Tiarna na bhFáinní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tiarna na bhFáinní  
Údar J. R. R. Tolkien
Tír Sasana
Teanga Béarla
Genre(s) Fantasaíocht, eipic
Foilsitheoir George Allen & Unwin
Dáta fhoilsiú 21 Iúil 1954 agus Mí Dheireadh Fómhair 1955
Cineál meáin Cló (clúdach crua agus clúdach bog)
An Fáinne Mór. Ar an bhfáinne, tá na focail seo greanta i dTeanga Dhubh Sauron: Asħ nazg durbatulûk, asħ nazg gimbatul, asħ nazg tħrakatulûk agħ burzum-isħi krimpatul - aon fháinne amháin le hiad a aimsiú, aon fháinne amháin le hiad a rialú, aon fháinne amháin leis an oíche a tharraingt orthu agus le hiad a cheangal den dorchadas.

Úrscéal eipiciúil fantaisíochta is ea é Tiarna na bhFáinní (Béarla: The Lord of the Rings) leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna J. R. R. Tolkien. I dtús báire, ní raibh ann ach scéal leantach don Hobad, a chum sé do na páistí roimhe sin, ach sa deireadh thiar, b'é Tiarna na bhFáinní a thabhaigh an cháil dhomhanda dó. Scríobh sé an t-úrscéal de réir a chéile idir na blianta 1937 agus 1949, cuid mhaith de i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló, foilsíodh ina thrí imleabhar é sna blianta 1954 agus 1955. Le fírinne, ní mar thríológ a scríobh Tolkien é ar dtús, agus chuir sé as dó go gcaithfí an leabhar a fhoilsiú san fhoirm seo, ach ní bheadh sé praiticiúil ag an teach foilsitheoireachta an t-iomlán a chur i gcló faoi chlúdach aon leabhair amháin, san am. Ó sin i leith, is iomaí eagrán nua a tógadh den leabhar, agus haistríodh é go hocht dteanga déag is fiche, ar a laghad. Áirítear ar ceann d'úrscéalta móra na fichiú haoise é.

Tá an scéal suite i ndomhan arb ionann é, ar bhealach, agus an domhan s'againn, ach san am céanna, is domhan é a bhí ann in aois réamhstairiúil nár fágadh ina diaidh ach macallaí doiléire. Ní hionann an mapa féin sa domhan seo agus inár ndomhan féin. Bhain Tolkien leas as a lán miotaseolaíochtaí le stair an domhain seo a sceitseáil. Mar shampla, tá tagairt ann do mhiotas Atlantis, ar thug sé Númenor air sa scéal seo. Nuair a thit imeachtaí Thiarna na bhFáinní amach, bhí Númenor imithe le fada, agus a mhuintir socraithe síos sa Mheán-domhan, mar a thug Tolkien ar an ilchríoch arb í príomhláthair na n-imeachtaí í. Tá an t-ainm Middle-earth bunaithe ar Middangeard an tSean-Bhéarla agus ar Miðgarður na hÍoslainnise. Sin é an t-ainm a thug miotaseolaíocht an dá theanga seo ar an domhan inar chónaigh an cine daonna.

Sa scéal, castar orainn pobail éagsúla a bhfuil baint acu go léir leis na himeachtaí, cosúil leis na Hobaid, na hEilbh, na Daoine, na hAbhaic, na Draíodóirí agus na hOirc (nó na Púcaithe). Is iad na Fáinní Cumhachta a cheanglaíonn cinniúintí na ndreamanna éagsúla seo dá chéile. B'é Sauron, an Tiarna Dubh, a shaoirsinigh an ceann is mó de na Fáinní le teas an bholcáin úd Orodruin, nó Sliabh na Cinniúna (Béarla: Mount Doom). Le cumhacht an fháinne seo, is féidir leis smacht a choinneáil ar na fáinní cumhachta eile. Mar sin, leis an mbagairt seo a chur ar neamhní, ní mór an fáinne sin a dhíothú le tine an bholcáin chéanna.

I dtús an scéil, castar orainn na hobaid, pobal de dhaoine beaga a bhfuil cónaí orthu i gceantar na Síre (Béarla: The Shire), agus nach bhfuil de rún acu ach a saol a chaitheamh go sona sásta suaimhneach síochánta. Iompaíonn sé amach, áfach, go bhfuil muintir na mBaigíneach, ceann de theaghlaigh uaisle na Síre, i seilbh an Fháinne Mhóir féin. An draíodóir Gandalf, seanfhear rúndiamhair a bhfuil aithne aige ar mhuintir Baggins, faigheann sé amach faoin bhfáinne, agus é buartha go dtiocfaidh Sauron ar a lorg. Mar sin, áitíonn sé ar Fródó Baigín, atá ag tabhairt aire don fháinne, an tSír a thréigean. Baineann Fródó amach Gleann na Scoilte (Imladris in Sindarin), áit a bhfuil Elrond, seanchaí mór na nEalbh, ina chónaí. I dteach Elrond, tagann ionadaithe na nDaoine, na nEalbh agus na nAbhac le chéile le socrú, céard atá le déanamh leis an bhFáinne. Socraítear go dtabharfar an Fáinne go dtí an áit ar saoirsiníodh é an chéad uair, agus titeann sé ar chrann Fródó an Fáinne a chaitheamh isteach sa tine. Is iomaí eachtra a chuireann seisean de, chomh maith leis na príomhlaochra eile, nó cé nach bhfuil Sauron i seilbh an Fháinne go fóill, tá a chuid cumhachta ag dul i méid, agus é ag cur cogaidh leis an gcuid eile den Mheán-Domhan a chur faoina smacht.


Chomh maith leis an gcuid eile de shaothar Tolkien, tá an ceann seo ina ábhar mór taighde ag lucht an léinn. Cé gur úrscéal mór atá ann, níl ann ach cuid bheag den chóras miotaseolaíochta, nó legendarium mar a thugtar air as Béarla, a raibh an t-údar ag obair air ón mbliain 1917 i leith. Bhí Tolkien ag déanamh taighde ar chultúr agus ar theangacha na Meánaoiseanna, agus d'imir teangacha agus scéalaíocht na tréimhse sin a dtionchar ar a shaothar. Ní mór cuimhne a choinneáil air, fosta, go raibh Tolkien sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, rud a d'fhág a shliocht ar a shaothar chomh maith. Bhí tionchar ollmhór ag Tiarna na bhFáinní ar scéalta fantaisíochta na fichiú haoise, agus d'fhéadfá a rá gurbh é Tolkien a chuir tús leis an bhfantaisíocht nua-aoiseach ar fad mar ghné liteartha.

Tá aithne chomh forleathan ag na daoine ar Thiarna na bhFáinní is gur minic a chluinfeá daoine ag tagairt do phearsana agus d'imeachtaí an scéil. Ar fud an domhain, tá lear mór cumann bunaithe ag lucht adhartha an scéil, agus scríobhadh na céadta leabhar faoi Tolkien agus faoina chuid smaoineachais le cúlra a sholáthar don scéal. Bhí Tiarna na bhFáinní ina spreagadh dá lán scéalta eile, chomh maith le ríomhchluichí, saothar ealaíne agus ceol. Cuireadh an t-úrscéal ar stáitse san amharclann, ar an raidió agus ar an teilifís, agus sna blianta 2001-2003, tháinig an chéad scannánú iomlán ar an scáileán.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Scannáin[athraigh | edit source]