San Mairíne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Serenissima Repubblica di San Marino
Poblacht Ró-Gheal San Mairíne
Bratach Armas
Bratach Armas
Mana: Libertas (Saoirse)
Amhrán náisiúnta: "Inno Nazionale della Repubblica"
Suíomh
Príomhchathair San Mairíne
43°56′ Thuaidh 12°27′ Thoir
An chathair is mó Dogana
Teangacha oifigiúla Iodáilis
Rialtas Poblacht
Valeria Ciavatta‎, agus
Luca Beccari
Neamhspleáchas
3 Lúnasa 301
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
61 km² (223ú)
~
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh [[ ]]
 • Dlús
 
29,615 (212ú)

481/km² (20ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2001
$904 milliún (195ú)
$34,600 (12ú)
Airgeadra Euro () (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .sm
Glaochód +378 (+0549 ón Iodáil)

Mionstát i ndeisceart na hEorpa í Poblacht Ró-Gheal San Mairíne (Iodáilis: Serenissima Repubblica di San MarinoSan Marino). Tá San Mairíne suite i lár na hIodáile, agus baintear feidhm as an euro.

Níl ach 61.5 ciliméadar cearnach de mhéid ann, agus tá 31,373 duine ina gcónaí ann. Tá sé ar na baill de Chomhairle na hEorpa agus de na Náisiúin Aontaithe is lú daonra.

Is í Cathair San Mairíne an phríomhchathair, agus tugtar sammarinesi (Sanmairínigh) ar an muintir. Sa bhliain 2008 cuireadh lár na príomhchathrach agus Monte Titano faoi choimirce Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe. [1] Leanúnachas na Poblachta ba chúis leis, de réir mar a dúirt an coiste.[2]

Polaitíocht[athraigh | edit source]

Tugtar "An Ard-Chomhairle Mhór" (Il Consiglio Grande e Generale), ar pharlaimint San Mairíne, agus vótálann muintir na poblachta sna holltoghcháin uair amháin in aghaidh na gcúig mblian. Tugtar "Captaein an Stáit" (Capitani Reggenti) ar an mbeirt cheann stáit, agus iad á dtoghadh ag an Ard-Chomhairle Mhór uair amháin in aghaidh na leathbhliana. Tháinig an córas seo ar an bhfód sa bhliain 1243. Roimhe sin, bhí fir cheannais na dteaghlach ba saibhre ag rialú na tíre ina gcomhairle ar a dtugtaí Arengo, agus bhí cumhacht an chinn stáit dílsithe don Arengo go léir, mar chomhthionól.

Tá trí scór comhalta ar an Ard-Chomhairle Mhór, agus níl ann ach aon seomra reachtach amháin. Is é sin, níl seanad ná teach tiarnaí ann.

Cathair San Mairíne: trí Santa Croce e trí Salita alla Roca.

Is iad an Páirtí Críostaí Daonlathach agus Páirtí na Sóisialaithe is na nDaonlathach an dá pháirtí is tábhachtaí i bPoblacht San Mairíne. De ghnáth, ní hionann an páirtí polaitíochta don bheirt Chaptaen, nó is fearr leis an Ard-Chomhairle maolú agus cothromú a dhéanamh ar na contrárthachtaí polaitiúla agus iad ag toghadh na gCaptaen.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tíreolaíocht Fhisiceach[athraigh | edit source]

Tá San Mairíne ar an tríú tír is lú san Eoraip. Tá cuma ceathairshleasáin neamhrialta air agus é cnocach go leor. Is é Monte Titano an sliabh is airde, agus é 739 méadar os cionn dhromchla na farraige. Go bunúsach, is éard a bhfuil ann ná carracán ollmhór aolchloiche ón tréimhse Mhéicéineach.[3]. Tá dhá shliabh eile ann freisin, mar atá, Monte San Cristoforo agus Monte della Mandra. Stát talamhiata atá ann, gan teacht aige ar an bhfarraige.

Sníonn aibhneacha tríd an bpoblacht chomh maith. Is iad na cinn is tábhachtaí ná an Ausa, an Marano (nach bhfuil ach a bruach clé ar thaobh na Poblachta - is í an abhainn teorainne idir Rimini agus San Mairíne í), agus an abhainn atá ainmnithe as an bpoblacht féin, mar atá, Rio San Marino.

Aeráid[athraigh | edit source]

Aeráid Mheánmhuirí atá ann, agus is é is impleacht dó sin ná go mbíonn se te go maith sa samhradh, agus an geimhreadh fuar feannta. Sa samhradh bíonn an teocht idir 20 agus 30 céim Celsius, nó 35 féin, agus idir 5 agus 10 sa gheimhreadh.

