Comhdháil Vín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhdháil Vín
Íomhá
Map
 48°12′31″N 16°21′50″E / 48.2085°N 16.36381°E / 48.2085; 16.36381
Lipéad sa teanga dhúchais(de) Wiener Kongress Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálconradh síochána
comhdháil síochána Cuir in eagar ar Wikidata
TréimhseSamhain 1814 - Meitheamh 1815
Dáta na bliana1815 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhVín, An Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Klemens Wenzel von Metternich
 Ina hionadaí do: Impireacht na hOstaire (aire eachtrach)
Baron Johann von Wessenberg-Ampringen
 Ina hionadaí do: Impireacht na hOstaire
Robert Stewart, Bíocunta an Chaisleáin Riabhaigh
 Ina hionadaí do: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann (aire eachtrach)
Arthur Wellesley, 1ú Diúc Wellington
 Ina hionadaí do: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Richard Trench, 2nd Earl of Clancarty (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Karl August von Hardenberg (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: An Phrúis
Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord
 Ina hionadaí do: an Fhrainc (aire eachtrach)
Frédéric-Séraphin de La Tour du Pin Gouvernet (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: an Fhrainc
Wilhelm von Humboldt
 Ina hionadaí do: An Phrúis
Emmerich Joseph de Dalberg (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: an Fhrainc
Friedrich von Gentz (rúnaí)
Pedro de Sousa Holstein, 1st Duke of Palmela (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Impireacht na Portaingéile
Joaquim Lobo da Silveira, 7th Count of Oriola (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Impireacht na Portaingéile
António de Saldanha da Gama, Count of Porto Santo (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Impireacht na Portaingéile
Karl Nesselrode (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Impireacht na Rúise (aire eachtrach)
Andrii Rozumovskyi (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Impireacht na Rúise
Gustav Ernst von Stackelberg (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Impireacht na Rúise
Jean de Noailles (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: an Fhrainc
William Cathcart, 1st Earl Cathcart (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Pedro Gómez Labrador, Marquis of Labrador (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: an Spáinn
Carl Löwenhielm
 Ina hionadaí do: an tSualainn
Nikolaus von Wacken (en) Aistrigh
Niels Rosenkrantz (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: an Danmhairg (aire eachtrach)
Richard Trench, 2nd Earl of Clancarty (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht na hÍsiltíre
Hans Christoph Ernst von Gagern
 Ina hionadaí do: Ríocht na hÍsiltíre
Charles Pictet de Rochemont
 Ina hionadaí do: cantún na Ginéive
Ercole Consalvi (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Stáit an Phápa
Agostino Pareto (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Poblacht Ghenova
Maximilian von Montgelas (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht na Baváire
Luigi de' Medici (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht an Dá Shicil
Hans von Reinhard
 Ina hionadaí do: an Eilvéis
Johann Heinrich Wieland
 Ina hionadaí do: an Eilvéis
Jean de Montenach
 Ina hionadaí do: an Eilvéis
Carl Philipp von Wrede (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht na Baváire
Aloys Franz Rechberg und Rothenlöwen (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht na Baváire
Johann Smidt (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Bremen
Antoine Marie Philippe Asinari de Saint-Marsan (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht na Sairdíne
Filippo Magawly Cerati
 Ina hionadaí do: Stáit an Phápa
Charles Vane, 3ú Marcas Dhoire
 Ina hionadaí do: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Georg Ernst Levin von Wintzingerode (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ríocht Württemberg
Leopold von Plessen (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Grand Duchy of Mecklenburg-Schwerin (en) Aistrigh
Ernst zu Münster (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Kingdom of Hanover (en) Aistrigh
Friedrich Schlegel
 Ina hionadaí do: Impireacht na hOstaire
Franz Binder von Kriegelstein
 Ina hionadaí do: Impireacht na hOstaire
Karl August Varnhagen von Ense (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: An Phrúis
Friedrich August von Staegemann (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: An Phrúis
Karl Friedrich von dem Knesebeck (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: An Phrúis
Wilhelm Ludwig Leopold Berstett (en) Aistrigh
 Ina hionadaí do: Ard-Diúcacht Baden Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisBorder Kingdom of Saxony-Kingdom of Prussia 1815 (en) Aistrigh
borderstones Belgium-Prussia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
"Comhdháil Vín" - pictiúir le Jean-Baptiste Isabey (1819)

Is éard a bhí i gceist le Comhdháil Vín ná cruinniú idirnáisiúnta a tháinig le chéile i Vín, príomhchathair na hOstaire, i Mí na Samhna 1814 agus a scoir i Mí an Mheithimh 1815. Ba é an Prionsa Klemens Wenzel von Metternich, an státaire Ostarach, a d'eisigh an ghairm chruinnithe agus a bhí ina chathaoirleach. Bhí sé de chuspóir ag an gcomhdháil ná cuma cheart a chur ar an Eoraip i ndiaidh réabhlóid na Fraince agus chogaí Napoleon, go háirithe ó tháinig deireadh le hImpireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh. De thoradh na Comhdhála, d'athraigh na teorainneacha ina lán áiteanna ar fud na hEorpa.

Daoine a bhí i láthair ag an gComhdháil thar cionn na gCeithre Mórchumhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Klemens Wenzel von Metternich, Aire Gnóthaí Eachtracha na hOstaire, agus a fhear cúnta, an Barún Johann von Wessenberg, thar cionn na hOstaire;
  • Tháinig toscaireacht oifigiúil ón Rúis faoi cheannas Karl Robert Nesselrode, Aire Gnóthaí Eachtracha na hImpireachta, ach bhí an tImpire féin, Alastar a hAon, i láthair.
  • Maidir leis an bhFrainc, níor chuir sé iontas ar aon duine go raibh Talleyrand - Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord, an seantaidhleoir cliste a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha sa Fhrainc le linn na Réabhlóide, i réimeas na ríthe agus i ré Napoleon - ag coinneáil súile ar shainleas a thíre féin le linn na comhdhála seo fosta.
  • Agus maidir leis an "gcúigiú mórchumhacht", an Phrúis, bhí an Seansailéir Karl August von Hardenberg agus an scoláire clúiteach Wilhelm von Humboldt i láthair, chomh maith le rí a dtíre, Feardorcha Uilliam (Friedrich Wilhelm) a Trí.

Torthaí na Comhdhála[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fuair an Rúis an chuid ba mhó de Dhiúcacht Vársá (an stát soip a bhunaigh Napoleon do na Polannaigh). Sa bhliain 1809, shealbhaigh an Rúis an Fhionlainn ón tSualainn, agus cheadaigh an Chomhdháil don Impire Alastar an gabháltas seo a choinneáil.
  • Tugadh dhá chúigiú cuid den tSacsain don Phrúis, chomh maith le tailte iartharacha Dhiúcacht Vársá, chomh maith le Danzig agus Westfalen.
  • Cuireadh Cónaidhm na Gearmáine in áit na hImpireachta Naofa Rómhánaí, agus d'aontaigh an Chomhdháil an 360 mionstát a bhí sa Ghearmáin roimhe seo go 38 stát faoi uachtaránacht Impire na hOstaire. Níor chuireadh ach codanna de chríoch na hOstaire agus na Prúise isteach sa Chónaidhm.
  • Aontaíodh an Ollainn agus "Deisceart na hÍsiltíre" (= An Bheilg, a bheag nó a mhór) in aon mhonarcacht amháin, agus rí den rítheaghlach Oráisteach (Nassau-Oranje) á rialú.
  • Fuair an Phrúis "Pomaráin na Sualainne", is é sin, na tailte i dTuaisceart na Gearmáine, timpeall Stralsund agus Greifswald, a bhí faoi fhorlámhas na Sualainne go dtí an bhliain 1814 agus a tugadh don Danmhairg sa bhliain sin.
  • Fuair an Pápa a chuid Stát san Iodáil ar ais, ach choinnigh an Fhrainc seilbh ar Avignon agus ar Comtat Venaissin (an réigiún timpeall ar Avignon).
  • Fuair Rí na Sairdíne ar ais a chuid tailte i bPiemonte, i Saváí agus i Nice, agus thairis sin, cuireadh Poblacht Genoa ar ceal agus tugadh na tailte do Rí na Sairdíne.