Mikael Agricola
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Easpag Fionlannach ab ea Mikael Agricola (t.1510 – 1557). Bhí baint láidir aige leis an an Reifirméisean Protastúnach sa tSualainn agus san Fhionlainn. Ba é Mícheál Agricola a chruthaigh an chéad cheartlitriú don Fhionlainnis, cé go raibh focail Fhionlainnise curtha ar pár roimhe sin i lámhscríbhinní Laidine san Fhionlainn, logainmneacha ach go háirithe.
Bhunaigh Agricola an litriú sin ar an tSualainnis, ar an nGearmáinis, agus ar an Laidin. Ina dhiaidh sin, áfach, is iomaí craiceann a chuir an Fhionlainnis scríofa di go fóill.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Mikael Agricola |