Tíreolaíocht Pholaitiúil[athraigh | edit source]

San Marino.png

Tá an tír roinnte ina naoi mbardas a dtugtar ‘caisleáin’ (castelli) orthu:

  • Cathair San Mairíne – an phríomhchathair
  • Acquaviva
  • Borgo Maggiore
  • Chiesanuova
  • Domagnano
  • Faetano
  • Fiorentino
  • Montegiardino
  • Serravalle

Is é Dogana an áit is flúirse daoine, ach ní caisleán ann féin é. Cuid de chaisleán Serravalle é ó thaobh an riaracháin de.

Tá na caisleáin roinnte ina gceithre thoghlach is daichead (curazie).

Daonra[athraigh | edit source]

Sa bhliain 2007 bhí 30,926 duine ina gcónaí sa Phoblacht. Sanmairínigh iad 85% den phobal agus is Iodálaigh iad 10%, rud a fhágann gur eachtrannaigh an chuid eile. Is é an Caitliceachas an príomhchreideamh.

Tá timpeall 17,000 Sanmairíneach ina gcónaí lasmuigh den Phoblacht, agus a bhformhór le fáil sa Iodáil féin, in Emilia-Romagna agus i Marche. Tá timpeall 6,600 duine ina gcónaí thar lear.

Tá an daonra ag dul i méid i gcónaí: bhí 7,080 duine ann de réir an chéad daonáireamh (1864), 7,464 de réir an dara ceann (1874) agus 9,359 de réir an tríú ceann (1899). Bhí 12,100 duine ann sa bhliain 1947 agus 12,284 sa bhliain 1976.

Faoin mbliain 2005 bhí méadú 1.3% ag teacht ar an daonra, agus measadh an mheánaois báis mar 81.62 bliain.

Is í an Iodáilis an teanga oifigiúil, agus labhraítear an chanúint romanoglo.

Monte Titano.

Stair[athraigh | edit source]

Ón Seanreacht go dtí na Meánaoiseanna[athraigh | edit source]

Deir an finscéal gur bhunaigh San Mairíne, deagánach agus saor cloiche ó oileán Arbe sa Dalmáit a bhí ag teitheadh ó ghéarleanúint Dhióicléitianas, pobal beag Críostaí ar Monte Titano, an sliabh is airde sa Phoblacht, ar 3 meán Fómhair 301. Bean ghustalach ó Rimini ba ea an tiarna talún agus thug sí an ceantar don phobal nua. Thug siad ‘Tír San Mairíne’ ar an áit, agus deirtear go ndúirt Mairíne féin an méid a leanas lena lucht leanúna ag saothrú an bháis dó: Relinquo vos liberos ab utroque homine (Fágaim neamhspleách ar cheachtar [i.e. an Pápa agus an tImpire] sibh).

D’fhág an chomhairle seo a rian ar chúrsaí riaracháin míle bliain tar éis bhás an naoimh. Sa bhliain 1296, nuair a cuireadh an dlí ar mhainistir Valle Sant'Anastasio, dúradh gur dhiúltaigh siad dleachtanna a íoc toisc go ndearna a naomh ‘saor’ iad, de réir an mhana seo: Nemini teneri (Bí neamhspleách ar chách). Sa bhliain 1300, nuair a rinneadh socrú idir easpag Montefeltro agus roinnt ‘caisleán’ eile a raibh San Mairíne ar cheann acu, admhaíodh go raibh sé de cheart ag San Mairíne de réir ordú an naoimh gan dleachtanna a íoc. (Thángthas ar an gcáipéis úd i mainistir de chuid na Mion-Bhráithre ag Sant’Igne in aice le San Leo.)

Na Meánaoiseanna Déanacha agus Athbheochan an Léinn[athraigh | edit source]

Thug an Stát Pápach, faoi Nioclás IV, aitheantas don Phoblacht sa bhliain 1291. Nascadh caisleán Chiesanuova leis sa bhliain 1320. Sa bhliain 1351, tar éis d’easpag San Leo é a scaoileadh óna dhualgais fheodacha, rinneadh dúiche neamhspleách den Phoblacht.

Ní raibh sa Phoblacht ach Monte Titano go dtí an bhliain 1463, nuair a bhí ina ball den chomhcheangal a rug bua ar Sigismundo Pandolfo Malatesta, tiarna Rimini. Mar chúiteamh thug an Pápa Pius II Fiorentino, Montegiardino agus Serravalle di. An bhliain chéanna d’iarr Montefeltro go ngabhfaí é isteach sa Phoblacht, agus níor leathadh na teorainneacha ina dhiaidh sin.

