Na Viseagotaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ríocht na Viseagotaigh ~700AD (roimh Ionradh na Moslamach)

Bhí Na Viseagotaigh (Laidin: Visigothi, Wisigothi, Vesi, Visi, Wesi,Wisi) agus na hOstrogotaigh an dá grúpa den treibhe Gotaigh in oirthear na Gearmáine. Le chéile is iad seo na tréibhe a chuir isteach ar Impireacht na Róimhe i rith Tréimhse an Imirce (300-700). Throid na Viseagotaigh in aghaidh na Rómhánaigh i rith an 4ú haois, sa bhliain 410 d'ionsaigh siad an Róimh faoin Rí Alaric.

Faoi dheireadh lonaigh siad i ndeisceart na Gaille mar foederati na Róimhe. Thit siad amach leo agus bhunaigh siad a ríobh féin leis an bpríomhchathair i Toulouse. Go mall, sín siad a réim amach i dtreo na Spáinne ag fáil réidh leis na vandail. Sa bhliain 507 ag Cath Vouillé, bhris na Francaigh, faoin Rí Clóbhis I iad. Tar eis é sin ní raibh ach Septimania acu i ndeisceart na Fraince agus bhí a ríocht teorannaithe ag an Spáinn, bhris siad an chúige Biosantánach Spania agus Ríocht Suebeach an Ghailís agus bhíon an leithinis iomláin tógtha acu.

Timpeall na bliana 589, thiontaigh na Viseagotaigh, faoi Rí Reccared I, ó críostaí Airiasaigh, go dtí an chreideamh Nícé. Tá foinsí stairiúil na tréimhse scáinte. Sa bhliain 711712 bhris fórsaí Arabach agus Berbereach airm Viseagotaigh ag Cath Guadalete agus chailleadh cheannairí tábhachtach, ina measc Rí Roderick, na Viseagotaigh. Ina dhiaidh agus de bhárr Ionradh na Moslamach thit an ríocht as a chéile, tá staraí fós ag phlé na chúiseanna na titim. Lean féiniúlacht gotach ar aghaidh i ndiaidh loit an ríocht go háirithe i Ríocht Asturias agus an Marca Hispanica, ach d'imigh na Viseagotaigh mar treibhe as.

Tá a lán fágtha ina dhiaidh ag na Viseagotaigh, ina measc eaglaisí agus cathracha móra (an t-aon grúpa a thóg cathair nua tar éis na Rómhánaigh agus roimh na Cairilínseach. An oidhreacht is fearr a d'fhág siad ina dhiaidh na an córas, an Liber iudiciorum, a raibh mar bún don modh dlí go dtí deireadh na meánaoiseanna.