Rovaniemi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rovaniemi

Cathair i dTuaisceart na Fionlainne is ea í Rovaniemi (Sáimis Thuaidh: Roavvenjárga, Sáimis Ánárach: Ruávinjârga, Sáimis Scoltach: Ruä'vnjargg). Is í príomhchathair na Laplainne í, san Fhionlainn ar a laghad. Tá an chathair suite in aice leis an gCiorcal Artach, agus an dá abhainn úd Kemijoki agus Ounasjoki ag teacht le chéile ansin. Tá ollscoil i Rovaniemi, Ollscoil na Laplainne.

Ní labhraítear Sáimis in aon chóngar do Rovaniemi inniu, nó is í canúint thuaisceartach na Fionlainnise caint na sráide sa chathair. Agus an méid sin ráite, is dócha gurb as an tSáimis a tháinig an chéad leath den ainm. Is é is ciall le roavva sna teangacha Sáimise a labhraítear inniu ná cnoc, nó áit a bhfuil lorg na seanfhalscaí le haithint. Maidir leis na canúintí a bhí á labhairt timpeall Rovaniemi anallód, áfach, is dócha gurbh é an chiall a bhí leis an bhfocal iontu ná carn, de réir na n-iarsmaí atá fágtha.

I dtús na bliana 2006, cuireadh an ceantar tuaithe timpeall Rovaniemi - Rovaniemen maalaiskunta - leis an gcathair - Rovaniemen kaupunki. Mar sin, tá an "chathair" 8,016.42 km² ar achar inniu, agus timpeall ar 58 míle duine ina gcónaí ansin.

Stair[athraigh | edit source]

Seanáit trádála is ea í Rovaniemi a d'fhás go nádúrtha timpeall ar phointe teagmhála an dá abhainn. Sa bhliain 1938, rinneadh lárionad riaracháin na Laplainne den áit, cé nár bronnadh ainm agus dintiúirí na cathrach uirthi roimh an mbliain 1960. Le linn Chogadh na Leanúna, bhí trúpaí Gearmánacha ar garastún san áit, agus nuair a d'éirigh ina chogadh idir na Fionlannaigh agus na Gearmánaigh go gairid roimh dheireadh an dara cogadh domhanda, chuir na Gearmánaigh an áit de dhroim an tsaoil.

I ndiaidh an chogaidh, b'éigean Rovaniemi a atógáil ina hiomláine. Mar sin, tá cuma sách nua-aimseartha ar an gcathair inniu.