Bhí an stát á rialú ag an Arengo, comhdháil na gcinn fine, ón mbliain 1000 amach, ach ní raibh a leithéid de shocrú oiriúnach agus an stát ag méadú. Sa 13ú haois bunaíodh tionóil pholaitiúla, Comhairle an Chaogad agus Comhairle an Trí Dhuine Dhéag, agus sa bhliain 1243 tháinig ‘Captaein an Stáit’ (Capitani Reggenti) i réim, fir ar thogh an tArengo iad agus a raibh cumhacht fheidhmeannach agus dlí acu. Ritheadh na chéad dlíthe sa bhliain 1263. Sa 15ú haois bunaíodh an Ard-Chomhairle Mhór (Consiglio Grande e Generale), tionól a raibh seasca ball den Arengo ann. Ach de réir a chéile ghlac na forais nua an chuid ba mhó dá chúraimí ón Arengo, agus cé nár cuireadh é siúd ar ceal riamh, bhí sé chomh lag sin gur ar éigean a tionóladh arís é ón mbliain 1571 amach.

An Tréimhse Nua-Aimseartha[athraigh | edit source]

Bunreacht na bliana 1600

Ar 8 Deireadh fómhair 1600 cuireadh an chéad bhunreacht scríofa, Leges Statutae Sancti Marini, ar fáil, rud atá ina bhunús le dlíthe na Poblachta go fóill, i dteannta le dlíthe toghchánaíochta na dtríochaidí.

Tar éis na bliana 1700 thosaigh na forais ag meath: chuaigh an Ard-Chomhairle Mhór ó smacht agus í ag feidhmiú ar mhaithe le baicle teaghlach uasal, baicle a bhí ag dul i laghad. Ní raibh a baill á dtoghadh ag an Arengo a thuilleadh ach á gcomhthoghadh ag an gComhairle féin. Mar sin a lean an scéal go dtí an bhliain 1906, nuair a chuaigh an tArengo i mbun nuachóiriú daonlathach na tíre.

D’fhulaing an Phoblacht trí thréimhse ghearra forghábhala. Sa bhliain 1503 ghabh Cesare Borgia í ar feadh roinnt míonna roimh a bhás. Sa bhliain 1739 rinne an Cairdinéal Alberoni iarracht ar an bPoblacht a ghabháil ar mhaithe leis an Stát Pápach, iarracht a theip de bharr idirghabháil stát eile, easumhlaíocht shibhialta agus gearán a dhéanamh leis an bPápa. Tharla an fhorghabháil dheireanach sa bhliain 1944 nuair a tháinig na Gearmánaigh agus iad ag cúlú, agus ansin na Comhghuaillithe, a d’fhan cúpla seachtain ann.

Thug Napoléon aitheantas don Phoblacht sa bhliain 1797 thar ceann na Fraince, aitheantas a thug tíortha Eorpacha eile freisin ag Comhdháil Vín sa bhliain 1815. Deirtear gur thairg Napoléon teorainn na Poblachta a fhairsingiú chomh fada le Muir Aidriad, tairiscint nár glacadh léi. Dá bhrí sin níor áiríodh an Phoblacht mar pháirtí de chuid na Fraince ag an gComhdháil.[4]

An 19ú hAois[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1849, tar éis threascairt na Poblachta Rómhánaí, theith Giuseppe agus Anita Garibaldi go bhfuair siad dídean i San Mairíne.

Le linn an Risorgimento (is é sin, cogaí aontaithe na hIodáile) bhí an Phoblacht ina dídean ag mórán a bhí páirteach i gcoimhlintí na mblianta sin, coimhlintí a raibh lámh ag a lán Sanmairíneach iontu. Sa bhliain 1849, nuair a bhí Garibaldi ag iarraidh an Veinéis a bhaint amach, thimpeallaigh ceithre arm é ag Macerata Feltria. D’iarr Garibaldi ar an Ard-Chomhairle Mhór ligean dó dul trasna San Mairíne, ach tugadh diúltú dó. D’iarr sé arís é, agus an uair seo ní fhan sé le diúltú ach chuaigh thar teorainn isteach leis an 1,500 fear a bhí aige fós agus d’iarr dídean go pearsanta. Thug Domenico Maria Belzoppi I, Captaen Stáit agus liobrálach a sacadh i bpríosún tar éis achrainn i Rimini sa bhliain 1845, dó í mar mhalairt ar dhul in urrús ar neamhspleáchas an stáit agus ar é a chosaint ar namhaid armtha.

