John McCain
| John McCain | |
|
|
|
| In oifig 3 Eanáir 1987-inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Barry Goldwater |
|
|
|
| Dáta breithe | 29 Lúnasa, 1936 |
| Panama Canal Zone (SAM) | |
| Páirtí | Páirtí Poblachtach |
| Gairm | Píolóta comhraic |
| Céile | (1) C McCain (colscartha) (2) C Hensley McCain |
| Suíomh gréasáin | mccain.senate.gov |
Is polaiteoir agus iar-shaighdiúr Meiriceánach é John Sidney McCain III (rugadh ar 29 Lúnasa, 1936), agus é ina sheanadóir leis an bPáirtí Poblachtach ón stát Arizona. Rinne McCain iarracht an uachtaránacht a bhuachaint sa thoghchán don bhliain 2000, agus ar 28 Feabhra 2007 nocht sé go ndéanfadh sé iarracht eile sa bhliain 2008. Fuair sé an t-ainmniú Poblachtach nuair a bhí na toghcháin ar an 4 Márta 2008 críochnaithe.
Bhí sé i gcoimhlint le Barack Obama, rogha an Pháirtí Dhaonlathaigh, sa toghchán uachtaránachta. Ar 29 Lúnasa, 2008, d'fhógair sé gurb í Sarah Palin iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin sa toghchán 2008. Ainmníodh í ag Comhdháil Náisiúnta na bPoblachtach i St. Paul, Minnesota. Chaill McCain an toghchán.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.