D Day

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtD Day
Íomhá
Map
 49°20′N 0°36′W / 49.34°N 0.6°W / 49.34; -0.6
Cineálcath
amphibious warfare (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deInvasion of Normandy (en) Aistrigh agus An Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
6 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse6 Meitheamh - 29 Lúnasa 1944
Dáta na bliana6 Meitheamh 1944 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Normainn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Le cuid


Tugtar D-Day ar an 6 Meitheamh 1944, nuair a chuaigh fórsa ollmhór de chuid na gComhghuaillithe[1] i dtír sa Normainn, ar chósta na Fraince le linn an Dara Cogadh Domhanda.

  • Glaotar D-Day[2], nó Jour J, nó Lá L[3]Oibríocht Neiptiúin, ar ionradh agus teacht i dtír na gComhghuaillithe ar na Naitsithe. Seasann an 'D' i 'D-Day' don fhocail 'Day', mar sin cialaíonn sé Lá-L. An téarma Gaeilge a mholann Tearma.ie ná an Dul i dTír sa Normainn.
  • Oibríocht Overlord a tugadh ar an bhfeachtas iomlán i mí Meithimh.
LSM 206 A Co's D8's, 9h35 6 Meitheamh 1944

Bhí Oibríocht Neiptiúin ar an ngníomhaíocht mhíleata ón bhfarraige ba mhó i stair an chine dhaonna. Cuireadh 160,000 saighdiúir de chuid na gComhghuallaithe i dtír ar chladaí na Normainne le troid in aghaidh na nGearmánach. Seoladh trúpaí Meiriceánacha, Briotanacha, Ceanadacha, srl. go dtí tránna na Normainne, agus na cód-ainmneacha úd Utah, Omaha, Gold, Juno agus Sword ar chrioslaigh éagsúla an chósta. Ag úsáid ait-tancanna, aerfhórsaí, céanna Maoildearg agus PLUTO (píblíne faoin bhfarraige), bhuaigh na Chomhghuaillithe i gcoinne na Naitsithe.

Maraíodh b'fhéidir 7,000 ar an dá thaobh, in iomlán, ar Lá L.[4][5]

Saoradh príomhchathair na Fraince, Páras, ó na Gearmánaigh i mí Lúnasa den bhliain chéanna.[6]

Teach Solais an Fhóid Duibh i nGaeltacht iarthuaisceart Mhaigh Eo

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theastaigh aimsir shuaimhneach le go mbeadh na heitleáin in ann tuirlingt agus buamaí a ligean anuas agus go mbeadh na longa in ann teacht i dtír. Bhí málaí droma troma ag na saighdiúirí fosta agus thiocfadh go mbáfaí i bhfarraigí arda iad.

Bhí sé beartaithe ag Ceannasaí Fhorsaí na gComhghuallaithe an Ginearál Dwight D. Eisenhower go dtabharfaí faoin ionradh ar 5 Meitheamh. Bheadh an taoide i gceart, bheadh solas na gealaí ann agus bhí gach rud réidh. Ach cuireadh an plean ar athló é ag an nóiméad deiridh de bharr stoirme a bhí ag teacht ón Atlantach agus a bhuailfeadh cósta theas na Breataine an lá sin.[7]. Agus thug na tuairiscí le fios go raibh stoirm ón Atlantach le cladaí na Normainne a bhualadh ar an 5 Meitheamh. Bhí ar an Ghinearál Eisenhower idirghabháil a dhéanamh idir chomhairleoirí aimsire na Breataine agus Mheiriceá a bhí ar mhalairt tuairime.[8]

an Ginearál Rommel

Ba é an stáisiún aimsire i Maigh Eo a thug an t-eolas agus na figiúirí faoi bhrú atmaisféar etc, a chinntigh go raibh an stoirm le teacht. Bhí na Gearmánaigh den tuairim go mbeadh sé dodhéanta ag na Comhghuallaithe teacht i dtír ar chladaí na Normainne ar 6 Meitheamh. Bhí an Ginearál Rommel ar a laetthanta saoire fiú (breithlá a bhean).

