Lordi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lordi
Lordi performing at the ESC 2007.jpg
Tír An Fhionlainn
Gníomhach 1996 – an lá inniu
Seánra(í) ceoil Rac-cheol, miotal trom, rac crua
Baill Mr. Lordi
Amen
OX
Awa
Iar-bhaill G-Stealer
Magnum
Kalma
Enary
Kita
Otus
Suíomh gréasáin Lordi.fi

Banna ceoil as an bhFionlainn is ea Lordi. B'é Mr. Lordi, a bhunaigh an banna i Rovaniemi sa bhliain 1996. Is iad na cultacha arrachtaigh a chaitheann ceoltóirí an bhanna ba túisce a tharraing súil an tsaoil mhóir orthu. B'é Kiss, an banna cáiliúil d'"arrachtaigh", a thug an smaoineamh do Phutaansuu a leithéid de chuma a chur ar na ceoltóirí, nó bhí sé ina bhall gníomhach de chlub lucht adhartha Kiss, nuair a bhí sé óg. Bhuaigh Lordi Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (Eurovision) ar 18 Bealtaine, 2006 san Aithin, An Ghréig leis an amhrán Hard Rock Hallelujah. Níor ghnóthaigh aon cheoltóir ón bhFionlainn an comórtas sin riamh roimh Lordi.

Níl san ainm féin "Lordi", go bunúsach, ach an focal Béarla "lord" agus an t-i curtha leis chun an focal a chur in oiriúint do chóras gramadaí na Fionlainnise. Ní úsáidtear an focal san Fhionlainnis chaighdeánach ach amháin le tagairt a dhéanamh do "thiarnaí" na huasalaicme Sasanaí.

[athraigh] Saothar

[athraigh] Albaim

[athraigh] Scannáin


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile