Alain de Lille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Diagaí agus file Francach ab ea Alain de Lille (Alanus de Insulis : t. 1116/1117 -1202). Is beag eolas atá againn air, cé go ndealraíonn sé go mbíodh sé ag teagasc i bPáras. Ba mhór an clú a bhí air de bharr a mhéid eolais; thugtaí Doctor universalis air, cé go deirtear nár mhachnóir domhain é.