An Mhainistir Mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba í An Mhainistir Mhór an chéad mhainistir Chistéirseach in Éirinn. Mellifont Abbey a thugtar uirthi sa Bhéarla, ainm a tháinig ón Laidin: 'Tobar Meala'. Bunaíodh í sa bhliain 1142. Tá sí suite i gContae Lú, thart ar 10km ó Dhroichead Átha. Níl fágtha di anois ach fothracha agus is séadchomhartha náisiúnta é an suíomh.

Fothracha na Mainistreach Móire
Fothracha na Mainistreach Móire