Sléacht Dhomhnach na Fola (1905)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Agóideoirí ag máirseáil go dtí Pálás an Gheimridh

Is éard a bhí i gceist le Sléacht Dhomhnach na Fola ná éirleach a rinne saighdiúirí de chuid Impire na Rúise ar léirsitheoirí síochánta ar an 22 Eanáir 1905 i gCathair Pheadair (ar an 9 Eanáir de réir Fhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am sin). B'é an tAthair Georgiy Gapon, sagart Ortadocsach a bhí ina ghníomhaire rúnda ag rúnseirbhís an tSáir, Okhrana, a d'eagraigh an léirsiú agus a bhí i gceannas ar an mórshiúl.

Rinne na húdaráis agus an rúnseirbhís botún tromchúiseach nuair a cheadaigh siad do na saighdiúirí a gcuid raidhfilí a loscadh ar na hagóideoirí. Thug na hagóideoirí le fios go soiléir nach raibh siad ag iarraidh cumhacht ná údarás an tSáir a cheistiú ná beart réabhlóideach ar bith a chur i gcrích. A mhalairt ar fad bhí siad ag iompar pictiúirí de naoimh na heaglaise agus den Impire féin. Tharraing ródach an Domhnaigh na seantithe anuas ar an Impire sa bhaile agus i gcéin. Go nuige seo, bhí muinín agus dóchas ag muintir na tíre as an Impire beag beann ar an gcruachás a raibh an Rúis ann. I ndiaidh an tsléachta, áfach, thit an tóin as an muinín sin, agus thosaigh na trioblóidí ar a dtugtar "réabhlóid na bliana 1905" i staraíocht na Rúise.

Réamheachtraí[athraigh | edit source]

Bhí an tAthair Georgiy Apollonovich Gapon tar éis cineál ceardchumainn, Comhthionól Lucht Oibre Monarchan na Rúise, a bhunú ar orduithe na rúnseirbhíse agus na Roinne Póilíneachta. Is é an cuspóir a bhí ag na húdaráis ná an lucht oibre a mhealladh isteach i gceardchumann dá gcuid féin, ionas nach gcuirfeadh na fir oibre suim i gcibé ceardchumann a mbeadh baint aige leis na Sóisialaigh. Bhí an reiligiún agus an dílseacht don tSár fite fuaite le polasaithe an Chomhthionóil, agus ní raibh cead ballraíochta ach ag Ortadocsaigh - is é sin, dá mbeadh baint agat le ceann de na creidimh "choimhthíocha" nó "neamh-Rúiseacha" (an Caitliceachas, an Protastúnachas, an Giúdachas agus an tIoslam, mar shampla), ní bheadh fáilte romhat ag ceardchumann an Athara.

Cé go raibh Gapon ag comhoibriú leis na húdaráis, bhí sé suite siúráilte go bhféadfadh sé leas an lucht oibre a chur chun cinn lena chuid ceardchumann. Bunaíodh craobhacha den Chomhthionól i gcathracha eile, agus go gairid tar éis bhunú na heagraíochta bhí dhá chraobh déag agus ocht míle ball ag an gComhthionól ar fud na Rúise.

I ndeireadh Mhí Nollag 1904, chuaigh na fir oibre ar stailc i Monarcha Putilov i gCathair Pheadair. Faoi thionchar na stailce seo, agus le dlúthpháirtíocht le lucht oibre Putilov a chur in iúl, thosaigh sraith stailceanna eile ar fud na cathrach, go dtí go raibh timpeall ochtó míle duine ag staonadh ó obair. Ar an 8 Eanáir, ní raibh leictreachas ag oibriú ná na nuachtáin á gcur i gcló. Ansin, chinn Gapon ar mhórshiúl oibrithe a chóiriú a shiúlfadh go dtí Pálás an Gheimhridh, le leasuithe agus feabhsuithe sóisialta a iarraidh ar an Impire a bhí ag teastáil go géar. Is iad na príomhleasuithe a bhí i gceist ná deireadh a chur leis an gcogadh a bhí an Rúis a chur ar na Seapánaigh faoi láthair, an lá oibre a ghiorrú go hocht n-uaire an chloig, pá fhónta a íoc agus cosc a chur leis an ragobair a bhí úinéirí na monarchan a éileamh ar an lucht oibre. Choinnigh Gapon diansúil ar na hagóideoirí, agus d'fhéach sé chuige nach mbeadh radacaigh ná sceimhlitheoirí ag insíothlú an mhórshiúil.

San am céanna, fuair sé rabhadh ó na húdaráis an léirsiú a chur ar ceal. Bhí saighdiúirí ar garastún anseo agus ansiúd ar fud na cathrach, agus d'imigh an Sár féin an chathair ar an 8ú lá de Mhí Eanáir lena aghaidh a thabhairt ar Tsarskoye Selo, baile faoi cheithre chiliméadar fichead de lár Chathair Pheadair.

Domhnach na Fola[athraigh | edit source]

Dé Domhnaigh, an dóú lá fichead de Mhí Eanáir, tháinig lucht na stailce agus a gcuid teaghlach le chéile ag sé phointe ar fud na cathrach. Níor chuir na póilíní isteach orthu, nuair a rinne siad a mbealach go malltriallach i dtreo Phálás an Gheimhridh. Bhí siad ag iompar pictiúirí naofa agus ag canadh amhráin tírghráúla is iomainn reiligiúnda, cosúil le hamhrán náisiúnta na Rúise Impiriúla, Go Soirbhí Dia don tSár. Bhí timpeall is dhá chéad míle duine ann. Bhí na mná is na páistí ag comóradh na stailceoirí mar chomhartha síochántachta, agus iad á gcur chun tosaigh mar achainí ar na saighdiúirí gan dul i muinín na láimhe láidire in aghaidh na léirsitheoirí. Bhí siad ag súil, fosta, go mbogfadh cruatan na bpáistí croí an Impire.

Ní raibh gar ann, áfach. Nuair a bhain an mórshiúl amach an Pálás, fuair siad na saighdiúirí ar picéad rompu ansin. Ar dtús, scaoil na saighdiúirí urchair san aer le rabhadh a thabhairt do na stailceoirí, agus nuair nár tháinig scaipeadh sna hagóideoirí, thosaigh siad ag lámhach an tslua féin. Fuair Gapon é féin faoi thine in aice le Geata Narva, agus maraíodh dhá scór duine ina thimpeall, ach tháinig sé féin beo as an gcruachás seo. Cé nach raibh an tImpire Nioclás a Dó féin i láthair le linn na n-imeachtaí, cuireadh an locht is an milleán air.

Is deacair a rá, cá mhéad duine a fuair bás ar lá seo na cinniúna. De réir fhigiúirí na n-údarás, maraíodh naonúr déag is ceithre scór, agus gortaíodh trí chéad triúr déag is fiche. Is dócha, áfach, go bhfuil na huimhreacha seo i bhfad ró-íseal. Bhí na foinsí frith-Rialtais den bharúil, áfach, go bhfuair ceithre mhíle duine bás. Is dócha gur maraíodh timpeall is míle duine ar a laghad. Iad siúd nár bhuail na hurchair iad, satlaíodh an t-anam astu sa táinrith. Bhí an tImpire Nioclás féin den tuairim gur "lá pianmhar brónach" a bhí ann. I ndiaidh na n-imeachtaí, chuaigh an chathair ar fad ar mire agus na daoine ag creachadh siopaí agus ag déanamh loitiméireachta rompu.

Scoir na húdaráis ceardchumann Gapon go hoifigiúil ar an lá céanna, agus chuaigh an tAthair féin ar deoraíocht. Thaistil sé an Eoraip in éineacht le Pinhas Rutenberg, an Sóisialaí Giúdach a tháinig chun fortachta dó nuair a bhí na saighdiúirí ag scaoileadh urchair leis. Chaith Gapon seal sa Ghinéiv agus seal i Londain, agus d'fháiltigh cinnirí na bpáirtithe móra Sóisialacha san Iarthar chucu é. Nuair a bhí an bhliain 1905 ag druidim chun deiridh, d'fhill Gapon go dtí an Rúis. Ansin, áfach, fuair na Sóisialaithe amach faoin mbaint a bhí aige leis an rúnseirbhís, agus is é an chuma atá ar an scéal gurbh é Pinhas Rutenberg a mharaigh é.

Leis an eachtra seo cuireadh tús le Réabhlóid na Rúise sa bhliain 1905. De thoradh na réabhlóide seo, fuair na Rúisigh an chéad pharlaimint nó an Dúma, ach tríd is tríd, níor athraigh sí mórán faoin Impireacht. Is gnách, inniu, "réamhléiriú feistithe na fíor-réabhlóide" a thabhairt ar réabhlóid na bliana 1905.