An Bhealarúisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bealarúisis
(беларуская мова byelaruskaya mova)
Á labhairt: sa Bhealarúis, sa Pholainn
Réigiún: Oirthear na hEorpa
Cainteoirí san Iomlán: idir 4 agus 7 milliún
Rang: 68
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais
 Balta-Slavais
  Slavais
   Slavach oirthireach
    Bealarúisis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Bhealarúis
Foras Pleanála Teanga: Нацыянальная акадэмія навук Беларусі (Acadamh Náisiúnta na Bealarúise)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 be
ISO 639-2 bel
ISO 639-3 bel
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

BealarúisisBílearúisis - teanga Shlavach Oirthearach a labhraítear sa Bhealarúis agus i gceantair áirithe na Liotuáine agus na Polainne. Ós rud é nach bhfuil teorainn na dteangacha róshoiléir, is gnách canúintí gaolmhara sa Rúis nó san Úcráin a láimhseáil mar chanúintí Rúisise agus Úcráinise.

Stair[athraigh | edit source]

I mblianta tosaigh Aontas na Polainne agus na Liotuáine, ba nós "Liotuáinis" a thabhairt ar na canúintí Slavacha Oirthearacha a bhí á labhairt sa leath Liotuánach den Aontas, nó bhí cainteoirí na gcanúintí seo i bhfad níos líonmhaire san Aontas ná cainteoirí na fíor-Liotuáinise, nach teanga Shlavach í ar aon nós. Bhí Bealarúisis na linne seo, nó "an teanga seansailéireachta Iar-Rúiseach" (Ruthenian chancellery language), mar a thugann lucht an léinn Shlavaigh air ó am go ham, in úsáid mar theanga oifigiúil sa Liotuáin, agus bhláthaigh sí mar theanga chultúrtha freisin san tséú haois déag. Sa chéad aois eile, áfach, rinne na cogaí an-ródach ar an Liotuáin, agus ina dhiaidh sin, tháinig teanga na leithe iartharaí den Aontas, an Pholainnis, go mór chun tosaigh mar theanga chultúrtha sa Liotuáin féin, agus an Bhealarúisis agus an Liotuáinis féin ag géilleadh don fhorlámhas cultúrtha agus teanga seo i measc na scothaicmí. San ochtú haois déag, is beag a bhí fágtha de thraidisiún scríbhneoireachta na Bealarúisise, agus ní raibh ann a thuilleadh ach dornán de chanúintí labhartha. Is féidir, mar sin, cás na Bealarúisise a chur i gcomparáid le cás na Gaeilge.

Mar sin féin, d'fhan dream beag de mhaithe is de mhóruaisle áitiúla ag baint úsáide as an teanga lena ndlúthpháirtíocht leis an gcosmhuintir a chur in iúl. Tháinig athrú iomlán air seo nuair a thit oirthear na Polainne, is é sin, an Liotuáin agus an Bhealarúis, leis an Rúis, agus an chríochdheighilt ag dul ar an bPolainn i ndeireadh na hochtú haoise déag. B'é an tuiscint oifigiúil a bhí ag údaráis na Rúise ar an scéal nach raibh sa Bhealarúisis ach canuint de chuid na Rúisise, agus í truaillithe le focail iasachta Polainnise. Thairis sin, ní rabhthas ag labhairt mórán Bealarúisise sna cathracha riamh - b'í teanga na tuaithe í sa Bhealarúis féin, agus na cathracha ag roghnú na Polainnise, mura raibh siad ag dul leis an Rúisis in imeacht na mblianta.

Níor thosaigh an mórtas cine ná an náisiúnachas ag forbairt sa Bhealarúis ach deireanach go leor, i dtús na fichiú haoise. Roimh réabhlóid na Rúise, áfach, cheadaigh na húdaráis impiriúla sa Rúis teagasc na teanga sna scoileanna, go háirithe mar chuid de liobrálú an pholasaí i leith na dteangacha mionlaigh i ndiaidh thrioblóidí na bliana 1905.

