Cogadh Saoirse na hAilgéire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baracáidí i gCathair na hAilgéire le linn an chogaidh. (1960)

Ba cheann de na cogaí díchoilínithe ba thábhachtaí agus ba chasta é Cogadh Saoirse na hAilgéire (195462) . Tá sé tábhachtach ó thaobh na stailc treallchogaí, troid maquis, Sceimhlitheoireacht in aghaidh ghnáthdhaoine ar gach taobh, agus frith-sceimhlitheoireacht a rinne arm na Fraince, agus círéib idir arm na Fraince, na Ailgéir-Eorpach (na Pied Noirs) agus grúpa dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéir na Harkis, i gcoinne an FLN (Fronta Náisiúnta Fuascailte), Gluaiseacht Náisiúnta na hAilgéire (MNA), le tacaíocht ón bPáirtí Cumannach Francach agus an Páirtí Cumanach na hAilgéire, Pieds-Noirs a bhí liobrálaigh (Eorpaigh-Ailgéirigh), agus roinnt Araib-Ailgéirigh a bhí i bhfabhar neamhspleáchas. Ag tosú go simplí i Mí na Samhna 1954 i rith an Toussaint Rouge, chuir an Cogadh seo as an Fhrainc go mór, thit Ceathrú Poblacht na Fraince as a chéile dá bharr. Faoi ordaithe rialtas Guy Mollet (SFIO), thosaigh arm na Fraince feachtas "síothú" san áit, a bhí fós measta mar chuid inmheánach den Fhrainc. Chas an "oibríocht Ordaithe Póiblí" go tapa i gcogadh iomláin, bhí na hAilgéaraigh ar dtús báire i bhfabhar an tsíocháin, ag díriú i gcomhair an neamhspleáchas iomláin, agus scoilt an Fhrainc dá bharr chúrsaí san "Ailgéir Francach" (l'Algérie Française), caomhnú an rialtas, agus ghlacadh le idirbheartaíocht agus stádas idir Rialtas Dúchais nó iomlánú i Poblacht na Fraince.

Thaispeáin géarchéim Suez 1956 lagú na Fraince sa domhan idirnáisiúnta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus a chuir tús le díchoilíniú. Tosaíodh an ghéarchéim seo toisc gur cheap rialtas na Fraince go raibh Nasser ag tabhairt a dhóthain chabhair don FLN agus bhí siad lán réidh len é a stopadh. Bhí fadhbanna éagobhsaíocht ag rialtas na Fraince, agus díscaoileadh an Ceathrú Poblacht nuair a d'fhill Charles de Gaulle ar an gcumhacht i mBealtaine 1958 chun Cúigiú Poblacht na Fraince a bhunú ina bhfuair sé níos mó cumhachtaí mar Uachtarán. Cheap arm na Fraince go mbeadh De Gaulle in ann an Ailgéir a choimeád sa Chomhphobal Francach, ina raibh Coilíneachtaí eile na Fraince. Ach díog ar ndíog, bhí De Gaulle ag claonadh don neamhspleáchas don Ailgéir.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile