Cistéirsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas na gCistéirseach

Is ord manach de chuid na hEaglaise Caitlicí é Ord na gCistéirseach, ar a dtugtar na Cistéirsigh nó na Manaigh Bhána (mar gheall ar an aibíd bhán a chaitheann siad) chomh maith. Bhunaigh Robert Molesme an chéad mhainistir Chistéirseach sa bhliain 1098 ag Mainistir Cîteaux, agus bunaíodh an chéad mhainistir Chistéirseach in Éirinn ag an Mainistir Mhór, i gContae Lú.