Bernard de Clairvaux
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Manach, misteach agus cosantóir an teagaisc thraidisiúnta i ré na bhfadhbanna nua ba ea Bearnárd de Fontaine, Ab Clairvaux (1090-1153). Chuaigh sé i ngleic le hAbélard, scoláire a sheas do rudaí ab fhuath le Bernard: intleacht gháifeach, díomas, dialachtaic chliste, clú ollmhór, agus creideamh a bhí chomh cíortha sin ag an réasún go raibh beatha an spioraid thíos leis. Shéan Bernard gur chóir rúndiamhra Dé a iniúchadh.