Faoi choimirce na nGearmánach, tháinig stát Bealarúiseach ar an bhfód de thoradh an chonartha síochána a shínigh an Ghearmáin leis na Boilséivigh i mBrest-Litovsk. B'í an Bhealarúisis teanga oifigiúil an stáit nua, ach níor mhair sé thar aon bhliain amháin. Ina dhiaidh sin, thit an leath thiar leis an bPolainn agus an leath thoir leis an Rúis Shóivéadach. Rinneadh poblacht Shóivéadach den chuid oirthearach, áfach. Bhí sé de pholasaí ag na húdaráis Shóivéadacha ar dtús cuspóirí na ngluaiseachtaí náisiúnaíocha sna poblachtaí éagsúla a chomhthoghadh agus an teanga áitiúil a chur chun cinn go láidir - korenizatsiya/коренизация a thugtaí ar an bpolasaí seo as Rúisis, sin le rá, "dúchasú" nó "dúchasaíocht". Sna fichidí, agus an dúchasaíocht faoi lán an tseoil sa Bhílearúis, rinne an teanga an-dul chun cinn, nó tháinig gramadach chaighdeánaithe Branisłaǔ Taraškievič in úsáid go forleathan, agus cuireadh leabhair na gclasaiceach ar nós Jakub Kołas agus Janka Kupała i gcló.

Le teacht na dtríochaidí, áfach, tháinig athrú poirt ag an rialtas Sóivéadach. Bhí iartharachas agus idéalachas na mBoilséavach ag géilleadh do leithliseachas agus do pharanóia Stailín, agus é ag déanamh éirligh ar aon duine nó dream a d'fhéadfadh a fhorlámhas a cheistiú faoin am seo. Cuireadh spiaireacht agus "náisiúnachas buirgéiseach" i leith go leor intleachtóirí agus scríbhneoirí Bealarúiseacha, agus an chuid acu nár básaíodh ar an toirt, tugadh go dtí oileánra na gcampaí géibhinn iad, áit a bhfuair go leor eile acu bás agus iad á maslú in oibreacha troma na daorbhroide. Is follasach gur buille trom a bhí ann don teanga féin. Thosaigh na Bealarúisigh ag dul leis an Rúisis leis an milleánú faoi "náisiúnachas" a sheachaint, agus iad ag cur a gcuid páistí i scoileanna Rúisise. Thairis sin, caitheadh caighdeán gramadaí Taraškievič i dtraipisí, agus tugadh isteach caighdeán nua, Narkomaǔka, nó caighdeán Choimeasár an Phobail. Seasann an focal Rúisise "narkom" don "narodnyi kommissar", coimeasár an phobail - i dtúsbhlianta an stáit Shóivéadaigh, thugtaí "coimeasáir phobail" ar na hAirí Rialtais. Mar sin, is é atá i gceist le caighdeán an "narkom" ná caighdeán an Aire Oideachais. Bhí graiméar agus litriú an Aire Oideachais níos cosúla leis an Rúisis ná gramadach Taraškievič, agus is follasach go raibh an caighdeán nua seo ceaptha d'aonturas leis na cosúlachtaí idir an Rúisis agus an Bhealarúisis a íosmhéidiú.

Inniu féin, tá lucht leanúna an dá leagan den teanga in adharca a chéile. Mar sin, tá dhá leagan Bealarúisise den Vicipéid ann: an ceann sa cheartlitriú Narkomaǔka agus an ceann i gcaighdeán Branisłaǔ Taraškievič.

Bealarúisis (dearg) mar chéad teanga (2009)

I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh an leath Pholannach den Bhealarúis leis an mBealarúis Shóivéadach. Anois, bhí an chuid ba mhó de na Bealarúisigh in aon stát amháin, mura raibh ann ach an stát Sóivéadach. Níor chuidigh an t-athrú seo leis an teanga, áfach. D'fhan an Bhealarúisis ag saothrú an bháis faoi thionchar uileghabhálach na Rúisise, go dtí gur tháinig an peireastráice. B'ansin a cuireadh spéis sa Bhealarúisis arís.

