Edith Roosevelt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Edith Roosevelt

Bhí Edith Roosevelt (6 Lúnasa, 186130 Meán Fómhair, 1948) pósta le Theodore Roosevelt, uachtarán na Stát Aontaithe.

Rugadh í in Norwich, Connecticut. Bhí cónaí uirthi in aice le Theodore "T.R." Roosevelt i Nua-Eabhrac agus bhí sí mór lena dheirfiúr Corinne. Cailín ciúin a bhí inti agus léadh sé go minic. Théadh sí féin agus T.R. chuig Bá Oyster i rith an tsamhraidh; tháinig deireadh leis seo nuair a thosaigh sé ag freastal ar Ollscoil Harvard. Cé go raibh sí i láthair nuair a pósadh TR agus Alice Hathaway Lee sa bhliain 1880, bhí siad scartha go dtí an bhliain 1885.

Bhuail T.R. le Edith arís ag teach a dheirfiúr bliain i ndiaidh dona chéad bhean bás a fháil. Ar an 17 Samhain, 1885, chuir sé ceiliúr pósta uirthi agus ghlac sí leis. Bhí orthu fanacht tamall áirithe roimh an gcaidreamh a fhoilsiú. Phós siad a gcéile ar an 2 Nollaig, 1886, (bhí Edith 35) ag Séipéal Naomh Seoirse ar chearnóg Hanover i Londain, Sasana. Bhí sí ina "First Lady" ó 1901 go 1909. Cailleadh í ar an 30 Meán Fómhair 1948.