Nuair a cuireadh an t-ionradh ar athló, bhí rudaí ag féachaint go dona don fhórsa ollmhór a bhí bailithe le chéile sa mBreatain – longa, eitleáin, saighdiúirí, píolótaí, mairnéalaigh – na mílte, mílte daoine ar fad.

Ach chuir bean, Maureen Sweeney i nGaeltacht iarthuaisceart Mhaigh Eo (i dTeach Solais an Fhóid Duibh), tuairisc aimsire a thaispeáin go mbeadh briseadh san aimsir ar 6 Meitheamh. Tugadh faoi deara go raibh an brú atmaisféir seasmhach ar feadh tamaill agus ansin ag ardú de réir a chéile – rud a chiallaigh go lagfadh an stoirm. Cuireadh an t-eolas ar aghaidh ón bhFód Dubh, ag úsáid na gcód a tugadh dóibh.

Cuireadh an tuairisc faoi bhráid an Ghinearáil. Thug Eisenhower dá bharr treoir d’fhórsaí na gComhghuallaithe tabhairt faoin ionradh an lá dár gcionn, ar 6 Meitheamh.

Mar sin, tháinig an t-ionsaí aniar aduaidh ar na Gearmánaigh. Ní raibh longa aimsire acu san Atlantach Thuaidh agus ní raibh a fhios acu go raibh feabhas le teacht ar an aimsir chomh gasta sin i ndiaidh na stoirme.

na mairbh ar an trá
saighdiúirí gortaitheː trá Omaha

Cuntas finné súlː an "8th Irish"[9][cuir in eagar | athraigh foinse]

Amuigh ar an fharraige (6 Meitheamh), bhí iontas ar Jim Fitzsimons an méid sin bád a fheiceáil ar gach taobh, iad uilig ar an bhealach go dtí an Normainn. “Sa deireadh bhí muidne san 8th Irish mar chuid den ghrúpa tosaigh san ionradh farraige ba mhó riamh, " a deir sé. Bhí sé 24 bliana d’aois. Sular bhain siad Trá Juno amach, léim siad trasna go LCA (báid dul i dtír) agus dúirt siad a bpaidreacha deireanacha iontu. Nuair a bhain siad an trá amach, bhí an t-uisce suas go dtí a mbrollach nuair a léim siad as an LCA agus bhí greim dhá lámh ag Jim ar a raidhfil os cionn a chinn, agus piléir ag feadaíl thart lena chluasa. Rith siad go gasta i dtreo na ndumhcha, áit ar troid siad lámh go lámh leis na Gearmánaigh. Ansin, b’éigean dóibh bealach a ghlanadh trí na mianaigh talún do na Royal Winipeg Rifles. Bhí coirp agus saighdiúirí gortaithe i ngach áit ach lean siad ar aghaidh leis an dualgas a bhí orthu a chomhlíonadh... "

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Na Comhghuaillithe a tugadh ar na tíortha sin a bhí ag troid in aghaidh Chumhachtaí na hAise: An Bhreatain, SAM, an tAontas Sóivéadach agus eile. Bhí Éire neodrach le linn an chogaidh.
  2. “D-Day” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-06-09. Dáta rochtana: 2015-06-08.
  4. "What is D-Day?" (en-US). The D-Day Story, Portsmouth. Dáta rochtana: 2019-06-06.
  5. Dave Roos. "How Many Were Killed on D-Day?" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  6. Coláiste Oiriall. "An Dara Cogadh Domhanda agus an Cogadh Fuar". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-07. Dáta rochtana: 2019.
  7. "‘Storm Front in Mayo’ – an bhean óg ar an bhFód Dubh a bhí lárnach i roghnú D-Day" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  8. Shane Ó Curraighín (2019-06-06). "Bean Ghaeltachta a raibh ról suntasach aici in imeachtaí D-Day" (as ga). 
  9. Jim Fitzsimons. "Cur síos ar Ionradh D-Day ó dhuine a bhí ansin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-06.