Michelle Obama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Michelle Obama

Is dlíodóir Meiriceánach í Michelle Obama (rugadh Michelle LaVaughn Robinson ar an 17 Eanáir, 1964 i Chicago, Illinois) atá pósta le huachtarán na tíre Barack Obama.

Bhain sí céim amach in Ollscoil Princeton agus Harvard Law School, sular ghlac sí post ina cathair dúchais leis an gcomhlacht Sidley Austin, áit ar bhuail sí lena fear chéile.

Tá beirt chlainne orthu; Malia Ann agus Natasha (Sasha, a tugtar uirthi).