John Edwards

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Edwards
John Edwards, official Senate photo portrait.jpg

In oifig
3 Eanáir 1999 - 3 Eanáir 2005
Réamhtheachtaí: Lauch Faircloth

Dáta breithe 10 Meitheamh, 1953
  Seneca, Carolina Theas, (SAM)
Páirtí Pháirtí Dhaonlathaigh
Gairm Dlíodóir, polaiteoir
Céile Elizabeth Edwards
Suíomh gréasáin johnedwards.com
Síniú
John Edwards Signature.svg

Is polaiteoir Meiriceánach de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh é John Edwards (ar 10 Meitheamh 1953 a rugadh é). Bhí sé ina Sheanadóir sna Stáit Aontaithe ar feadh téarma amháin le haghaidh Carolina Thuaidh, idir 1999 agus 2005. Le linn an toghcháin uachtarántachta i 2004, ba é Edwards iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin. Bhí Edwards ina iarrthóir d'ainmniúchán an pháirtí don uachtarántacht i 2008. Chuir Edwards béim ar throid in aghaidh na bochtaineachta agus tionchar lucht rachmais sna Stáit Aontaithe, chomh maith le seirbhís sláinte choiteann do chách. Cé nár éirigh lena fheachtas mar iarrthóir, deirtear go raibh tionchar aige ar pholasaithe na bpríomh-iarrthóirí eile, Barack Obama agus Hillary Clinton.

Tacú le Barack Obama[athraigh | edit source]

Ar 14 Bealtaine 2008, chuir John Edwards in iúl go poiblí go raibh sé ag tacú le Barack Obama mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh d'Uachtarántacht na Stát Aontaithe.[1]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

John Edwards i mbun stocaireachta sa bhliain 2007