Sa bhliain 1990, tháinig rialtas úr náisiúnaíoch i gceannas ar an mBealarúis, agus chrom sé ar an teanga a athbheochan go fairsing. Ní raibh ádh leis na hiarrachtaí, áfach. Bhí cuid mhór de mhuintir na Bealarúise féin den bharúil nach teanga a bhí ann ar aon nós ach canúint, agus í á labhairt ag na trudairí tuaithe. I ndiaidh cheithre bliana, d'éirigh leis na sean-Chumannaigh ruaigeadh a chur ar na náisiúnaithe, agus thosaigh siadsan ag cur na Rúisise chun cinn arís. Tá uachtarán na Bealarúise, Alaksandr Łukašenka, go tréan in aghaidh an náisiúnachais, agus é an-díspeagúil i leith athbheochan na teanga náisiúnta. Mar sin, siúd is go bhfuil an teanga ag cuid mhór de na Bealarúisigh i gcónaí, caithfidh an ghluaiseacht athbheochana oibriú ar chúla téarmaí.

Saintréithe na Bealarúisise[athraigh | edit source]

Fógra sa mheitreo i Minsc as Bealarúisis

Cosúil leis an Rúisis, déanann an Bhealarúisis an fhuaim a den o roimh an siolla faoi bhéim - feiniméan ar a dtugtar akańnie as Bealarúisis. Ní hamháin go ndéantar a den o san fhuaimniú, áfach - is gnách leis an mBealarúisis a a úsáid sa litriú freisin. Mar sin, scríobhtar an focal "Cumannachas" féin mar kamunizm sa Bhealarúisis.

Sa chuid is mó de na teangacha Slavacha, tá claontacht chun na consain roimh na gutaí I agus E a chaolú - cosúil leis an nGaeilge. Bíonn siad éagsúil go leor, áfach, maidir le caolú na gconsan déadach D agus T, agus é i bhfad níos láidre sa Pholainnis agus sa Bhealarúisis ná sa Rúisis, rud atá inaitheanta ar an bhfoirm scríofa féin, cf. an focal a chiallaíonn "páistí", dzieci sa Pholainnis agus sa Bhealarúisis (дзеці), deti (дети) sa Rúisis.

Na hAinmfhocail[athraigh | edit source]

Tá seacht dtuiseal ag na hainmfhocail sa Bhealarúisis, mar atá, an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach, an tuiseal ginideach, an tuiseal tabharthach, an tuiseal réamhfhoclach nó áitreabhach, an tuiseal ionstraimeach agus an tuiseal gairmeach. Níl ach iarsmaí beaga fágtha den ghairmeach sa Rúisis, go háirithe sa teanga reiligiúnach, ach is tuiseal beo é sa Bhealarúisis é i gcónaí.

Ó thaobh na n-ainmfhocal de, is í an difríocht is mó idir an Bhealarúisis agus na teangacha Slavacha a labhraítear timpeall na Bealarúisise ná an dóigh a bhfuil an iarmhír -оў/-oŭ, -аў/aŭ, -ёў/ioŭ, -яў/-iaў ag dul i bhfairsinge. Is í an iarmhír a chuirtear le tamhan an ainmfhocail sa ghinideach iolra. Tá iarmhíreanna gaolmhara sa Pholainnis agus sa Rúisis (-ów na Polainnise, -ов/ov na Rúisise), ach sna teangacha seo, ní chuirtear ach leis na hainmfhocail fhirinscneacha iad. Sa Bhealarúisis, áfach, tá an iarmhír seo coitianta ag na hainmfhocail neamhinscneacha féin, agus í ag dul i bhfairsinge ag na hainmfhocail bhaininscneacha chomh maith, rud a bheadh dodhéanta ar fad sa Rúisis chaighdeánach.

