Barack Obama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Barack Obama
Official portrait of Barack Obama.jpg

In oifig
20 Eanáir 2009
Réamhtheachtaí: George W. Bush

In oifig
3 Eanáir 200516 Samhain 2008
Réamhtheachtaí: Peter Fitzgerald
Comharba: Roland Burris

Dáta breithe 4 Lúnasa 1961
  Honolúlú, Haváí, SAM
Páirtí Páirtí Daonlathach
Céile Michelle Obama
Suíomh gréasáin http://www.barackobama.com (en)
Síniú
Barack Obama signature.svg

Is é Barack Hussein Obama II (4 Lúnasa, 1961 a rugadh é) 44ú hUachtarán na Stát Aontaithe, agus is é an t-uachtarán reatha chomh maith. Tháinig sé i gcomharbacht ar George W. Bush sa bhliain 2009. Is é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar Uachtarán agus ba é an t-aon seanadóir gorm sa Seanad sa téarma faoi dheireadh agus an cúigiú Seanadóir gorm i stair Mheiriceá.[1] Ar an 9 Deireadh Fómhair 2009, bronnadh Duais Nobel na Síochána air.

Clár ábhair

[athraigh] Beartais

Teastaíonn deireadh leis an gcogadh san Iaráic, laghdú i dtionchar corparáideach, nascanna níos fearr le níos mó rialtais eachtrannacha, clár gníomhaíochta comhshaoil níos fearr, seirbhís sláinte chomhchoitianta agus aontú agus deireadh le polarú polaitiúil an náisiúin uaidh.

Is mór an bhéim a chuireann Obama ar "athrú" agus "dóchas", agus deir sé go mbeidh sé in ann an scoilt idir stáit dhearga (Choimeádacha) agus ghorma (Liobrálacha) a réiteach.

[athraigh] Feachtas sa toghchán uachtaránachta

Obama ag obair ar a fheachtas i New Hampshire

Dúirt Obama go mbeadh sé ina iarrthóir don Uachtaránacht ar 10 Feabhra, 2007. Ar 3 Eanáir 2003 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in Iowa, le 38% den vóta, 8% níos mó ná John Edwards agus Hillary Clinton sa dara agus tríú háit. Thug an bua móiminteam dó, ach chaill sé ar 8 Eanáir i New Hampshire. Bhuaigh Clinton Nevada agus Obama Carolina Theas tár éis seo. Roinn siad na vótaí ar 6 Feabhra ach bhuaigh Obama 11 toghchán stáit as a chéile ina dhiaidh sin. Bhí an bua ag Obama faoi 3 Meitheamh. Ba iad Obama agus John McCain, rogha an Pháirtí Phoblachtaigh, na hiarrthóirí is mó sa toghchán ginearálta. Roghnaigh Obama Joe Biden mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin.

[athraigh] Toghchán 2008

D'fhan Obama chun cinn ar McCain sna pobalbhreitheanna suas go dtí lá an toghcháin agus ní raibh sé i bhfad tar éis dhúnadh na lárionaid vótála go raibh na meáin chumarsáíde ag fógairt bua Obama.

[athraigh] Saol pearsanta

Tá dhá leabhar mór-ráchairte scríofa aige, Dreams of my Father, faoina óige, agus The Audacity of Hope, faoina smaointí féin maidir leis an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe. Phós sé sa bhliain 1992 agus tá beirt iníon aige.

[athraigh] Tagairtí

[athraigh] Naisc sheachtracha



Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile