Jules Verne
| Jules Verne | |
| Jules Verne timpeall 1856 | |
| Dáta breithe | 8 Feabhra 1828 |
| Naoned, an Fhrainc | |
| Dáta báis | 24 Márta 1905 |
| Amiens, an Fhrainc | |
| Náisiúntacht | Francach |
| Gairm | Úrscéalaí |
| Seánra | Ficsean eolaíochta |
| Síniú |
|
Scríbhneoir úrscéalta éadroma eachtránaíochta ón bhFrainc a bhí i Jules Gabriel Verne (a tháinig chun saoil i Naoned ar an 8 Feabhra 1828, agus a fuair bás in Amiens ar an 24 Márta 1905) agus é ina cheannródaí don fhicsean eolaíochta. Tá sé ar duine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd Voyage au centre de la Terre ("An Turas go Lárphointe an Domhain"), De la Terre à la Lune ("Ón Domhan go dtí an Ghealach"), Vingt Mille Lieues sous les Mers ("Fiche Míle Léig faoi na Farraigí"), "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá" (bunsaothar: Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours; Torna a d'aistrigh go Gaeilge) agus L'Île Mysterieuse ("An tOileán Rúndiamhair"), ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.
Bhí Verne in ann aireagáin na fichiú haoise agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré. Is iomaí tairngreacht dá chuid a tháinig isteach fíor i ndiaidh a bháis. Bhí sé ábalta cur síos a thabhairt ar fhomhuireán, ar spástaisteal, ar an Idirlíon agus ar na ríomhairí féin i bhfad sular tháinig a leithéidí ar an bhfód. Mar sin, fáidh a bhí ann, ar bhealach, nó sin mar a fheictear dá lán léitheoirí é inniu.
[athraigh] Leabhair
- Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá. Jules Verne a scríobh. Alphonse-Marie de Neuville agus Léon Benett a mhaisigh. Torna (Tadhg Ua Donnchadha) a d'aistrigh go Gaeilge. Cathair na Mart: Evertype 2008. ISBN 978-1-904808-15-2