile. Dream Cumannach ab ea an Bloc sin a bhí ag tacú le h-"Eite Dheas" na gluaiseachta Cumannaí, cosúil leis na Cumannaigh Shóivéadacha Nikolay Bukharin agus Alexey Rykov. Bhí Leon Trotscaí féin an-mhíshásta leis go bhféadfadh páirtí Trotscaíoch (ICE) comhoibriú le páirtí de chuid an "Fhreasúra Dheis" (BOC), agus d'éirigh sé as gach caidreamh leis na Trotscaígh Spáinneacha.

Póstaer: I dtreo an bhua, a Lucht Oibre!

Bunaíodh an POUM sa bhliain 1935 mar fhreasúra Cumannach don Stailíneachas. B'iad Andreu Nin agus Joaquín Maurín na bunaitheoirí, agus iad go mór faoi thionchar smaointeachas Throtscaí faoin réabhlóid leanúnach. Bhí an POUM ní ba mhó mar pháirtí ná Páirtí Cumannach Oifigiúil na Spáinne (PCE) agus craobh Chatalónach an pháirtí sin, Páirtí Sóisialach Aontaithe na Catalóine (PSUC, Partit Socialista Unificat de Catalunya as Catalóinis). Lochtaigh an páirtí freisin an straitéis a bhí Stailín a mholadh do na Cumannaigh sa Spáinn, is é sin, "fronta pobail" a chruthú in éineacht leis na páirtithe buirgéiseacha Poblachtánacha. Mar sin féin, nuair a chuir Manuel Azaña, ceannaire na bPoblachtánach Clé (is é sin, an páirtí Acción Republicana nó "An Ghníomhaíocht ar son na Poblachta"), tús le comhrialtas an "fhronta pobail" sa Spáinn, bhí an POUM sásta dul sa chomhrialtas sin, agus an páirtí ag iarraidh a chuid polasaithe radacacha a chur i ngníomh tríd an rialtas. Chuir na páirtithe measartha in aghaidh na n-iarrachtaí seo, agus sa deireadh, d'éirigh Andreu Nin as an rialtas.

Le linn an Chogaidh Chathartha, thosaigh an páirtí ag tiomsú nirt, agus gnaoi an lucht oibre air ar fud an chuid den Spáinn nach raibh sealbhaithe ag díormaí Franco. B'iad na hainrialaithe agus an POUM ba mhó a fuair tacaíocht ón gcosmhuintir. Thug an scríbhneoir Sasanach George Orwell cur síos dúisitheach ar rialtas an PhOUM agus na nAinrialaithe sa Chatalóin ina leabhar Homage to Catalonia ("In ómós don Chatalóin").