An Ghailísis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gailísis
(galego)
Á labhairt: An Spáinn
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: níos mó ná 3 mhilliún
Rang: taobh amuigh den chéad 100
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Iodáilic
  Rómánsach
   Iodáilic-Iarthair
    Gailísis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Ghailís (An Spáinn)
Foras Pleanála Teanga: Real Academia Galega (Acadamh Ríoga na Gailíse)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 gl
ISO 639-2
ISO 639-3 glg
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Rómánsach is ea í an Ghailísis (Gailísis: galego, AIF: [gaˈlego]) a labhraítear sa Ghailís in iarthuaisceart na Spáinne, taobh thuaidh den Phortaingéil. Tá sí an-chosúil leis an bPortaingéilis, agus ó thaobh na staire de, ní raibh sa Phortaingéilis féin, i dtús báire, ach canúint de chuid na Gailísise a chuaigh i bhfairsinge ó dheas, de réir mar a bhí na Múraigh ag cúlú roimh na Críostaithe i ré an Reconquista, nó athghabháil Leithinis na hIbéire.

Tá sé ina chnámh spairne inniu féin, cé acu dhá theanga ghaolmhara nó canúintí aon teanga amháin iad an Ghailísis agus an Phortaingéilis.


Líon na gCainteoirí Dúchais[athraigh | edit source]

Tá Gailísis ó dhúchas ag breis is trí mhilliún duine. Is léir go bhfuil an mhórchuid acu ina gcónaí sa Ghailís féin, ach is féidir teacht ar dhaoine ón nGailís in áiteanna eile sa Spáinn, i Maidrid agus i mBarcelona mar shampla. Thairis sin, is iomaí Gailíseach a chuaigh ar imirce thar lear i rith na mblianta. Chuir siad fúthu san Airgintín, in Uragua, i gCúba, sa Bhrasaíl, i Veiniséala, i Meicsiceo agus i bPanama. Chuaigh an oiread daoine ón nGailís go dtí an Airgintín is gur éirigh sé coitianta sa tír sin, tráth, galego nó Gailíseach a thabhairt ar gach inimirceoir a thiocfadh ón Spáinn.

Stádas Oifigiúil[athraigh | edit source]

Fuair an Ghailísis stádas oifigiúil ó stát na Spáinne mar cheann de theangacha na Spáinne, nó lenguas españolas. Is iad teangacha oifigiúla eile na Spáinne ná an Spáinnis féin - nó an Chaistílis, mar a thugtar uirthi fosta -, an Chatalóinis, agus an Bhascais. Bíonn an Ghailísis á múineadh sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna, agus baintear úsáid aisti sna hollscoileanna chomh maith. Ní thugann Parlaimint na hEorpa aitheantas oifigiúil don Ghailísis mar Ghailisis, ach caitear léi mar a bheadh Portaingéilis ann. Mar sin, nuair a labhraíonn Feisirí Gailíseacha, ar nós José Posada, Camilo Nogueira nó Xosé Manuel Beiras, a dteanga dhúchais os comhair na Parlaiminte, is é teangaire na Portaingéilise a dhéanann teanga do na Feisirí eile.

Litríocht[athraigh | edit source]

Go dtí le déanaí, ba nós leis na scríbhneoirí Gailíseacha a gcuid leabhar a bhreacadh síos i Spáinnis. Uaireanta, bhainidís úsáid as an gcorrfhocal Gailísise le blas an réigiúin a chur ar an stíl. Bhí Gailísis ó dhúchas ag a lán scríbhneoirí tábhachtacha Spáinnise, cosúil le Ramón del Valle-Inclán agus Camilo José Cela. Lenár linn féin, áfach, d'éirigh sé faiseanta Gailísis a scríobh. Is é Manuel Rivas an scríbhneoir comhaimseartha is tábhachtaí, agus is é an t-úrscéal O lapis do carpinteiro ("Peann Luaidhe an tSiúinéara") an leabhar is clúití dár scríobh sé. Foilsíodh aistriúcháin ina lán teangacha, an Béarla san áireamh (The Carpenter's Pencil, Jonathan Dunne a d'aistrigh).

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Nuachtáin i nGailísis:

Naisc eile a bhaineann le Gailísis:

An Ghailísis
Vicipéid le fáil as An Ghailísis freisin