Lean San Mairíne air ag fáiltiú roimh na teifigh agus ag tacú leis an gceannairc, rud a mhúscail amhras sa Stát Pápach agus san Ostair. Bheartaigh an dá thír úd ar an bPoblacht a fhorghabháil ach theip air seo de bharr idirghabháil Napoléon III na Fraince.

Nuair a aontaíodh an Iodáil laghdaígh contúirt na forghabhála dá réir. Rinneadh conradh cairdis (trattato d’amicizia) ar 2 Márta 1862 a bhí ina urra ar neamhspleáchas na Poblachta agus a chuir cúrsaí tráchtála chun cinn. Athbhreithníodh é sna blianta 1939 agus 1971 i ngeall ar aontas custaim agus ar fhóirdheontas bliantúil a fháil ón Iodáil.

Sa dara cuid den 19ú haois bheartaigh cuid den lucht intleachta ar shaol an phobail a athchóiriú, saol coimeádach tuaithe. Dá bhrí sin cuireadh clár úinéireachta talún (catasto) ar bun sa bhliain 1858, osclaíodh ospidéal nua sa bhliain 1865, cuireadh bail nua ar an gcóras poist agus bunaíodh an teileagraf sa bhliain 1880, agus foilsíodh cód peannaideach sa bhliain 1865 a chealaigh pionós an bháis. Tosaíodh ag fostú mórán múinteoirí sa bhliain 1880, agus bunaíodh an Cumann Comharthacaíochta (la Società di Mutuo Soccorso) sa bhliain 1876 i gcomhair oibrithe bochta, cumann a chuidigh leis an mBanc Taisce a bhunú.

Mar sin féin, is beag dul chun cinn a rinne an geilleagar, agus an fheirmeoireacht chomh neamhthorthúil sin. Bhain 80% den phobal le muintir na tuaithe, agus ceárdaithe, oibrithe cathrach agus lucht gnó ba ea an fuíoll. Bhí mórán gan obair agus bhí an tionsclaíocht lag, rud a sheol neart daoine thar teorainn amach chun Meiriceá, chun na Fraince agus chun na hEilbhéise.

An 20u hAois[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1906 tharla réabhlóid shíochánta a chuir cuma nua ar an gcóras toghchánaíochta. Tar éis don Arengo a thionól rinneadh dlí a chuir deireadh le smacht na holagarcachta agus a dúirt go gcaithfí an tríú cuid den Ard-Chomhairle a thoghadh gach trí bliana.

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda bhí eagla ar an Iodáil go dtabharfadh San Mairíne dídean do thréigtheoirí agus chuir sí brú ar an bPoblacht ar dheacair do lucht na neodrachta, dream ar sheas an Páirtí Sóisialach dóibh, cur ina choinne. Chuaigh roinnt Sanmairínigh in arm na hIodáile agus soláthraíodh ospidéal machaire. Tugadh óráidí faoina riachtanaí a bhí sé greim a fháil arís ar Rab, oileán Dalmátach arbh é áit dhúchais an naoimh féin é, cé gur chuir an chaint seo colg ar na húdaráis Ostra-Ungáracha.

Tháinig drochbhail ar an ngeilleagar agus an cogadh ar siúl, de dheasca boilsciú, dífhostaíochta agus gan beartas soiléir eacnamaíoch a bheith ann. Thairis sin de, bhí lochtú géar á dhéanamh ar an gciondáil, rud a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1915: bhí ábhair riachtanacha bia agus earraí eile á bhforéileamh ar phraghas socair, agus ní mó ná sásta a bhí lucht curadóireachta ná na sóisialaigh dá bharr.

Tar éis an chogaidh féin theip ar na trí pháirtí ba mhó (sóisialaigh, daonlathaigh choimeádacha agus, tar éis na bliana 1920, páirtí pobail) rialtas buanseasmhach a bhunú agus an geilleagar a fheabhsú. Bhí daoine míshásta leis an leasú cánach a rinneadh sa bhliain 1922, agus bhí olc ar fhaisistigh Iodálacha toisc go raibh easaontóirí ag dul ar a gcoimeád i San Mairíne.

