Mitt Romney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mitt Romney

Polaiteoir agus fear gnó Meiriceánach is ea Willard Mitt Romney (a rugadh ar 12 Márta 1947). Ní gnách a chéad ainm a úsáid. Seachtódú gobharnóir Massachusetts a bhí i Mitt Romney, ó 2003 go 2007. Ba iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh é d’uachtaránacht na tíre sin sa bhliain 2012.

Rugadh Mitt Romney i Detroit, Michigan, an páiste is óige as ceathrar. Is iad Margo Lynn, Jane LaFount agus G. Scott an triúr eile den chlann. Bhí bearna sé bliana idir breith an duine ba dhéanaí díobhsan agus a bhreith féin. Ainmníodh Mitt Romney i ndiaidh J. Willard Marriott na n-óstán agus dlúchara a athar, agus Milton “Mitt” Romney, peileadóir leis na Chicago Bears agus col ceathrar lena athair. George W. Romney ainm a athar agus Lenore (née LaFount) Romney ainm a mháthar. Mormonach atá ann.

Nasc Seachtrach[athraigh | edit source]