Eliel Saarinen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ailtire Fionlannach ab ea Gottlieb Eliel Saarinen (20 Lúnasa 18731 Iúil 1950) a bhain cáil amach as a chuid foirgneamh art nouveau i dtús an 20ú aois.

Leag sé amach plean forbartha do lár Heilsincí i stíl iarsmúil, plean nár cuireadh i gcrích riamh.

D'imigh sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá ´sna 1920í agus lean sé ag dearadh oifigí agus foirgneamh poiblí agus mar mhúinteoir ailtireachta.

Foirgnimh[athraigh | edit source]

Stáisiún Traenach Heilsincí.

Rinne Saarinen a chuid staidéar ar ailtireacht agus péintéireacht i Heilsincí, agus bhain sé amach a theastas ailtireachta i 1897. Maraon de beirt dá chairde ó ollscoil, Gesellius agus Lindgren, bhí cleachtadh ailireachta ar bun aige cheana féin faoi 1896.

Ghlac Saarinen páirt sna comórtais idirnáisiúnta deartha le haghaidh Canberra, Budapest agus Taillinn (i1911-1913). Nuair a d'éirigh leis i gcomórtas le haghaidh an Túr an Chicago Tribune (1922) bhog Saarinen leis go Stáit Aontaithe Mheiriceá (1923). Imeasc mórthionscnaimh eile, d´fhorbair sé concheap agus dhear sé an láithreán ar fad ag an Cranbrook Academy of Art agus a scoil lámh le Detroit. Mhair sé anseo go dtína bhás i 1950. Le haghaidh seomra bídh uachtaráin an acadaimh (agus cé a bheadh ann ach é féin!) dhear sé an Cathaoir Sleasa cliútiúil, ceann dá shár-shaothair, agus le haghaidh stúidió a mhnaoi dhear sé an Cathaoir Gorm (iad araon i 1929).

B'ailtire tábhachtach freisin mac Eliel Saarinen, Eero (1910-1961), duine de cheannasaithe an stíl Idirnáisiúnta, mar a thugtar air.