Sa bhliain 1922 bunaíodh an PFS, Partito Fascista Sammarinese (Páirtí Faisisteach Sanmairíneach), agus é ag feidhmiú ar son baicle tiarnaí talún. Tháinig sé i dtreis i dtoghcháin na bliana 1923, agus beartas frithdhaonlathach aige arbh ionann é agus beartas na bhfaisisteach Iodálach. Ba mhinic ina bhualadh é ag na faisistigh agus ag lucht na heite clé. Bhí ag teip ar na páirtithe eile réiteach le chéile fós, agus sa bhliain 1923 d'éirigh leis na faisistigh an Ard-Chomhairle a scaoileadh agus Consiglio Principe e Sovrano (Príomh-Chomhairle Ceannasach) a chur ina háit. Níor rith ach iarrthóirí faisisteacha agus beagán iarrthóirí Caitliceacha i dtoghcháin na bliana 1923, agus scaoileadh na páirtithe eile ar fad. Tháinig rialtas PFS i réim, ach bhíodh an oiread sin aighnis ar siúl sa pháirtí go mbíodh orthu dul ag iarraidh cabhrach ar a gcairde san Iodáil, rud a lig don pháirtí Iodálach dul i bhfeidhm de réir a chéile ar pholaitíocht San Mairíne.

Ón mbliain 1930 amach bhí bail níos fearr ag teacht ar shaol an phobail. Bhí oibreacha poiblí ar siúl, tháinig feabhas ar chúrsaí tionsclaíochta agus tráchtála, tógadh iarnbhóthar go dtí Rimini agus thosaigh turasóirí ag teacht.

Ní raibh na faisistigh gan freasúra i rith an chogaidh féin. Sna blianta 1941 agus 1942 cuireadh eagraíocht rúnda frithfhaisisteach ar bun faoi cheannas cuid ceannairí sóisialacha. Chuaigh treascairt an Fhaisisteachais san Iodáil i bhfeidhm ar na Sanmairínigh gan mhoill ar bith, agus ar 28 Iúil 1943, trí lá tar éis gur thit an tóin as rialtas Mussolini, cuireadh léirsiú mór ar siúl a raibh scaoileadh an PFS mar thoradh air. Gealladh go mbeadh toghcháin nua ann.

Bhí ainm na neodrachta ar an bPoblacht le linn an chogaidh, agus tugadh dídean do 100,000 teifeach nó os a chionn fad is a bhí an troid ar siúl ar feadh na Líne Gotaí sa chuid thuaidh den Iodáil.[5] D'ainneoin na neodrachta, bhuamáil na Comhguaillithe an Phoblacht ar 26 Meitheamh 1944 de bharr eolas contráilte a fháil. Milleadh an t-iarnród agus maraíodh 63 dhuine.

An Tréimhse Iarchogaidh[athraigh | edit source]

Tar éis threascairt an Fhaisisteachais tháinig comhrialtas den eite chlé i réim. Sa bhliain 1950 cuireadh córas leasa shóisialaigh ar bun. Chuaigh sé rite le rialtas na hIodáile suas le rialtas den eite chlé i San Mairíne agus an Cogadh Fuar i dteann a réime, agus dhruid sé an teorainn sa bhliain 1950, rud a chuir isteach ar chúrsaí tráchtála agus ba chúis le cúpla monarcha áitiúil a dhúnadh.

Sna seascaidí agus sna seachtóidí tugadh aitheantas do roinnt cearta sibhialta, agus ceart vótála na mban san áireamh (1960). D'fhan comhrialtais den eite chlé i réim, cé go ndeachaigh na Daonlathaigh Chríostaí i gcomhar leis na Cumannaigh sa bhliain 1988. Níor tháinig aon athrú mór ar an gclaonadh clé, áfach, rud ba léir chomh déanach le toghcháin na bliana 2006, nuair a tháinig comhrialtas meánchlé i dtreis.

Bhí an Phoblacht ag fáil aitheantas idirnáisiúnta i gcónaí, agus nasc taidhleoireachta á dhéanamh aici le mórán tíortha. Tá sí ina ball de Chomhairle na hEorpa ón mbliain 1988 i leith, agus ghlac sí an Uachtaránacht sa bhliain 1990. Tá sí ina ball de na Náisiúin Aontaithe ón mbliain 1992 i leith.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Fabio Foresti: Quella nostra sancta libertà. Lingue, storia e società nella Repubblica di San Marino. Biblioteca e ricerca. Quaderni della Segretaria di Stato per la Pubblica Istruzione, Affari Sociali. Istituti Culturali e Giustizia 6. Aiep, San Marino 1998. ISBN 88-86051-66-2
  • Giovanni Spadolini: "San Marino, l'idea della repubblica", Firenze : Le Monnier, maggio 1989. ISBN 88-00-85629-2.

Naisc[athraigh | edit source]

An Iodáil

Naisc Eachtracha (in Iodáilis)[athraigh | edit source]

Oideachas[athraigh | edit source]