Nokia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nokia Corporation
Nokia wordmark.svg
Saghas Comhlachta Comhlacht poiblí - Osakeyhtiö (OMX: NOK1V, NYSE: NOK)
Bunaithe 1865 - Nokia, An Fhionlainn
Suíomh Espoo, An Fhionlainn
Tír(Tíortha) {{{tír}}}
Daoine Lárnacha -
Méid fostaithe 67,693 (2006)
Tionscail Teileachumarsáid
Láithreán Gréasáin nokia.com
Áit san Fhionlainn é Nokia freisin. Féach ar Nokia (cathair).

Ceann de mhórchomhlachtaí ríomhaireachta an domhain é Nokia, agus is sa bhFionlainn atá sé bunaithe. Is ar ghutháin soghluaiste is mó anois atá a cháil, i ré ina dtáirgtear go leor de ghutháin an domhain san Áise. Imeasc a chuid gutháin soghluaiste, tá an 3650, ar a bhfuil sé ar a chumas grianghraif agus físeáin ghearra a thógáil, chomh maith le ceangal idirlíne a thógáil ar an aer.

Fón Nokia

Bunaíodh an comhlacht i 1865, agus bhí baint aige le hobair adhmaid, ansin le rubar níos déanaí. Bhí táirgeadh ríomhairí agus ábhar le cumarsáid ar siúl ag an gcomhlacht ar feadh na mblianta, agus ba ón mbaile Nokia a thóg an comhlacht a ainm. Sna nóchaidí, agus é i ndrochchúis le fiacha, chuir Nokia an bhéim ar ghutháin soghluaiste agus innealra a bhaineann le córais gutháin soghluaiste. Scar sé le gnónna ríomhaireachta, mar shampla. Ag deireadh 2004, ní raibh tuairiscí gnó Nokia chomh láidir agus a bhíothas ag súil.