George W. Bush
| George Walker Bush | ||
|
|
||
|
43ú Uachtarán
|
||
| Leasuachtarán: | Dick Cheney | |
| I bhfeidhmeannas: | 20 Eanáir, 2001 – 20 Eanáir, 2009 | |
| Réamhtheachtaí: | William J. Clinton | |
| Comharba: | Barack Obama | |
|
|
||
| Dáta breithe: | 6 Iúil, 1946 | |
| Áit bhreithe: | New Haven, Connecticut | |
| Céile: | Laura Welch Bush | |
| Páirtí polaitíochta: | Poblachtach | |
Is polaiteoir Meiriceánach é
George Walker Bush (6 Iúil, 1946 a rugadh é). Ba é an 43ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bill Clinton sa bhliain 2001. Bhí a chéad tréimhse feidhmeannais caite aige i 2005, agus toghadh don dara tréimhse é i mí Dheireadh Fómhair, 2004. Tháinig Barack Obama i gcomharbacht air sa bhliain 2009.
Ba é Bush 46ú Gobharnóir Texas ó 1995 go 2000, agus is ball saoil den Pháirtí Poblachtach é. B'uachtarán a athair roimhe, George H. W. Bush, agus is Gobharnóir deartháir leis, Jeb Bush, i bhFlorida.
[athraigh] Saol
Rugadh i New Haven, Connecticut i 1946 é. Is iad George H. W. Bush agus Barbara Bush a thuismitheoirí. D'fhás sé suas i Midland agus Houston, Texas lena dheartháireacha Jeb, Neil, agus Marvin agus a dheirfiúr Dorothy. Bhí deirfiúr eile aige, Robin, ach fuair sí bás agus í trí bliana d'aois.
D'fhreastail sé ar an ardscoil Phillips Academy, agus fuair sé a chuid oideachais tríú leibhéal in Ollscoil Yale.
Bhí Bush ciontaíodh le tiomáint ólta i Maine i 1976 [1]. Phós sé Laura Welch i 1977. Rugadh cúpla d'iníonacha, Barbara agus Jenna, i 1981 díobh. I 1986, agus é 40 bliain d'aois, d'fhág sé an Eaglais Easpagóideach agus chuaigh isteach san Eaglais Mheitidisteach, sainchreideamh a mhná.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.