An Úcráinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úcráinis
(українська мова ukrayins'ka mova)
Á labhairt: An Úcráin, an Rúis, an Rómáin, an Chasacstáin, an Bhrasaíl, Ceanada agus tíortha eile.
Réigiún: Oirthear na hEorpa
Cainteoirí san Iomlán: 39.4 milliún mar phríomhtheanga
Rang: 26
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais
 Balta-Shlavais
  Slavais
   Slavais Oirthearach
    Úcráinis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Úcráin, Transnistria
Foras Pleanála Teanga: Національна академія наук України Natsional’na akademiya nauk Ukrayiny (Acadamh Náisiúnta Léinn agus Eolaíochta na hÚcráine)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 uk
ISO 639-2 ukr
ISO 639-3 ukr
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Shlavach Oirthearach is ea í an Úcráinis a labhraítear go coitianta san Úcráin agus mar theanga mhionlaigh sna tíortha atá ag críochantaíocht leis an Úcráin. Tá pobail mhóra Úcránacha i dtíortha an Bhéarla chomh maith, go háirithe i gCeanada. Glactar leis go bhfuil Úcráinis ag timpeall is 40 milliún duine. Úsáidtear an aibítir Choireallach leis an Úcráinis a scríobh, ach tá litreacha áirithe in úsáid san Úcráinis nach bhfuil le fáil in aibítir na Rúisise - є, і, ї, ґ.

Tá trí phríomhchanúint ann, mar atá, an ceann tuaisceartach, atá níos cosúla leis an mBealarúisis, an ceann iardheisceartach, agus é tar éis cuid mhór focail iasachta a fháil ón bPolainnis, agus an ceann oirdheisceartach, atá níos cosúla leis an Rúisis ná an bheirt eile acu. Is í canúint an oirthir a bhí mar dhúshraith leis an gcaighdeán oifigiúil i laethanta an Aontais Shóivéadaigh, ach tá traidisiún liteartha dá cuid féin ag an gcanúint iartharach, ós rud é go raibh iardheisceart an limistéir ina labhraítear an teanga dealaithe ón Úcráin Shóivéadach sna blianta idirchogaidh, agus é curtha leis an bPolainn. Inniu, is é iarthar na hÚcráine an chuid den tír is láidire ó thaobh na teanga dúchasaí de, agus creidtear go mbeidh an caighdeán liteartha ag éirí níos cosúla leis an gcanúint iartharach de réir mar atá an teanga ag teacht chuici féin i ndiaidh bhlianta an tSóivéadachais.

Fógra sa mheitreo i gCív as Úcráinis

Tá an Úcráinis cosúil leis an Rúisis ar a lán dóigheanna, ós rud é go bhfuil dlúthghaol ag an dá theanga le chéile. Athraíonn an bhéim ó shiolla go siolla i bhfoirmeacha díochlaonta nó réimnithe éagsúla an fhocail sa dá theanga, agus bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir an teanga a fhuaimniú go ceart, ós rud é nach bhfuil a fhios aige an siolla ar a gcuirtear an bhéim i bhfoirm áirithe nó i bhfocal áirithe. Sa Rúisis, áfach, is gnách an guta faoi bhéim a fhuaimniú go fada agus na gutaí nach bhfuil faoi bhéim a lagú - go tipiciúil, déantar [a] den litir "o" i bhfuaimniú na Rúisise, ach san Úcráinis, bíonn na gutaí go léir soiléir leathfhada, cuma cé acu atá siad faoi bhéim nó nach bhfuil. Mar sin, tá blas na hÚcráinise níos cosúla leis an bPolainnis.

San Úcráinis, déantar cineál [h], nó fiú [γ] - gh leathan na Gaeilge - den litir úd г, a fhuaimnítear mar [g] sa Rúisis. Mar sin féin, úsáidtear an fhuaim [g] i roinnt focal iasachta - go háirithe focail Ghearmáinise a tháinig isteach tríd an bPolainnis, nó iasachtaí nua ón mBéarla. Úsáidtear an litir speisialta úd ґ leis na focail seo a scríobh.

Ní fheictear an litir Rúiseach ы san Úcráinis ar aon nós, nó d'imigh an difríocht idir и agus ы san Úcráinis. Mar sin, ní úsáidtear ach an litir и. Fuaimnítear cosúil le y na Polainnise í, agus ní chaolaíonn sí an consan roimpi. Ón taobh eile de, tá [i] nua forbartha san Úcráinis a chaolaíonn an consan roimhe, agus is mar і a litrítear é. Tá baint ag an і nua seo le о agus е na Rúisise, agus go tipiciúil, nuair a chuirtear iarmhíreanna díochlaonta leis an bhfocal, tagann о nó е in ionad an і.

I rith na mblianta d'imir an Pholainnis an-tionchar ar fhorbairt na hÚcráinise. Mar sin, tá stór focal na hÚcráinise breac le hiasachtaí Polainnise nó le focail a leanann múnlaí Polainnise: perebudova an focal Úcráinise ar "atógáil", cf. perestroika na Rúisise agus przebudowa na Polainnise. God an focal Rúisise ar "bliain", ach rok a deir an Polannach, agus is é rik an leagan Úcráinise (anseo a fheictear an dóigh a ndearnadh i den tsean-o san Úcráinis). Tá an focal rok le fáil sa Rúisis, ach is é is brí leis ansin ná "cinniúint".

Aibítir[athraigh | edit source]

А а Б б В в Г г Ґ ґ Д д Е е
Є є Ж ж З з И и І і Ї ї Й й
К к Л л М м Н н О о П п Р р
С с Т т У у Ф ф Х х Ц ц Ч ч
Ш ш Щ щ Ю ю Я я Ь ь

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]