Na Briathra[athraigh | edit source]

Maidir leis na briathra, tá dhá ghné acu, an ghné neamhchríochnaithe agus an ghné chríochnaithe, agus iad á n-úsáid ar dhóigh atá sách cosúil leis na teangacha Slavacha eile. Is é sin, tá trí aimsir ag an mbriathar neamhchríochnaithe, mar atá, an aimsir láithreach, an aimsir fháistineach chomhshuite, agus an aimsir chaite. Tugann an aimsir láithreach le fios an rud atá díreach ag tarlú. An aimsir fháistineach chomhshuite, arís, tagraíonn sé d'imeachtaí nó do ghníomhartha sa todhchaí a bheidh ag tarlú, ach ní luaitear aon aidhm leo, agus ní thugtar le fios go mbainfear an aidhm sin amach. Tá an fhoirm seo comhshuite toisc go mbíonn dhá fhocal ann: infinideach an bhriathair agus é ag teacht ar lorg foirmeacha fáistineacha an bhriathair úd "bheith".

Ar ndóigh, tráchtann aimsir chaite an bhriathair neamhchríochnaithe ar imeachtaí a bhí ag titim amach, ach arís, ní deirtear, ar sroicheadh aidhm nó cuspóir. Tá dhá aimsir ag na briathra críochnaithe, is é sin, an fáistineach simplí agus an aimsir chaite. Cruthaítear foirmeacha an fháistinigh shimplí trí iarmhíreanna na haimsire láithrí a chur leis an tamhan, ach ós rud é go bhfuil ciall chríochnaithe leis an mbriathar, is í an chiall a bhainfear as na foirmeacha seo ná ciall an ghnímh a chríochnófar (agus a shroichfidh a chuspóir) sa todhchaí. Ar dhóigh cosúil leis, tagraíonn aimsir chaite na gné críochnaithe do ghníomh a críochnaíodh cheana agus a bhain amach a ainm.

Tugann gramadóirí áirithe Bealarúiseacha le fios go bhfuil córas na mbriathar níos casta ná sin sa Bhealarúisis, is é sin, go bhfuil aimsir ollfhoirfe sa Bhealarúisis freisin. Níltear ar aon fhocal, an foirm bheo í i gcónaí, nó an bhfuil na gramadóirí seo ag iarraidh béim ar leith a chur ar an difríocht idir an Bhealarúisis agus an Rúisis trí shúil a tharraingt ar fhoirm mharbh nó chanúnach nach gcloistear sa ghnáthchaint.

An Bhealarúisis á cur i gcomparáid leis an bPolainnis agus an Rúisis[athraigh | edit source]

Gaeilge: "Heileo, Dia dhuit":

  • Bealarúisis: Вітаю/Vitaju!
  • Rúisis: Здравствуйте/Zdravstvuyte
  • Polainnis: Witam

Gaeilge: "Is ea - Ní hea"

  • Bealarúisis: Так/Tak - Не/Nie
  • Rúisis: Да/Da - Нет/Net
  • Polainnis: Tak - Nie

Gaeilge: "Go raibh maith agat"

  • Bealarúisis: Дзякую вам/Dziakuju vam
  • Rúisis: Спасибо/Spasibo
  • Polainnis: Dziękuję

Gaeilge: "Go seoigh ar fad! Thar barr! Ar fheabhas!"

  • Bealarúisis: Выдатна/Vydatna; файна/fajna
  • Rúisis: Отлично/Otlichno
  • Polainnis: Fajnie

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

  • Uraiceacht na Bealarúisise le Chris Marchant - téacsleabhar Bealarúisise i litriú oifigiúil na Bealarúise (Narkomaǔka). Tá an téacsleabhar seo scríofa i mBéarla, ach tá sé dírithe ar dhaoine a bhfuil Rúisis nó Úcráinis acu cheana féin.
  • Leabharlann Idirlín as Bealarúisis. Tá go leor leabhar Bealarúisise le léamh ar an láithreán seo, ach is í an Bhealarúisis an t-aon teanga amháin a úsáidtear ar an láithreán.


An Bhealarúisis
Vicipéid le fáil as An Bhealarúisis freisin

(Narkomaŭka)


An Bhealarúisis
Vicipéid le fáil as An Bhealarúisis freisin

(Taraškievica)