Craobhchomórtas Sacair na hEorpa
- Féach ar Corn UEFA na hEorpa 2012 don chomórtas is déanaí.
Comórtas sacair idirnáisiúnta is ea Craobhchomórtas Sacair na hEorpa (ag tosú sa bhliain 1996 glaotar "Euro 2008" nó cibé bliain atá i gceist. Eagraíonn UEFA an comórtas gach ceithre bhliain agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta na hEorpa a bheith páirteach. Bhuaigh an Spáinn an craobhchomórtas sa bhliain 2008, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl sa Pholainn agus Úcráin sa bhliain 2012.
Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna chluichí ceannais. Ní bhíonn ach sé fhoireann déag sna chluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach go díreach isteach sna chluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dhá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.
As an trí chomórtas déag a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag naoi náisiún. Tá trí bhua ag an Ghearmáin, níos mó ná aon fhoireann eile.
Na Comórtais [athraigh]
- Eochair
- ab — tar éis am breise
- pion. — ciceanna pionóis
Naisc sheachtracha [athraigh]
- Suíomh Oifigiúil ag UEFA.com
- Stair ag UEFA.com
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.