Séarlas Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Searlas Mór
Carolus Magnus
Rí ar na Francaigh; Impire na Róimhe Naofa
Charlemagne et Louis le Pieux.jpg
Searlas Mór agus a mhac Louis
Réimeas 768814
Dáta breithe 742 (nó 747)
Áit bhreithe Herstal, An Bheilg
Dáta báis 28 Eanáir 814
Áit bháis Aachen, An Ghearmáin
Réamhtheachtaí Pépin Gearr
Comharba Louis I
Rítheaghlach Carolingeach
Céile Desiderata, Hildegard, Fastrada, Luitgard

Ba é Searlas Mór (74274728 Eanáir 814) Rí na bhFrancach (768814) a thóg an Iodáil agus coróin Iarainn na Lombairde sa bhliain 774 agus é ar chuairt ar an Róimh sa bhliain 800, rinne an Pápa Leo III Impire de Lá Nollaig, beart a chur tús le hathbheochan Impireacht na Róimhe i gcruth nua i.e. Impireacht Naofa na Róimhe. A bhuí leis na gabhálacha agus na leasuithe a rinne sé, bhí ról an-tábhachtach ag Séarlas Mór i múnlú iarthar na hEorpa le linn na meánaoiseanna. Baineann an tAthbheochan Carolingeach lena réim freisin, athbheochan a bhain leis na healaíona agus leis an oideachas san iarthar.

Mac leis an Pippin Beag agus Bertrada de Laon ab ea Searlas Mór. Tháinig sé i gcumhacht i ndiaidh a athar agus roinn sé an cumhacht lena dheartháir go dtí go bhfuair seisean bás sa bhliain 771. Lean Searlas Mór beartais a athar: thug sé cúnamh don Phápa, ag baint an chumhachta de na Lombardaigh san Íodáil, agus chuir sé cogadh ar na Muslamaigh a bhí ag chuir isteach ar a ríocht ón Spáinn. Is le linn an chogaidh sin a d'fhulaing sé an briseadh ba mheasa dá shaol, ag Roncesvalles (778). Throid sé freisin in aghaidh dreamanna san oirthear, go háirithe na Sasnaigh, agus tar éis cogaidh fhada, chuir sé iad faoi chois. Nuair a thiontaigh siad ar an gCríostaíocht, comhthathaíodh iad sa ríocht agus chuir siad le fás an ríshleachta Ottonaigh.

Searlas Mór- pictiúr le hAlbrecht Dürer

Inniú tá sé mar bunaitheoir i traidisiún An Ghearmáin agus an Fhrainc agus uaireanta Athair na hEorpa fiú, bhí sé ar an gcéad Impire ar Iarthar na hEorpa tar éis thitim Impireacht na Róimhe

Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo:
Do chuid uirlisí