Charles Schumer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Chuck Schumer

Is é Charles Ellis "Chuck" Schumer (a rugadh ar 23 Samhain, 1950) Seanadóir na Stát Aontaithe sinsearach ó Stát Nua-Eabhrac. Is ball den Páirtí Daonlathach é. Rugadh é i mBrooklyn, Nua-Eabhrac i dteaghlach Giúdach de bhunús Oirthear na hEorpa. D’fhreastail sé ar scoileanna poiblí i mBrooklyn agus fuair sé scór 1600 san SAT, is é sin scór foirfe sa scrúdú iontrála ollscoileanna sna Stáit Aontaithe. Bhain sé céim baitsiléara amach ó Choláiste Harvard agus ansin, sa bhliain 1974, bronnadh céim Juris Doctor le honóracha air ón scoil dlí ag Ollscoil Harvard. Ar ais i Nua-Eabhrac dó, d’éirigh leis i scrúdú an bharra go luath sa bhliain 1975 ach níor chleacht sé an dlí ariamh. Chuaigh sé leis an pholaitíocht ina áit sin.

Toghadh Schumer do Theach Ionadaithe Stát Nua-Eabhrac i gcomhar trí théarma (1975–1980), do Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe i Washington, D.C. i gcomhair 16ú ceantar Comhdhála Nua-Eabhrac le haghaidh naoi dtéarma (1981–1999), agus do Sheanad na Stát Aontaithe faoi thrí (1999 go dtí an lá inniu). Tá tuairimí liobrálacha aige ach tá seasamh láidir aige freisin ar son na sábháilteachta i gcúrsaí idirnáisiúnta.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]


 

Seanadóirí reatha na Stát Aontaithe

AL: Shelby , Sessions
AK: Murkowski , Sullivan
AZ: McCain, Flake
AR: Boozman, Cotton
CA: Feinstein, Boxer
CO: Bennet, Gardener
CT: Murphy, Blumenthal
DE: Carper, Coons
FL: Nelson, Rubio
GA: Isakson, Perdue

HI: Schatze, Hirono
ID: Crapo, Risch
IL: Durbin, Burris
IN: Lugar, Bayh
IA: Grassley, Ernst
KS: Brownback, Roberts
KY: McConnell, Paul
LA: Vitter, Cassidy
ME: King, Collins
MD: Mikulski, Cardin

MA: Warren, Markey
MI: Stabenow, Peters
MN: Klobuchar, Franken
MS: Cochran, Wicker
MO: McCaskill, Blunt
MT: Tester, Daines
NE: Fischer, Sasse
NV: Reid, Heller
NH: Shaheen, Ayotte
NJ: Booker, Menendez

NM: Udall, Heinrich
NY: Schumer, Gillibrand
NC: Burr, Tillis
ND: Hoeven, Heitkamp
OH: Brown, Portman
OK: Inhofe, Lankford
OR: Wyden, Merkley
PA: Specter, Casey
RI: Reed, Whitehouse
SC: Graham, Scott

SD: Thune, Rounds
TN: Alexander, Corker
TX: Cornyn, Cruz
UT: Hatch, Lee
VT: Leahy, Sanders
VA: Warner, Kaine
WA: Murray, Cantwell
WV: Manchin, Capito
WI: Johnson, Baldwin
WY: Enzi, Barrosso

Poblachtach (54) | Daonlathach (44) | Duine gan pháirtí (2)