Daorchluiche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Daorchluiche.

Is é atá i gceist le daorchluiche ná saghas spóirt atá coitianta i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i Meiriceá Laidineach, i dtíortha Mhuir Chairib agus i roinnt áiteanna in oirthear na hÁise. Cruthaíodh an spórt nua-aimseartha i Meiriceá, agus is ceann de na cluichí náisiúnta é sa tír seo sa lá atá inniu ann. Tá an spórt bunaithe ar an gcluiche rounders (cluiche corr), a imrítear sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn.

Rialacha[athraigh | edit source]

Imrítear daorchluiche le slacán agus liathróid, idir dhá fhoireann, le naonúr ar gach foireann. Is é cuspóir an chluiche ná rití a scóráil trí liathróid a bhualadh le slacán. Caitheann imreoir amháin (an caiteoir) den fhoireann chosanta an liathróid i dtreo an imreora leis an slacán (an slacaí), atá ag iarraidh an liathróid a bhualadh. Scóráiltear rith tar éis don slacaí teagmháil le ceithre dhaoradh, in ord, atá leagtha amach ar chúinní muileata atá 90 troigh ar fad ar gach taobh. Deineann baill d'fhoireann na slacaithe uainíocht ag iarraidh teilgin ó chaiteoir na foirne eile a bhualadh. Iarrann foireann an chaiteora gan ligint d'fhoireann an tslacaí rití a scóráil trí shlacaithe a "chur amach" i slite éagsúla. Is féidir le himreoir ón bhfoireann atá ag bualadh stad ar dhaoradh ar bith, agus dul ar aghaidh níos déanaí tar éis do dhuine éigin eile dá fhoireann an liathróid a bhualadh. Malartaíonn na foirne róil lena chéile tar éis do thriúr imreora a bheith curtha amach. Imrítear naoi ndreas i gcluiche, agus bíonn seal ag gach foireann leis an slacánaíocht i ngach dreas. Is leis an bhfoireann go bhfuil an méid is mó rití bainte amach aici faoi dheireadh an chluiche atá an bua.