Marie Antoinette na hOstaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marie Antoinette

Rugadh Marie Antoinette, iníon an Impire Proinsias I agus Maria Theresa, Ard-Bhandiúc na hOstaire, ar 2 Samhain 1755 – duine de sheisear clainne déag. Cúig bhliana déag d’aois a bhí sí, nuair a phós an Dauphin í sa bhliain 1770. Tháinig sé siúd i gcoróin mar Laoiseach XVI na Fraince agus rinneadh Banríon na Fraince di.

Cuireadh ardtréas ina leith agus ciontaíodh í ina éineacht lena fear céile. Chuaigh sí chun an ghilitín ar 16ú Deireadh Fómhair 1793 mar gheall air sin.