Umberto Eco

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaUmberto Eco

(1984) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Eanáir 1932
Alessandria (Ríocht na hIodáile)
Bás19 Feabhra 2016
84 bliana d'aois
Milano (an Iodáil)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phaincréis)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Torino - fealsúnacht (–1954) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Eolaíochtaí
Áit chónaitheAlessandria
Milano
Urbino
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Réimse oibreMedieval philosophy (en) Aistrigh, media culture (en) Aistrigh, Open text (en) Aistrigh, séimeolaíocht, teangeolaíocht struchtúrach, litríocht neamhfhicsin, Úrscéal stairiúil, teangeolaíocht, séimeolaíocht, Litríocht na hIodáilise agus léirmheastóireacht liteartha
Suíomh oibre Bologna Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, scríbhneoir, séimeolaí, léirmheastóir liteartha, meánaoisí, scoláire liteartha, múinteoir ollscoile, scríbhneoir scripte, úrscéalaí, aistritheoir, scríbhneoir aistí, oideolaí, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1956 –  2012
FostóirOllscoil Bhologna
Collège de France Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraAiste agus úrscéal
Mac/iníon léinnMarco Belpoliti agus Christos Thivaios
Faoi thionchar
Ainm cleiteDedalus Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis, an Fhraincis agus an Laidin
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileRenate Ramge (1962–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinumbertoeco.it Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0248767 Allocine: 76428 Allmovie: p292685
Last fm: Umberto+Eco Musicbrainz: b7050d34-937c-4aa4-9291-66ed4d9c0f0e Discogs: 518283 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus scoláire ab ea Umberto Eco, a rugadh i mbaile beag darbh ainm Alessandria i bPiemonte na hIodáile ar an 5 Eanáir 1932 agus a d'éag ar 19 Feabhra 2016 i Milan. Le linn an Dara Cogadh Domhanda thug a mháthair go sráidbhaile sna sléibhte é le héalú ón chogaíocht. Theastaigh óna athair, cuntasóir, go mbeadh sé ina dhlíodóir, agus cuireadh go hollscoil Torino é, ach d'éirigh sé as an dlí. Rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar litríocht na meánaoiseanna, agus ghnóthaigh sé céim dochtúra le tráchtas faoi Thomas Aquinas i 1954.

Chaith Eco tamall ag obair le stáisiún raidió/teilifíse "Radiotelevisione Italiana", agus é ina léachtóir in Ollscoil Torino ag an am céanna. Foilsíodh a chéad leabhar, Il Problema Estetico di San Tommaso, a bhí bunaithe ar a thráchtas, i 1956. B'éigean dó éirí as a chuid oibre mar eagarthóir teilifíse mar gheall ar ualach a chuid oibre mar léachtóir, ach níorbh fhada go raibh sé ina eagarthóir neamhficsin i gcomhlacht foilsitheoireachta Casa Editrice Bopani i Milano, post a bhí aige ó 1959 go 1975. Chaith sé na blianta fada ina ollamh le séimeolaíocht in Ollscoil Bhologna.

D'fhoilsigh sé an-chuid aistí faoi litríocht na meánaoiseanna, go háirithe teoiric agus cleachtadh na litríochta. Chuir sé an-bhéim ar thábhacht an léitheora don saothar scríofa.

Ach tá cáil dhomhanda Eco bunaithe ar a chuid úrscéalta, go háirithe Il Nome della Rosa (1980), (Ainm an Róis) a raibh an-ráchairt air ar fud an domhain, go háirithe nuair a rinne scannán Béarla de faoin ainm The Name of the Rose, leis an aisteoir clúiteach Seán Connery i bpáirt manaigh a bhí ag fiosrú dúnmharaithe i mainistir.

Bronnadh gradaim gan áireamh ar Eco in ollscoileanna ar fud an domhain.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Il nome della rosa, 1980
  • Il pendolo de Foucault, 1988
  • L'isola del giorno prima, 1994
  • Baudolino, 2000
  • La misteriosa fiamma della regina Loana, 2004 ("Lasair rúndiamhair na banríona Loana")
  • Il cimitero di Praga, 2010 ("Reilig Phrág")
  • Numero zero, (2015 "Uimhir náid")

Neamhfhicsean roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Il problema estetico in San Tommaso, 1956
  • Opera Aperta, 1962
  • Diario minimo, 1963
  • Apocalittici e integrati, 1964
  • Sviluppo dell'estetica medievale, 1985

Nascanna seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]