J. R. R. Tolkien

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
J. R. R. Tolkien
Tolkien 1916.jpg
Tolkien sa bhliain 1916
Dáta breithe 3 Eanáir, 1892
  Bloemfontein, an Saorstát Oráisteach (an Afraic Theas)
Dáta báis 2 Meán Fómhair, 1973
  Bournemouth, Sasana
Gairm Údar, scoláire, focleolaí
Seánra Fantaisíocht
Síniú
130px

Scoláire, scríbhneoir, file agus focleolaí Sasanach ab ea é John Ronald Reuel Tolkien (3 Eanáir 1892 - 2 Meán Fómhair 1973). B'eisean a scríobh sé na húrscéalta iomráiteacha An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís agus Tiarna na bhFáinní.

A shaol[athraigh | edit source]

Rugadh i mBloemfontein san Afraic Theas é agus d'fhás sé i Sasana. D'fhreastail sé ar King Edward's School Birmingham agus Ollscoil Oxford. Throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda agus i gcath na Somme i 1916. Ba léachtóir le Béarla é i Leeds ó 1920 go 1925. Ba ollamh le hAngla-Shacsainis é in Oxford ón mbliain 1925 go dtí an bhliain 1945, agus le teanga agus litríocht an Bhéarla ón mbliain 1945 go dtí an bhliain 1959. Caitliceach docht ab ea é. Ba chara le scríbhneoir clúiteach eile é, C. S. Lewis.