Airgeadra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar airgeadra ar an saghas airgid a mbaintear feidhm as i dtíortha éagsúla an domhain. De ghnáth, bíonn airgeadra oifigiúil i dtír a bhaintear feidhm as le fiacha a íoc go dleathúil. Sa stair, bhí iliomad airgeadraí ar domhain, agus ní hamháin nach raibh sé éasca coinneáil suas le rátaí malartúcháin agus leis na bhfoaonaid a bhí bunaithe ar chodáin éagsúla de réir tíre, ach ní i gcónaí a bhí an meáchan nó an ábhar chéanna sna boinn. Ba ar mhiotail luachmhara a bhí an airgeadra bunaithe ar feadh an chuid is mó den ré stairiúil san iarthar, go háirithe ór agus airgead. Bhaintí, agus baintear fós, feidhm as miotail de luach níos ísle le haonaid níos lú. Lean an scéal mar seo go dtí tús an fichiú Aois, nuair a thréigh SAM caighdeán an óir ar deireadh.

I go leor tíortha, ámh, bhí córais eile malartúcháin ar bun. Dheintí malairt ar ábhar nó earra amháin le hobair nó le earra eile, agus tá a leithéid de chórais ar bun fós in áiteanna áirithe ar domhain. In Éirinn fadó, mar shampla, ba le beithígh a íoctaí fiacha, cáin, agus spré.

Ba é Napoleon ar dtús a chuir córas airgeadra láidir a bhí bunaithe ar an gcóras deachúil ar bun, ag an am céanna ar chuir sé an córas deachúil ar bun le meáchan agus toirt.

Imeasc mór-airgeadraí an domhain faoi láthair, tá an euro, atá in úsáid i 25 tír de chuid an Aontais Eorpaigh, dollar na Stát Aontaithe, punt na Ríochta Aontaithe, agus an rúbal Rúiseach. Mar go bhfuil airgeadraí laga ag go leor tíortha eile, baintear feidhm as na haonaid thuas go neamhoifigiúil le ceannach i dtíortha éagsúla ina mbíonn a lán turasóireachta. Is i ndollar SAM, de ghnáth, a dhéantar ceannach agus díol ar ola agus ar bhunearraí eile go hidirnáisiúnta.